An 40 is Fearr
Na nua-amhráin Ghaeilge is fearr riamh

Tá an liosta de na hamhráin nuachumtha / comhaimseartha is fearr i nGaeilge á chur le chéile ag RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi láthair.

Tá na moltaí ag carnadh leo i gcónaí ach tá bhur gcuidiú fós de dhíth chun Top 40 na nGael iomlán deifnídeach a chruthú.

Mar sin aon amhrán a cheapann tú gur chóir bheith san áireamh ó cuireadh RnaG ar bun ag tús na 1970í, seol isteach é chuig ronan@rte.ie agus beidh ról agat sa phróiseas stairiúil seo!