An bhfuil an seinnteoir ceoil briste?

An uair dheireanach d’Ian Parton albam a chur os ár gcomhair (Rolling Blackouts, 2010) bhí an samplóir caite uaidh mar phríomh-uirlis chumadóireachta, agus compántas de sheisear ceoltóirí faoina stiúir aige.

Ach ar nós an té a dhíol a ghiotár chun caschlár a cheannach ar ‘Losing My Edge’ LCD Soundsystem, ar The Scene Between cloistear Parton ag filleadh ar a shean-mhodh oibre (tochailt i siopaí ceirníní, laethanta fada leis féin sa stiúideo) a bhí mar bhunús leis an rabharta ionoirfine ar albam début The Go! Team, Thunder Lightning Strike (2004).

Le cinntiú nach aon Thunder Lighning Strike #2  a bheadh in The Scene Between, chuir Parton dualgas air féin cloí le ceithre riail agus é i mbun léirithe:

(1) go mbeadh séis láidir mar bhunús le gach amhrán,

(2) nach mbeadh samplaí mar bhunús le hamhráin, ach feidhm thacaíochta a bhaint astu mar a bhainfeá as gléas ceoil,

(3) go mbeadh éagsúlacht ag baint leis an stíl léiriúcháin laistigh dos na poirt féin, amhail is go raibh diail an raidió á casadh,

(4) nach mbeadh aon amhránaí a raibh trácht cloiste cheana ag Parton orthu páirteach san albam.

Níl Parton tar éis céim a chur amú – seo albam d’amhráin bhreátha indie-pop pléascánta gan locht.

Ar éisteacht le ‘Reason Left To Destroy’ agus ‘Her Last Wave’ cloisfear spiorad an cheoil northern soul ag suirí le glór draíochtúil My Bloody Valentine.

Ní fios cár aimsigh Parton amhránaithe an albaim (ní ainmnítear iad fiú sa phreaseisiúint) ach táid ábalta, feiliúnach d’amhráin Pharton i ngach cás.

Fiú gan tionchar an cheoil luath hip hop, ná giotáir fhorloiscneacha Sonic Youth, le clos chomh láidir ar léirithe Parton is a bhí uair amháin, éiríonn léis gliadar Thunder Lighning Strike a aimsiú in athuair babhtaí, ar an ‘The Art of Getting By’ meidhréiseach agus ‘The Scene Between’ go háirithe.

“An bhfuil an seinnteoir ceoil briste, nó rud éigin?”, a d’fhiafraigh máthair an scríbhneora seo dó agus cóip nua-cheannaithe de Loveles My Bloody Valentine á chasadh sa chistin aige siar in 1991.

Chuir a ghrá geal an cheist chéanna air ar chloisint ‘Her Last Wave’ The Go! Team di le déanaí.

Moladh níos fearr ná sin ní lorgódh Ian Parton.


SCÉALTA EILE