An bhfuil fonn ort teacht?

Tá imeachtaí sóisialta Gaeilge an-ghar do chroí NÓS agus beidh ceann iontach ar siúl Dé Domhnaigh seo i mBaile Átha Cliath.

Is club oíche rialta é Club Fonn a tosaíodh anuraidh agus a raibh ceithre ócáid den scoth acu san ardchathair go dtí seo.

Tá siad tar éis clár speisialta a chur le chéile le haghaidh Fhéile Pádraig agus ceoltóirí ardchaighdeáin bailithe acu ar aon ardán amháin.

An fuirseoir ildánach de chuid na Gaillimhe Aindrias de Staic (thuas) atá ar bharr an liosta mar aon le Marcus Mac Conghail a chuir draíocht ar an slua ag Cuileann Beo le déanaí.

In éineacht leo sa Workman’s Club ar Ché Wellington beidh Claire Hyland agus Aisling Ní Laoire, beirt atá le cloisteáil ar an albam ‘Amhrán do Phádraig’.

“Tá muid ag tnúth go mór le Fonn na Féile Pádraig,” arsa Cuan Ó Seireadáin, eagraí Chlub Fonn.

“De bharr na tacaíochta a fuaireamar ó fhéile oifigiúil Lá Fhéile Pádraig, ó NÓS agus ó Raidió na Life, beimid ábalta gach duine a ligint isteach saor in aisce an uair seo!

“Is cinnte go gcuirfidh sé sin leis an slua agus tá súil agam go mbainfidh gach duine sult mór as an oíche.”

Leis an siamsa iontach a bheas ar stáitse agus atmaisféar Lá Fhéile Pádraig san aer, tá muid cinnte go mbainfidh!


Beidh Club Fonn ar siúl sa Workman’s Club, BÁC, Dé Domhnaigh 15 Márta ar 8.30in. Is imeacht saor is aisce é.

SCÉALTA EILE