An bhfuil gearrliosta Ghradaim NÓS feicthe agat?

Kneecap, Síomha, Aeons, Seo Linn, Thatchers of the Acropolis, Kíla, Ushmush, Féile na Gealaí… sin díreach cuid de na hainmneacha atá ar an ngearrliosta do Ghradaim NÓS 2019, a fógraíodh aréir.

Don cheathrú bliain as a chéile tá gradaim á reáchtáil ag an iris seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí ceoil na bliana agus chun slua mór Gael a thabhairt le chéile in ionad milis i lár Bhaile Átha Cliath le sult mór maith a bhaint as na forbairtí is déanaí i saol an nuacheoil Gaeilge.

Fuarthas líon ard iontrálacha arís i mbliana, go háirithe don rannóg ‘Amhrán na Bliana’, agus bhí ar an bhfoireann moltóirí – ar bhfuil an léirmheastóir Ben Ó Faoláin, an ceoltóir Cian Mac Cárthaigh agus an craoltóir Sinéad Ní Uallacháin, i measc daoine eile – neart cinntí deacra a dhéanamh chun teacht ar an ngearrliosta deiridh.

Gearrliosta an-láidir an toradh ar a gcuid oibre agus gabhann NÓS buíochas le gach duine a chuir isteach ar na gradaim agus déanaimid comhghairdeas leis na ceoltóirí, bannaí, léiritheoirí agus eagraithe féilte ar fad a bheidh san iomaíocht anois sa Sugar Club, Dé hAoine 11 Eanáir 2019.

Tá an gearrliosta iomlán le léamh thíos, tá ticéidí ar fáil anseo agus táimid ag súil go mór le sibh uilig a fheiceáil ag tús na bliana úire!


Amhrán na Bliana

Amach Anocht – Kneecap
Bain an Glas – Seo Linn
Ceol Baile – Thatchers of the Acropolis
Craobhacha – Síomha
Cúramaí an tSaoil – Aeons, le The Rubberbandits
Géill Slí – Bruadar
GMT – Woodheart
Incognito – Kneecap
Mise agus Tusa – Tadhg Ó Grífín, le Geal
Neart – Oisín Mac
Raithneach – Séamus Barra Ó Suilleabháin
Saol Gan Treo – Vigilanti


Albam na Bliana (Nuacheol)

3CAG – Kneecap
An Béal Gorm – Jim Johnston
Arís – Hyper[borea]
Fís – Aeons


Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)

ALLT – Julie Fowlis / Éamon Doorley / Zoë Conway / John Mc Intyre
An Tobar Séimh – Cárthach Mac Craith
Idir Mhuir agus Sliabh – Diane Ní Chanáin
The Gap of Dreams – Altan
The High Seas – Caitlín Nic Gabhann / Ciarán Ó Maonaigh / Cathal Ó Curráin


Físeán na Bliana (Amhrán Nua nó Trad)

Amach Anocht – Kneecap
Bain an Glas – Seo Linn
Grá Mór – Ushmush
Neart – Oisín Mac
Port Geal – Thatchers of the Acropolis – Port Geal
Raithneach – Séamus Barra Ó Suilleabháin
Saol Gan Treo – Vigilanti
Spéir Rua an Iúil – Síomha
Súile Gorma – Jennifer Yorke
Tá na Baggies ar an Talamh – Kneecap


Ealaín Albaim na Bliana

3CAG – Kneecap
ALLT – Julie Fowlis / Éamon Doorley / Zoë Conway / John Mc Intyre
Ceol Baile – Thatchers of The Acropolis
Fís – Aeons
The High Seas – Caitlín Nic Gabhann / Ciarán Ó Maonaigh / Cathal Ó Curráin


Nuíosach na Bliana

Dris-Óg
Grooveline
Jahk
Róisín Seoighe
Sibéal Ní Chasaide
Tadhg Ó Grífin
Ushmush
Vigilanti
Woodheart


Banna / Ceoltóir na Bliana

Aeons
Árchú
Bruadar
Emma Ní Fhíoruisce
IMLÉ
Kíla
Kneecap
Oisín Mac
Síomha
Thatchers of the Acropolis


Féile na Bliana

An Chollchoill, Electric Picnic
An Puball Gaeilge, Electric Picnic
Féile na Gealaí
Féile Raifteirí
Féile Swell
Liú Lúnasa
Pagan Rave, Féile na Bealtaine
Oireachtas na Samhna

SCÉALTA EILE