‘An bhfuil tú ann, a anam?’ – amhrán nua eisithe ag Deoraí

Ceistiú ar luachanna saoil an duine a bhfuil gach atá ag teastáil uaidh aige atá in amhrán úr ‘An bhfuil tú ann, a Anam?’ le Deoraí a eisíodh le deireanas.

“Is ag ceistiú na luachanna atá ag daoine ar an saol, ar ‘cad is ciall le ‘rath’ a bheith ar dhuine?’ ar ‘cad is ciall le háthas’ sa chathair mar shampla. Agus má fhéachann tú ar scéal an amhráin, is amhrán é faoi dhear a bhfuil gach rud aige. Tá jab iontach aige, agus tá an saol go maith aige dar le go leor daoine, ach ag an am céanna, bíonn saghas ‘cliseadh néaróige’ aige. Sin an rud, go mbíonn fadhbanna istigh ann cé go bhfuil gach rud ina shaol,” a dúirt Deoraí le NÓS.

Tionscadal ealaíne ó Bhaile Átha Cliath is ea é Deoraí, a chuireann an ceol agus an físeán le chéile ar bhealach a chuireann béim ar a bheith ar an imeall, a bheith “ar deoraí” ón ghnáthrud agus solas a chaitheamh ar an taobh sin den saol ina chuid saothar. Dúirt Deoraí gur bunaíodh an tionscadal le “ealaín a chruthú i nGaeilge”. 

“An saghas ealaíne a dhéanaimse ná ealaín fhrithchultúrtha – ta muid ag iarraidh a bheith ar an imeall, ag iarraidh rud éigin a dhéanamh nach bhfuil mainstream. Ar bhealach, tá sé an meán ceangailte leis an gcoincheap féin – tá an ealaín i nGaeilge agus tá an Ghaeilge ar an imeall freisin,” a dúirt sé.

Dar le Deoraí cé go mbíonn an iliomad ealaíontóirí agus amhrán ina n-inspioráid dá chuid ceoil féin, ba é ‘Once in a Lifetime’ leis an bhanna ceoil Talking Heads a d’imir an tionchar is mó air agus  ‘An bhfuil tú ann, a Anam?’ á scríobh aige — i ngan fhios do Dheoraí féin ag an am. 

“Is cosúil le píosa iar-nuaaoiseach, frithchultúrtha é ar bhealach. Is critic é ar an bpríomhchultúr nó ar chultúr na sochaí ina raibh siad agus ar bhealach agus táimid ag déanamh an ruda chéanna leis [an amhrán] seo. Tá tagairtí ann ach níl sé cosúil leis an amhrán ó thaobh stíle de ach gurb in an coincheap sin is dócha an áit a bhfuair mé an coincheap don phíosa,” a dúirt Deoraí agus an tionchar sin á phlé aige.

Más maith leat éisteacht le ‘An bhfuil tú ann, a anam?’, nó le saothair eile de chuid Deoraí, is féidir teacht orthu ar a leathanach Instagram ag @andeorai, ar Twitter ag @ceoldeorai, ar a suíomh idirlín ag www.deorai.com nó ar a leathanach Youtube, Deoraí Official Channel. 

SCÉALTA EILE