Seolfar tacar amhrán álainn an Aoine seo, 18 Márta, a dhéanann ceiliúradh ar dhánta Sheáin Uí Ríordáin, duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann.
Agus 100 bliain caite i mbliana ónar saolaíodh an Ríordánach, tá beocht úr á cur ina shaothar.
Bláthú ar thogra ceoil dhá bhliain atá san EP nua ‘An Bóthar’, a thiomnaigh ag giotáraí Mark Ó Loinsigh as BÁC.
Tá ceol binn nuachumtha curtha le cúig dhán, ina measc ‘Absentia’, ‘An Bóthar’ agus ‘Daoirse’.
Tá blas Nick Drake go láidir le cloisteáil ar an bhailiúchán.
“Déanann sin ciall,” arsa Mark le NÓS, “mar gur chaith mé m’óige ag éisteacht le Nick Drake.”
“Is dócha go bhfuil meascán i gceist. Sílim go bhfuil go leor de na gormacha, ceol tíre agus sól ann chomh maith,” ar sé.
Tagann an seisear ceoltóirí atá le cloisteáil ar an EP ó chúlraí éagsúla ceoil, ó thraidisiúnta go leictreonach, agus tá an tionchar sin le brath ar An Bóthar.
Marcus Mac Conghail, Pearse McGloughlin agus an réalta snagcheoil, Ríona Salla Hartman, atá i mbun amhránaíochta ar an bhailiúchán.
Táthar a dtionlacan ag Mark ar an ghiotár, fidléir Slide Daire Bracken agus Bill Blackmore ar na huirlisí praise.
Tá sé á chasadh againn ó mhaidin in oifigí NÓS. Is breá linn é!
Tugaigí cluas le rianteideal an albaim ‘An Bóthar’.
Beidh an EP ar fail go digiteach ón Aoine 18 Márta ar bandcamp, ar iTunes agus Spotify.
Focail ‘An Bóthar’
Do chaitheas an oíche
Ag éisteacht le bóthar,
Ag éisteacht le daoine
Ag síorbhualadh bóthair,
Ar théid is ea bhíodar,
Téad fhada an bhóthair.
Ar théid is ea bhíodar,
Téad fhada an bhóthair.
Más daoine mar mise
Bhí thíos ar an mbóthar
Is trua liom a bhfilleadh
Abhaile ón mbóthar,
An tinteán gan tine
Is a n-aigne rompu.
An tinteán gan tine
Is a n-aigne rompu.
Tá smaointe ag taisteal
Ar bhrollach an bhóthair,
Tá daoine ag baile
Is smaointe ar an mbóthar,
Glac smaointe a cailleadh
As intinn gan phóca.
Glac smaointe a cailleadh
As intinn gan phóca.