‘An Cailín Álainn’ ag ceolchoirm Michael Bublé i mBéal Feirste

Tá físeán á scaipeadh ina loscadh sléibhe ar na meáin shóisialta cainteoir óg Gaeilge a chan an t-amhrán Gaeilge ‘An Cailín Álainn’ ag ceolchoirm de chuid an amhránaí mhóir Cheanadaigh Michael Bublé a bhí ag casadh i  mBéal Feirste aréir. 

Tháinig an Buiblíoch anuas ón ardán le labhairt lena lucht éisteachta ag an gceolchoirm sa Belfast Arena agus chuaigh sé i mbun cainte le Síomha Nic Brádaigh. Labhair an bheirt le chéile agus ansin thug Michael an micreafón agus thug cuireadh di amhrán dá rogha féin a chanadh. 

“Níl a fhios agam caidé a dhéanfaidh tú, níl a fhios ag duine ar bith caidé a dhéanfaidh tú — an bhfuil a fhios agatsa caidé a dhéanfaidh tú?” a d’fhiafraigh sé di. 

Dúirt Bublé le Síomha an micreafón a thógáil agus “canadh óna croí”. 

Ba é an t-amhrán a chan sí ‘An Cailín Álainn’, amhrán a scríobh Tomás Mac Eoin as an gCeathrú Rua i gConamara.

Thuill a hiarracht moladh mór ó Michael Bublé:

“That was beautiful kid!”

Is cainteoir óg Gaeilge as Béal Feirste í Síomha Ní Bhrádaigh. Tá sí féin agus a muintir an-ghníomhach i bpobal na Gaeilge sa gceantar agus go háirithe sa Dream Dearg. 

SCÉALTA EILE