An ceoltóir aitheanta Séamus Ó Beaglaoich ar shlí na fírinne

Tá an ceoltóir aitheanta as Corca Dhuibhne Séamus Ó Beaglaoich ar shlí na fírinne. Bhásaigh sé ina theach cónaithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne inniu agus é 73 bliain d’aois. Bhí Séamus Ó Beaglaoich ar dhuine de na ceoltóirí traidisiúnta is mó cáil sa tír agus bhí meas ar a chuid ceoil i gcóngar agus i gcéin. Ba mhó a cháil mar amhránaí agus mar sheinnteoir cairdín, cé go gcasadh sé uirlisí eile chomh maith.

Thosaigh sé ag casadh ceol os cionn caoga bliain ó shin agus é ina dhéagóir i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus chuir sé a chéad albam amach – An Ciarraíoch Mallaithe – lena dheirfiúr Máire ag tús na 1970idí. Is iomaí albam a d’eisigh sé sa leathchéad bliain atá imithe tharainn ó shin agus ba mhinic é le feiceáil ar ardáin ar fud na tíre agus ar fud an domhain mhóir.

Teaghlach mór ceoil is ea is muintir Bheaglaoich as Baile na bPoc i gCorca Dhuibhne agus tá cáil mhór ar dheartháireacha agus deirfiúracha Shéamuis chomh maith lena chlann féin agus sliocht a mhuintire as an bhféith cheoil agus sna cuislí acu.

Rugadh Séamus i mí Mheán Fómhair 1949 agus d’fhás sé aníos i nGaeltacht Chiarraí. Thug sé tamall dá shaol ag obair in Chicago ach d’fhill sé ar an bhfód dúchais agus bhí ina fheirmeoir anseo.

Maireann a bhean agus a chlann.

SCÉALTA EILE