Is iomaí nasc idir Éire agus an Pholainn, go háirithe ó tháinig an Pholainn isteach san Aontas Eorpach in 2004, agus anois is féidir linn amhrán Gaeilge-Polainnise a chur leis an liosta.
Is í an t-amhránaí Emma Langford as Luimneach agus Anna Banko-Szumacher ón Pholainn a chruthaigh an traic nua álainn, atá bunaithe ar dhán de chuid an fhile Maria Pawlikowska-Jasnorzewska.
‘I, Woman / Ja, kobieta’ is teideal don amhrán a cumadh in ómós don phíosa filíochta ‘Rodzina czarownicy’ (Muintir na Caillí) agus a léiríodh mar chuid d’Fhéile Ealaíon na Polainne a bhí ar siúl i gCathair Luimnigh le déanaí.
Bhí sé de sprioc ag an bheirt bhan léargas a thabhairt ar fhilíocht Pawlikowska-Jasnorzewska, saothar ar leith atá dírithe ar an dúlra, ar an spioradáltacht, ar an ghrá agus ar an naofacht bhaineann.
Cé go bhfuil cúlraí difriúla ag an dís amhránaithe, tá creideamh láidir i neart agus i gcumhacht na mban i gcoiteann acu agus bhí siad ag iarraidh sin a léiriú sa phíosa ceoil.
Is i nGaeilge agus i bPolainnis atá mórchuid an amhráin, le líne amháin Bhéarla sa churfá, agus tagann na teangacha le chéile go draíochta sa toradh deiridh.
“Onóir iontach a bhí ann dom cuireadh a fháil a bheith páirteach i bhFéile Ealaíon na Polainne,” arsa Emma.
“D’fhoghlaim mé go bhfuil go leor i bpáirt ag Éirinn agus ag an bPolainn ó thaobh cultúir agus miotaseolaíochta de. Tá sé deacair filíocht a aistriú agus bhí mé féin ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid chuige sin mar is leis an gCailleach a bhaineann an dán.
“Mhothaigh mé go mbeadh sé níos fíréanta inár dteanga dhúchais féin.
“Níl a fhios agam an bhfuil amhrán eile ann a thugann an Pholainnis agus an Ghaeilge le chéile mar seo, mar sin de is obair spreagúil a bhí ann an píosa nua seo a fhorbairt agus a roinnt.”
Is é Ben Wanders a rinne an t-amhrán a thaifeadadh, a mheascadh agus a léiriú ag Wanderland Recording Studios, Luimneach.
Beidh go leor ag súil leis anois go gcluinfear tuilleadh comhoibrithe den chineál seo idir an dá chultúr sa todhchaí.