Thug an ceoltóir aitheanta Dónal Lunny chun cuimhne an lá a chan Kate Bush amhrán i nGaeilge agus é faoi agallamh ar maidin ag Ryan Tubridy.
‘Mná na hÉireann’, an dán a scríobh an file Peadar Ó Doirnín agus a chuir an cumadóir Seán Ó Riada le ceol, an t-amhrán a chan Kate Bush i dteanga a sinsear ar an albam The Common Ground: Voices of Modern Irish Music in 1996.
Bhí Dónal ag labhairt faoin obair a rinne sé féin ar an albam sin in agallamh a rinne sé le Ryan Tubridy ar RTÉ Radio One ar maidin.
“Ba iad Hemisphere Records a choimisiúnaigh an t-albam agus thug siad cead mo chinn dom mo rogha ceoltóirí a lorg dó. Phléamar é agus bhíomar uaillmhianach agus fuaireamar liosta iontach ceoltóirí le páirt a ghlacadh ann.
“Ba í Kate féin a roghnaigh an t-amhrán, rud a bhí iontach, mar gheall ar a ceangal le hÉirinn, is dóigh liom. Ba mhór an dúshlán di é, duine nach bhfuil Gaeilge aici, mar bhí uirthi fuaimeanna na bhfocal a fhoghlaim, agus chuir sí go leor oibre isteach chuige sin. Bhíomar ag seoladh fogharscríbhinní chuici ar fhacs, agus labhraíomar ar an bhfón. Chuamar siar agus aniar faoin bhfoghraíocht agus ar deireadh thug sí léi fuaimeanna na Gaeilge,” a dúirt Dónal.
I measc na gceoltóirí eile a bhí ar an albam bhí leithéidí Mháire Ní Bhraonáin, as Gaeltacht Thír Chonaill, Liam Ó Maonlaí, Christy Moore, Sinéad O’Connor, Sharon Shannon, agus Bono agus Adam Clayton ó U2.
Rinne Kate Bush taifead ar ‘Mná na hÉireann’ i Stiúideo a hAon in RTÉ, agus rinne a foireann féin ataifeadadh air i Sasana ina dhiaidh sin sular eisíodh ar an albam é.
Is de shliocht na nGael í Kate Bush — nó ‘Cáit Bhúiséir’ más fearr leat é — mar a míníodh san alt seo ar NÓS a foilsíodh ar a 60ú breithlá in 2018. Ba é a seanuncail, Pádraig Ó Dálaigh, cainteoir dúchais Gaeilge as Port Láirge, a bhí ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge nuair a bhí Dubhghlas de hÍde ina uachtarán ar an eagraíocht.
Ba é seanuncail Kate Bush a léigh an litir inar leag an Craoibhín Aoibhinn cúiseanna a imeachta ó uachtaránacht Chonradh na Gaeilge amach os comhair Ard-Fheis an Chonartha i Halla na Maor gCoill i nDún Dealgan ar an 29 Iúil 1915.
Tá ráite ag Kate Bush go bhfuil sí “an-bhródúil” as a cúlra Éireannach agus gur theastaigh uaithi “a fuil Éireannach” a léiriú go soiléir. Labhair sí le Gay Byrne ar The Late Late Show in 1978 faoina máthair agus an nasc atá aici leis an tír seo.
Sa mbliain 2014, chuir an file agus an t-aistritheoir aitheanta Gabriel Rosenstock Gaeilge ar amhráin Kate Bush don fhéile ealaíon IMRAM, a céad amhrán ‘Wuthering Heights’ ina measc.