Tá bua speisialta ag ceol an amhránaí Shasanaigh Ed Sheeran – cuireann sé fonn codlata ar dhaoine.
Sin an tátal atá le baint as fianaise de chuid Spotify a léiríonn go bhfuil níos mó amhrán ag an fhear rua ar sheinnliostaí a bhfuil an lipéad ‘codladh’ orthu ná ag aon bhanna nó ceoltóir eile ar an tseirbhís.
As na 20 ‘amhrán codlata’ is mó a sruthaíodh go domhanda ar an tseirbhís cheoil le linn 2014, ba le Sheeran seacht gcinn acu.
Go deimhin tá a amhrán ‘Thinking Out Loud’ le feiceáil ar 2.8 milliún seinnliosta codlata, rud a chuidigh, is cinnte, lena albam X bheith ar an bhailiúchán is mó éisteacht ar Spotify anuraidh.
Ní chuirfidh sé isteach ar Sheeran ar ndóigh gur mian le daoine néal a fháil agus iad ag éisteacht lena chuid ceoil.
Saothraíonn an t-amhránaí airgead le gach sruth ar Spotify agus ní beag an méid atá déanta aige ó cuireadh a amhráin ar fáil ar an tseirbhís in 2009.
“Síleann go leor daoine go bhfuil mé leadránach,” arsa Sheeran le NME.
“Sílim féin go bhfuil daoine eile leadránach.
“Tá sé sin go breá agus is gnáthrud é. Ní miste liom i ndáiríre.”
Cad a cheapann sibh féin, an gcuireann ceol Ed fonn codlata oraibh?