Tá Frank McEvilly ar shlí na fírinne. Is beag duine de phobal na Gaeilge taobh amuigh dá cheantar dúchais, Conamara, a d’aithneodh as a ainm an teicneoir fuaime ach bhí sé ar dhuine de na daoine is tábhachtaí sa réabhlóid cheoil a tharla i gColáiste Lurgan le cúig bliana déag anuas, mar a dtugtaí ‘Frainc na Fuaime’ air.
Bhí Frank ar dhuine de na daoine ba ghníomhaí i gColáiste Lurgan agus an coláiste samhraidh i mbarr a réime mar theach ceoil Gaeilge agus é i gceannas ar an mbainistíocht fuaime le linn na dtaifeadtaí móra a dhéantaí sa choláiste.
Chuaigh bealach lách cineálta Frank i gcion ar na hamhránaithe agus an ceoltóirí óga a tháinig trí Choláiste Lurgan i gcaitheamh na mblianta agus bhí aithne mhaith shúl ag na scoláirí eile ar an teicneoir ard fuaime a bhíodh ar na cnaipí agus na hamhráin mhóra á dtaifeadadh.
Chaith Frank a óige in Uachtar Ard ach bhí cónaí air ar an Spidéal i gCois Fharraige le blianta fada lena bhean agus a chlann. Bhásaigh sé go tobann in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe Dé Máirt an 2 Márta. Maireann a bhean Sinéad, a chlann Cadhla agus Rory, a mháthair Mary, a dheartháireacha Christopher, Declan, agus Liam agus gaolta eile leis.
Ba é Frank a bhí i bhfeighil na fuaime i gColáiste Lurgan nuair a tháinig an banna aitheanta ceoil Seo Linn chun cinn in 2010. Tá ómós tugtha ag baill agus iarbhaill an banna ceoil sin don “fhear a mhúnlaigh ceol TG Lurgan” ar na meáin shóisialta.
“Ní chreidim go bhfuil mé á scríobh seo faoi fhear a bhí chomh hóg seo agus chomh lán fuinnimh agus brí. Fear ardchumasach agus cineálta a bhí in Frank, mhúin sé an oiread sin dom faoi léiriú ceoil agus faoin innealtóireacht fuaime agus beidh mé faoina chomaoin go deo. Bhí sé ag croí gach uile thogra agus físeán le TG Lurgan riamh le breis agus 14 bliana.
“Ba é Frank a thaifead glórtha beo na scórtha mílte gasúr. Ba iontach an chaoi ar shocraigh sé na taifeadtaí móra fuaime inar ghlac na céadta gasúr páirt, agus ba mhór an inspioráid an creideamh agus an paisean a shil as,” a dúirt Keith Ó Briain, giotáraí agus amhránaí le Seo Linn.