An gríosóirí sceimhle iad Kneecap? Ní cheapaim é

Le níos mó ná seachtain anuas tá cleas samhnasach á imirt ag rialtas na Ríochta Aontaithe, ag rialtas na hÉireann agus ag na mórmheáin idirnáisiúnta. Is dóigh go bhfuil feicthe agat go bhfuil an tríréad rapcheoil Kneecap go mór i mbéal an phobail agus i mbéal mhuintir na haicme polaitiúla le beagnach coicís anois. Cé nach bhfanann an banna glan ar an chonspóid ar aon nós, is cosúil gur seo an raic is mó plé atá tógtha acu maidir lena ndearcthaí polaitiúla. Agus sin go díreach an fhadhb: is ar an rud iomlán mícheart atá an plé dírithe.

Is féile mhór cheoil é Coachella a thiteann amach thar dhá dheireadh seachtaine i mí Aibreáin in Indio, California. I mbliana, bhí seit ag Kneecap ann ar an 11 Aibreán agus an 18 Aibreán. I ndiaidh an chéad seit, luadh ar líne gur gearradh míreanna den léiriú ón tsruthú bheo a bhí á chraoladh ag Coachella. An mhír atá i gceist: an grúpa agus an slua atá i láthair ag canadh ‘Maggie’s in a box’, ag déanamh tagairt do Margaret Thatcher.

Rinne Kneecap a ngearán féin faoi seo ar líne, luaigh siad gur gearradh an teachtaireacht pholaitiúil maidir leis an Phalaistín a theilg siad ar an scáileán fosta, agus gheall go socródh siad sin don chéad seit eile. Don dara seit ar an 18 Aibreán, rinne an triúr cinnte de go raibh an teachtaireacht, “Israel is committing genocide against the Palestinian people. It is being enabled by the US government who arm and fund Israel despite their war crimes. Fuck Israel. Free Palestine”, le feiceáil go soiléir ar an ardán agus ar an tsruthú bheo.

Isteach le Sharon Osbourne. Tar éis chraoladh na teachtaireachta, chuir an bainisteoir ceoil Sasanach ráiteas amach a cháin agus a lochtaigh na fir, ag iarraidh go gcuirfí ar ceal a víosaí oibre sna Stáit Aontaithe. Ó shin, ní raibh stop leis an phlé sna meáin chumarsáide ná ar na meáin shóisialta. Tarraingíodh seanfhíseáin aníos ó ghigeanna a tharla dhá bhliain, trí bliana ó shin ina scairteann ball den bhanna “Up Hamas. Up Hezbollah” chomh maith le “The only good Tory is a dead Tory. Kill your local MP” i gceann eile. Anois tá an triúr faoi imscrúdú ag na póilíní frith-sceimhlitheoireachta sa Ríocht Aontaithe.

Tá ráite ag bainisteoir an ghrúpa Daniel Lambert go bhfuil feachtas clúmhillte in aghaidh an ghrúpa ar bun ó tarraingíodh aird ar a dteachtaireacht. In agallamh le Miriam O’Callaghan ar RTÉ, mhínigh sé gur modh cur isteach atá ann chun aird a tharraingt ón chinedhíothú atá á dhéanamh ag Iosrael sa Phalaistín. D’eisigh an grúpa ráiteas ar a gcuntais meán sóisialta a shéan go dtacaíonn siad le ceachtar den dá ghrúpa thuasluaite, agus a ghabh a leithscéal le teaghlaigh ar maraíodh muintir leo a bhí ina bhfeisirí parlaiminte.

Ní seo an chéad uair a ghnóthaigh grúpa hip hop ‘droch’-chlú den chinéal seo. In 1988, eisíodh albam début an ghrúpa N.W.A, Straight Outta Compton. Ar an traicliosta bhí an t-amhrán ‘Fuck tha Police’, amhrán agóidíochta a phléigh brúidiúlacht na bpóilíní i leith daoine gorma i Meiriceá. Scríobh an FBI litir chuig an lipéad ceoil inar mhaígh siad go spreagfadh an t-amhrán foréigean agus sceimhlitheoireacht i gcoinne póilíní.

Glac Sinéad O’Connor mar shampla eile. Nuair a stróic sí an grianghraf den Phápa Eoin Pól II agus í ag canadh ‘War’ ar SNL, ba mhó an chonspóid faoin ghníomh sin ná faoi mhíláimhseáil na heaglaise Caitlicí i dtaca le líomhaintí faoi mhí-úsáid ghnéis ar pháistí san eaglais.

Agus sin go díreach an cleas. Más féidir tuilleadh airde a tharraingt ar cé chomh míshásúil agus atá an dóigh a léirítear teachtaireacht, déanfaidh go leor daoine dearmad ar an bhunfhadhb.

Seans gur ró-radacach na rudaí a dúirt na leaids dar le roinnt mhaith daoine, ach ní dar le gach duine. I mí an Mhárta, bhain siad milliún éisteoirí amach ar Spotify agus tháinig ardú 100,000 air sin ó bhí Coachella ann.

Ní bhíonn réabhlóid glan ná gan locht riamh. Tarlaíonn rudaí uafásacha le linn coimhlinte, i rith cogaí. Ní féidir é sin a shéanadh ach is minic a dhéantar dearmad air sin i dtaobh na staire de. Bhain Páirtí Cumannach na hAfraice Theas, a raibh Nelson Mandela ina bhall de, úsáid as céasadh chun troid i gcoinne cinedheighilte sa tír ach ní minic a chluintear sin agus deireadh na cinedheighilte á cheiliúradh agus á chomóradh sa lá atá inniu ann. An é gur ar an bhealach cheart a léiríodh an radacachas sin? An é go nglactar anois leis an radacachas sin agus go n-amharctar air mar ghníomh réasúnta?

Ní sin le rá gur cheart tacú le gach uile rud a dhéanann grúpa. Is fearr i bhfad síocháin agus idirghabháil a chothú i gcónaí. Ach nuair atá duine ina luí agus cos ar a mhuineál, cé muid le rá gur ró-ionsaitheach an dorn a thugann sé ar ais? Agus nuair is minice buamaí ón spéir ná fearthainn, cé muid, inár suí i dtíortha nach bhfuil faoi smacht forghabhála, le rá gur ró-ionsaitheach an frithfhreagra, gur ró-ionsaitheach foclaí gránna? 

SCÉALTA EILE