“An lá a fuair an ceol bás”

Cothrom an lae seo 56 bliain ó shin fuair duine de laochra ceannródaíocha an cheoil rac is roll bás go tragóideach i dtimpiste eitleáin.

Bhí Buddy Holly, mar aon leis na ceoltóirí Ritchie Valens agus JP ‘The Big Bopper’ Richardson, agus an píolóta Roger Peterson, ag eitilt ó Clear Lake, Iowa, SAM, go Fargo, Dakota Thuaidh, nuair a thuairteáil siad go gairid tar éis éirí de thalamh.

Bhí na fir i lár an ‘Winter Dance Party Tour’ agus ghlac Holly an t-eitleán amach ar cíos mar gheall ar fhadhbanna teasa lena mbus turais.

Bhain an taisme stangadh ollmhór as an saol rac is roll ag an am.

Ní raibh Holly ach 22 bliain d’aois agus ní raibh ach 17 bliain slánaithe ag Valens, a bhain clú mór amach leis an chnag aitheanta ‘La Bamba’.

Cailliúint shuntasach don seánra nua spleodrach a bhí díreach ag teacht chun cinn ag deireadh na 50í ach bheadh na básanna brónacha seo mar inspioráid ag go leor ceoltóirí a bhí le teacht ina ndiaidh.

Ní amháin gur fhág Holly oidhreacht shaibhir d’amhráin mar ‘That’ll Be the Day’, ‘Oh Boy!’ agus ‘Peggy Sue’, ach spreag a bhás Don McLean le clasaic eile a chumadh 12 bliain ina dhiaidh.

Cé nach luann ‘American Pie’ ainmneacha na gceoltóirí, tá sé ráite ag McLean go ndeachaigh ceol Holly, agus an taisme, go mór i bhfeidhm air agus dá réir sin gur scríobh sé amhrán faoin “day the music died”.


Ómós cáiliúil Don McLean do na ceoltóirí a cailleadh:

SCÉALTA EILE