Éist le do rogha féin den dá albam a d’eisigh Ken Downey, Ed Handley agus Andy Turner faoin ainm The Black Dog siar sa bhliain 1993 (Temple Of Transparent Balls agus Bytes) agus cloisfidh tú ceann dos na halbaim techno is fearr a léiríodh riamh.
Ceol ina bhfuil gach gné de cheol na 20ú aoise (idir techno Detroit, dub, hip hop, snagcheol agus avant-func), agus stíleanna a théann níos faide siar (rithimí treibheacha, ceol clasaiceach agus scálaí Peirseacha), le clos measctha le chéile go neamhfhaiteach, meidhreach, samhlaíoch.
Ceol a bhfuil rian na foirfeachta air (cé gur dhiúltaigh físí an cheoil house Larry Heard ath-mheascán a dhéanamh dóibh ar an gcúis go raibh ceol The Black Dog “too weird“).
Ceol a bhí chomh mealltach sin go roghnódh an scríbhneoir seo an bus scoile “a chailliúint” mar leithscéal chun ceithre mhíle a shiúl chun na scoile le ceol The Black Dog ar na cluasáin, is cuma é ag stealladh báistí!
Tháinig deireadh le comhphairtíocht uathúil Downey, Handley agus Turner in 1996.
Bhí a gclais shaibhir féin á treabhadh ag Handley & Turner mar Plaid faoin am sin, agus cé gur lean Downey leis ag eisiúint ceoil mar The Black Dog tar éis an scartha, ba bheag don tsean-draíocht a bhí le clos ina cheol aonair.
Tar éis hiatais ag tús an chéid d’fhill Downey chugainn leis an Silenced (2005) measartha ach d’fhógair an Radio Scarecrow (2008) iontach go raibh draíocht aimsithe in athuair aige, agus an tríú hionchollú de The Black Dog saolta i bhfoirm chomhphairtíochta i dteannta Martin Dust agus Richard Dust ó cheirníní Dust Science.
Cur chuige de shaghas eile ó laethannta Bytes a bhí le clos ar Radio Scarecrow: techno íosta, diostóipeach lán doird a dhéanann neamhaird dos na teorainneacha idir dubcheol, techno agus ceol timpeallach (aimbiach).
Tá Neither/Neither ar an 8ú albam ón bpairtnéireacht úd.
Agus The Black Dog #3 fós ag roghnú a gcuid fuaimeanna ón bpailléad sonach réasúnta teoranta a bhí le clos ar Scarecrow Radio, d’admhódh fiú an t-éisteoir is dílse dá gcuid go bhfuil blas ábhairín traochta ar Neither/Neither ó thaobh stíle de.
Ní droch-albam é, ach ceann, b’fhéidir, atá ag éileamh an iomarca foighne ort.
Tá ceithre rian den gceol comhthimpeallach neamhriachtanach romhat sara dtagann mall-techno aoibhinn sceirdiúil agus sreanganna milis-searbha ‘Them (Everyone Is A Liar But)’ do threo.
Tá sásamh le baint as saobhadh fuaime, sligí briosca leictreonach agus dathanna ceoil ‘Vangelis Shut Eye’ ach beidh a thuilleadh rianta modartha gan buillí romhat sula gcastar tréan-techno stóinsithe ‘Self Organising Sealed Systems’ agus dord-techno lonrach an tsingil ‘Platform Lvl 6’ ort.
Ní leor iad mar chúiteamh.
B’iontach grástúil mar a shleamhnaigh rianta Scarecrow Radio go nádúrtha isteach ina chéile, ach tá Neither/Neither i bhfad níos díchuingí mar albam.
Muna bhfuil ceol iontach The Black Dog, ina chrutanna éagsúla, cloiste fós agat ní mór é sin a chur ina cheart, ach ná bíodh Neither/Neither mar do thúsphointe agat.