Inniu tosaíonn Electric Picnic 2017 agus don 10ú bliain as a chéile beidh láithreacht láidir ag pobal na Gaeilge i lár na féile. Anseo thíos tá scéal ón chartlann (a foilsíodh ar dtús i Meán Fómhair 2010) a léiríonn an tábhacht a bhaineann leis an bPuball Gaeilge agus an dul chun cinn atá déanta aige ó shin.
Thuirling breis agus 30,000 ragairneálaí – 1,000 a rothaigh ó Staid Thamhlachta do Ospidéal na Leanaí, Sráid Temple san áireamh – ar An Sráidbhaile i gContae Laoise ar 3 Méan Fomhair i gcomhair an seachtú féile eicléictiúil ceoil agus ealaíon, ‘Electric Picnic’.
Ag iompar málaí troma líonta le coiscíní, uachtar gréine (bhuel, caithfidh tú bheith dóchasach), agus slabaí beorach, bhí an sula ar aon intinn amháin maidin De hAoine; a bpubaill a chur in airde chomh gasta agus is féidir agus tús a chur leis an trí lá is spreagúla i bhféilire ceoil na hÉireann.
Le príomh-thaibheoirí ar nós Roxy Music, Hot Chip, Massive Attack, Imelda May, LCD Soundsystem agus Leftfield ar na stáitsí móra le linn an deireadh seachtaine, is beag an t-iontas go ndéanann Rolling Stone cur síos ar an bPicnic mar cheann de na féilte raic is fearr ar domhain.
Ach cé go dtéann cuid mhaith den bhéim (agus an €240 táille chumhdaigh ar ndóigh) i dtreo na bpríomh-réaltaí seo, bíonn i bhfad níos mó ná ceol amháin i gcéist leis an bPicnic i gcónaí. Agus ní raibh athrú ar bith ar an scéal i mbliana.
Bhí bia beadaí ar fáil i ngach áit (lámha suas má thriail tú an burgar ostraise), taispeántais cheardaíochta agus ealaíon, geamaireacht, damhsa, biongó, agus fiú sorcas ann.
Bhí suathaireacht, Reiki agus córacha iomlánaíocha eile ar fáil sa zón chill out, Body and Soul, chun do phóit a mhaolú agus áit álainn súgartha le haghaidh páistí agus a dtuistí cróga.
San airéine MindField bhí díospóireachaí idir trom agus éadrom (ceist an Mheánoirthir le George Galloway ar an Satharn, brunch le Ryan Tubridy ar an Domhnach), filíocht, drámaíocht, rap agus greann.
Agus an áit inár féidir blas a fháil orthu seo uilig trí mhean ár dteanga féin ná An Puball Gaeilge.
Is é seo an tríú bliain don Phuball Gaeilge bheith ag Electric Picnic, agus is cosúil, agus é lán ó chúl go doras go tráthrialta ar feadh an deireadh seachtaine, go bhfuil sé ag dul ó neart go neart i gcónaí.
Bhí Rossa Ó Snodaigh ón ngrúpa Kíla ar ais arís i mbliana mar stiúrthóir ardochtáin an Phubaill, agus rinne sé iarracht shuntasach na himeachtaí ilghnéitheacha a chur i láthair le fuinneamh agus greann.
Thosaigh an t-aicsean sa phuball ag 5in ar an Aoine le craoladh beo ón bPicnic le Raidió na Lífe. Ina dhiadh sin, bhí seó drumaí agus rince na hAfraice agus sheinn an banna The Dirty 9s, agus an t-amhránaí Bhleá Cliathach, Fiach.
Tar éis an ghig, bhí Fiach ag tnúth leis an chéad Phicnic eile cheana féin.
“Má chuirfear cuireadh orm, bheinn iontach sásta casadh anseo arís go dearfa,” a luaigh sé liom.
“Is aoibhnn liom Electric Picnic agus tá sé i gcónaí thar barr sa Phuball Gaeilge”.
Bhí an fhéile faoi lán seoil Dé Satharn nuair a shroich mé féin an phríomhairéine, ag slogadh siar mo bhricfeasta fhéiltiúil- canna Bavaria – agus ag cuartú clár ama, rud a chuir an méid céanna iontais agus feirge orm mar go raibh siad ag iarraidh €12 breise le haghaidh sceideal na féile, ach sin scéal eile.
Bhí lá gnóthach ag lucht an Phubaill Ghaeilge le ceardlann sorcais le Deartháireacha Fanzani, craoladh beo eile ar Raidió na Lífe agus Iomrascáil Sumo le Fíbín.
Ansin, bhain an sula taithneamh as gigs iontach bríomhara ó Mo Hat Mo Gheansaí, beirt deartháireacha as Contae Chill Mhantáin, agus Henrietta Game, atá tar éis ainm a chruthú dóibh féin le tamall anuas lena n-amháin Bhéarla agus Ghaeilge.
Dúirt Christy Leech ó Henrietta Game liom go raibh sé an-sásta leis an ghig agus gur thaitin an Puball Gaeilge go mór leis.
“Bhí an slua an-mhaith agus bhí an-atmaisféar go deo ann i gcónaí,” a dúirt sé.
“Is fógra iontach é an Puball don Ghaeilge mar theanga bheo.”
Um thrathnóna bhí an Cabaret Craiceáilte le Rónán ‘Beo @ 3in’ Mac Aodha Bhuí ar cuairt ann, geabaireacht an-ghreannmhar le MC Muipéad agus Bubba Shakespeare agus seó nua ó Mhanchán Magan ag plé cúrsaí Gaeilge le rince agus taifeadtaí.
Bhuaigh Manchán duais Irish Times cheana, ach ní dóigh liom go mbronnfar aon duais air don saothar is déanaí seo.
Níor chuir sé sin isteach ar an bhfear, áfach.
“An rud gur brea liom faoin áit seo, ná go dtugann sé deis do dhaoine rúdaí nua a thriail,” a mhínigh sé liom. “Theip ar fhórmhór an ruda a chuir mise i láthair inniu, ach b’fhiú é a thriail. Tá cúpla ceacht maith ann.”
Dé Domhnaigh bhí filíocht le Louis de Paor agus uile, dráma saoithiúil ó aisteoirí Bulfin, ceol clasaiceach agus taispeántais rince sean-nóis ó bhuaiteoir Glas Vegas, Sibéal Davitt.
“Bhí sé dóchreidthe!” arsa sí tar éis a céilí impromptu sa Phuball.
“Bhí sé pacáilte agus ní dóigh liom go raibh éinne fághta ina shuí ag an deireadh!”
Le linn na féile chualas cainteoirí líofa ag comhrá le ceile, daoine nach raibh mórán Gaeilge acu ag baint triail as an teanga agus daoine nach raibh focal ar bith acu ag baint suilt as an gceol agus na léirithe eile i suíomh dearfach, spraíúil agus beoga.
Níl aon amhras ach go dtogann an Puball “an crowbar amach as tóin na teanga” mar a dúirt bean amháin liom ar an Satharn!
Thosaigh sé ag cur de dhíon is de dheora tráthnóna Dé Domhnaigh ar an drochuair, ach ní raibh an bháisteach ná an láib in ann soirbhíochas Tomas Doodue, 76, an duine ba shine (agus ba mheidhrí) ar bhuail mé leis sa Phuball a mhaolú.
“Tagaim anseo chuile bhliain le haghaidh an craic agus na mban” arsa sé liom.
Agus an mbeidh sé ag campáil ag an bhféile? a d’fhiafraigh mé de.
“Tá súil agam go mbeidh!” a d’fhreagair sé le caochadh ollmhór súl…