Fabric Live 91: Special Request
Cad é seo, go díreach?
Tá cáil ar Paul Woolford as an bport sárshnoite techno ‘Erotic Discourse’ a eisíodh siar in 2006, ach le tamall beag de bhlianta tá scoth an dordcheoil leictreonaigh – idir electro agus cheol druma & doird – á léiriú ag Woolford faoin ainm cleite Special Request.
Dílis do phailéad sonach an togra úd, gluaiseann an dj-mheascán Fabric Live 91 go máistriúil ó cheol ambient techno (Aleksi Perala, Caustic Window) go electro (Dexter, Plastician, Dj Stingray) go tréancheol druma & doird (Dillinja, DJ Trace) roimh thuirlingt go bog le ceol atmaisféarach gan bhuillí ó leithéidí Carl Craig agus Abul Mogard.
Tá ceithre rian nua de chuid Special Request féin le clos chomh maith.
An bhfuil aon mhaith ann?
Dúirt Derrick May fadó gur cúram an dioscmharcaigh é dhá rian éagsúla a chur ag bualadh craicinn lena chéile chun fuaim gur mó é ná méid a gcodanna a chruthú.
Is léir go raibh Paul Woolford ag éisteacht, mar déanann sé amhlaidh go minic ar Fabric Live 91.
Baineann ‘Peace of Mind’ le Claro Intelecto agus ‘Audax Powder’ le Polygon Window (Aphex Twin) drithlí as a chéile, is leathnaíonn Woolford ‘Stereo Music For Serge Modular Part 2’ le Keith Fullerton Whitman amach thar dhian-bhuillí ‘Monkeys’ de chuid Dj Trace & Nico chun méadú scanrúil ar bhlas an uafáis a chruthú.
Tá rogha Woolford gan locht tríd is tríd, is cuma tú sa tóir ar fhuaim electro na hÍsiltíre (Dexter, Alden Tyrell, Stefan Vincent, 214) nó seoda druma & doird na sean-ré mar ‘Thunder’ le Rood Project agus ‘Deadly Deep Subs’ le Dillinja.
Anuas air sin, bhainfeadh cruinneas agus samhlaíocht theicniúil an fhir mar dhioscmharcach an anáil díot.
Laigí?
Ná bí ag caint, tá an meascán lán teannais seo gan smál.
An breithiúnas?
Nár dúirt mé thuas go bhfuil an meascán seo gan smál?