‘Last Christmas’ – níl amhrán níos oiriúnaí d’amhránaí a fuair bás ar Lá Nollag féin.
Go déanach Dé Domhnaigh seo caite, fad is a bhí an saol mór marbhánta tar éis bia a ithe an lá ar fad agus iad ag ligean a scíthe, baineadh siar as cách nuair a chualathas go bhfuair George Michael bás.
D’aon duine atá sna 30í (mar atá an t-údar seo), cuimhneoidh siad ar dhúrud amhrán a chan an ceoltóir cumasach seo as Londain.
D’fhás a lán daoine aníos ag éisteacht is ag damhsa lena chuid amhrán.
Cloistear ‘Last Christmas’ gach bliain agus is annamh nach seinntear ‘Wake Me Up Before You Go-Go’ ag cóisir nó i gclub oíche.
Tá an fonn ar ‘Faith’ ar eolas go forleathan agus is minic a spreagann sé daoine chun ligean orthu go seinneann siad an giotár.
Is amhlaidh le hamhráin eile ar nós ‘Careless Whisper’, ‘Freedom’, ‘Jesus to a Child’ agus ‘Fast Love’.
Níl sé deacair a thuiscint mar sin cén fáth a raibh George Michael ar dhuine de na hamhránaithe is cáiliúla ar domhan a dhíol níos ná 100 milliún albam i ngairm a mhair beagnach 40 bliain.
Bhí ainm, aghaidh, agus guth faoi leith aige a d’aithneodh go leor ar an toirt.
Bhí clú agus cáil air as rudaí eile a tharla ina shaol chomh maith, ar nós an ama a gabhadh é i leithreas poiblí in Los Angeles agus as bheith ag caitheamh drugaí.
Ós rud é go raibh sé ag canadh ó bhí sé sna déaga, agus chan sé an méid sin amhrán thar 30 bliain, b’ollmhór an tionchar a d’imir sé ar shaol an cheoil agus ar an domhan trí chéile.
Sin an fáth ar bhain a bhás preab chomh mór sin as an saol.
Is tearc iad na hamhránaithe a bhíonn ag canadh ar feadh tréimhse chomh fada leis sin agus atá in ann bheith chomh maith sin i dtólamh.
Stócach Spleodrach
Rugadh George Michael mar Georgios Kyriacos Panayiotou in Londain i 1963.
B’as an gCipir dá athair agus as Sasana dá mháthair.
Ba lena chara Andrew Ridgeley a bhunaigh sé an bhuíon cheoil Wham! in 1981, cuma chóirithe orthu le dath gréine, foilt déanta i bpuirtleoga agus dealramh aerach.
Dá bharr sin scinn Wham! go barr an tsaoil leis na hamhráin mhóra ‘Club Tropicana’ agus ‘Wake Me Up Before You Go-Go’.
D’éirigh go geal leo ar fud na cruinne agus in 1985 ba iad Wham! an chéad bhanna ceoil ón iarthar a sheinn sa tSín.
Ón uair sin ar aghaidh ba mhórphearsa domhanda ceoil é.
B’áilleagán é an stócach óg seo d’ainnireacha aislingeacha lena bhruth féasóige faiseanta, a fholt, agus an bealach a bhog sé a thóin agus a lámha agus é ar ardán.
Nuair a bhí sé i mbarr a réime ag deireadh na 1980í agus tús na 1990í, bhí sé ag díol na milliún albam agus bhí duaiseanna éagsúla á mbuachan aige.
Bhí cuma faoi leith air – féasóg, spéaclaí gréine agus fáinní cluasa – a chruthaigh a phearsantacht uathúil.
Chuir sé a chéad albam aonair, Faith, amach sa bhliain 1987 agus chuaigh an t amhrán den ainm céanna chuig Uimhir a hAon sna Stáit Aontaithe.
Díoladh breis agus 25 milliún cóip den albam air a bhfuil amhráin iontacha amhail ‘I Want Your Sex’, ‘Father Figure’, agus ‘One More Try’.
Muna raibh sé ina shár-réalta roimhe sin, bhí anois.
Mar amhránaí bhí sé ceannródach agus in ann a lán cineálacha amhráin a chanadh – pop-amhráin, amhráin ghrámhara, amhráin bhrónacha, amhráin spraoíúla agus araile.
I ngach amhrán bhí a ghuth buacach le cloisteáil.
Is breá an bonnán gutha a bhí aige, a d’aithneofá láithreach.
Ní féidir le gach amhránaí sin a mhaíomh.
Ní áibhéil é gur duine de na réaltaí mór ar domhan le 30 bliain é agus gur athraigh sé popcheol ar feadh a shaoil.
Fial fairsing flaithiúil
Ba dhuine an-éirimiúil é agus tar éis a bháis, tá níos mó eolais againn ar na rudaí deasa a rinne sé do dhaoine eile.
Thuill sé an t-uafás airgid ($117 milliún) agus bhronn sé neart de sin ar dhaoine agus ar dhreamanna a bhí i ngátar.
Níor theastaigh aon rud uaidh as ucht a rinne sé.
Fuair a mháthair bás le hailse agus dá bharr sin 10 mbliana tar éis a báis, in 2007, d’eagraigh sé ceolchoirm shaor in aisce d’altraí chun a bhuíochas a léiriú dóibh as ucht an chúraim a thug siad dá mháthair.
Sin an fáth ar mhaoinigh sé Macmillan Cancer Support.
Thug sé maoiniú freisin don Terrence Higgins Trust a chabhraíonn daoine le SEIF.
Mhaígh ceannasaí Childline nach mbeadh an eagraíocht in ann feidhmiú in éagmais an mhaoinithe a thug George Michael dóibh.
Rinne sé obair dheonach i gcarthanas do dhaoine gan dídean ach d’iarr sé ar dhaoine gan aon rud a rá faoi mar b’fhearr leis go mbeadh an obair sin ina rún.
Éiginnteacht ghnéasachta
Agus é óg, bhí sé trína chéile faoina ghnéasacht agus bhí sé deacair air glacadh leis go raibh dúil aige i bhfir.
Bhí sé i lár a 20í nuair a ghlac sé go hiomlán leis agus bhí sé 27 nuair a bhí caidreamh aige den chéad uair le fear, Anselmo Feleppa ón mBrasaíl.
Fuair a ghrágheal Anselmo bás mar gheall ar SEIF dhá bhliain ina dhiaidh sin, rud a d’fhág George croíbhriste ar feadh trí bliana.
Ní raibh a fhios ag an saol mór go raibh dúil aige i bhfir go dtí 1998 nuair a tharla eachtra oilbhéimeach.
Gabhadh é ag cuimilt a bhoid i leithreas poiblí in Los Angeles.
Bhí clú ar an leithreas mar áit d’fhir chun dul sa tóir ar fhir eile agus bhí ar George Michael a admháil go poiblí gur homaighnéasach ab ea é (cé go raibh a fhios ag a lán daoine ar feadh tamall fada roimhe sin).
Bhí fadhbanna aige le drugaí freisin agus timpiste gluaisteáin aige in 2008 nuair a bhí sé ag tiomáint faoina dtionchar.
Deirtear go raibh a shláinte ag dul in olcas le tamall de bhlianta agus, de réir na scéalta is déanaí, bhí sé tar éis titim chun feola.
Cé nach fios fós go díreach cad a thug a bhás, níl aon rud amhrasach faoi.
Ní raibh an fear ceannródaíoch mórchroíoch seo ach 53 nuair a d’éag sé ach cé nach raibh sé anseo ach seal measartha gairid, mairfidh a thionchar go ceann i bhfad.
Coinnigh súil amuigh d’alt faoi na 20 amhrán is mó le George Michael, a fhoilseofar le linn na seachtaine seo chugainn.