Beidh an Corcaíoch ceolmhar é féin John Spillane ar ardán i gContae Ard Mhacha Dé Sathairn agus é ag glacadh páirte i gceolchoirm speisialta ar son Choláiste Bhlinne.
Is scoil samhraidh Ghaeilge í Coláiste Bhlinne atá ar an fhód ó 1979 agus a reáchtáiltear i gCamloch, Ard Mhacha Theas, gach Iúil.
Bíonn thart ar 100 páiste ag freastal ar an scoil choicíse agus réimhse leathan imeachtaí Gaeilge ar siúl acu.
De bharr ciorruithe maoinithe áfach tá titim tagtha ar theacht isteach na scoile agus tá sé socraithe anois ag lucht eagraithe Choláiste Bhlinne teacht aníos le bealaí eile chun an tseirbhís a choinneáil ar obair.
Is in Ardscoil Naomh Pól, ar an Struthán, a bheas an An Speall i mbun ceoil agus ar bharr a ghnáth-mheascáin den scoth d’amhráin ghleoite beidh ceardlann ar siúl aige níos luaithe ar an Satharn le daltaí an cheantair.
Agus in éineacht leis ar stáitse beidh an grúpa áitiúil Bothán mar aon le damhsóirí agus ceoltóirí óga ó Ard Mhacha agus ón Dún.
“Is é an sprioc taobh thiar den cheolchoirm seo ná airgead a thiomsú don choláiste ionas gur féidir linn leanúint leis an chúrsa a chuireann muid ar fáil, atá an-tábhachtach do chur chun cinn na Gaeilge sa dúiche,” arsa Dan Ó Mealláin, duine de na heagraithe.
“Tá an-áthas orainn go mbeidh an scríbhneoir amhrán agus ceoltóir iomráiteach John Spillane inár gcuideachta ar an oíche agus tá muid ag súil go spreagfaidh sé tuilleadh feasachta faoin teanga i gCamloch, ar an Sruthán agus sa mhórcheantar ar fad.”
Tosaíonn an ghig ar 7.30in, Dé Sathairn 13 Feabhra, in Ardscoil Naomh Pól, An Sruthán.
£15 atá ar na ticéidí don oíche mhór agus is féidir iad a fháil ar Facebook, nó sa cheantar sa Yellow Heifer i gCamloch, i mBeár an Iarnróid ar an Iúr nó ag Tí Chulainn ar an Mhulach Bán.