‘An t-albam is fearr atá eisithe ag Beach House riamh’

“Albam eile le héisteacht leis faid is a bhfuilim istigh sa leaba ag gol,” — sin an cur síos a rinne éisteoir de huid Beach House (Victoria Legrand agus Alex Scally) faoin bhfíseán don amhrán ‘Dive’, a cuireadh in airde mar bhlaiseadh den albam úr 7. 

Deir éisteoir eile go raibh sé “in ísle brí, ach táim leigheasta ag Beach House.” 

Ní ag magadh atáid.

Más duine d’éisteoirí dílse Beach House tú, a léitheoir, glacaim leis go dtuigeann tú cheana féin go gcabhraíonn amhráin Legrand agus Scally le daoine teacht slán ó ngalar dubhach. Tá luach cataiseach ar leith le léamh Beach House ar n-ár seilbh neamhbhuan ar phléisiúir an tsaoil bhig seo, ar ár ngreim éadaingean ar an ngrá, ar an óige, ar an sólás féin. 

An faoistin phoiblí atá i gceist le rá, mar sin, gur mó ama atá caite agam ag éisteacht le Beach House le blianta beaga anuas ná le haon ghrúpa indie-cheoil eile atá fós ar an bhfód?

De réir tuairisce a foilsíodh ar The Irish Examiner i 2015, ghlac tuairim is leathmhilliún duine sa tír seo cógas frithdhúlagrán nó frithimní le linn na bliana 2012. 

An chuid eile againn, bíodh amhráin ochlánacha dream pop Beach House againn mar chosaint ó phlúchadh na hatuirse! 

Mar a chanann Legrand ar an chéad singil a eisíodh ó 7, an ‘Lemonglow’ gleoite, “It doesn’t have to be this way/This colour of your mind.”

Sé albam ar fad atá eisithe ag Beach House ó thángadar chugainn i 2007, agus más fíor le rá go bhfuil gach albam dá gcuid cosúil lena chéile níl cáineadh i gceist ach moladh ar ardchaighdeán leanúnach a gcuid ceoil. 

Bhí teorainn go dtí seo leis an bhfeidhm chruthaitheach a bhain Legrand agus Scally as an stiúideo toisc go raibh sí riamh mar aidhm acu go mbeidís in ann gach a bhí le clos ar a gcuid ceirníní a chasadh beo.

Fógraíonn asarlaíocht fhuaime chéad amhráin 7, ‘Dark Spring’,  go bhfuil an cur chuige úd caite i dtraipisí acu ar mhaithe le posóid níos bríomhaire a réiteach dúinn.  

Léamh dorcha, iarmhílaoiseach atá ag Beach House ar fhuaim luath-cheoil Cocteau Twins agus shoegaze leithéidí My Bloody Valentine agus Pale Saints é. Sraitheanna guairneánacha giotáir, idir loiscneach agus clúmhach, agus amhránaíocht iontach análach na beirte á dtiomáint ag drumadóireacht láidir James Barone. 

Bhainfeadh sé an anáil díot.

Is cuma, mar sin, nach n-éireoidh le Legrand an t-amhrán a rá beo. Tá 7 difriúil le gach a tháinig roimhe, agus ar an albam is fearr atá eisithe ag Beach House riamh.

Go téamach, eascraíonn liricí agus blas amhrán mar ‘Girl of  the Year’ agus ‘Drunk In L.A.’ as machnamh Beach House ar an mbrú sochaí a bhaineann le ról na mban sa lá atá inniu ann. Buntáistí agus míbhuntáistí na háilleachta araon.   

Déanann amhráin mar ‘Lose Your Smile’, ‘Lemonglow agus ‘Black Car’ iniúchadh ar mhothúcháin na comhbhá agus an ghrá de thoradh tráma comhchoiteann.

Ní bheidh iontas ort go raibh Sonic Boom, iar-bhall den ngrúpa ailtéarnach Spacemen 3, i mbun cúram na léiritheora fuaime le linn roinnt de sheisiúin thaifeadadh 7, a cosúil is atá céad-nótaí orgáin Dive le fonn an amhráin ‘Walkin’ With Jesus’ de chuid Spacemen 3 féin. Opus tógálach ina dhá leath atá ann, agus é ag athrú ó dream pop faoileanda den chineál a bhfuil seanchleachtadh ag Beach House air, go stíl níos tréine rac-cheoil nuair a thagann na drumaí isteach leathshlí tríd. 

An t-aon locht a gheofaí ar Dive, agus ar roinnt eile d’amhrán 7 (‘Lemonglow’, ‘Dark Spring’), ná go dtagann deireadh róthobann leo, ar nós gur thit Legrand agus Scally le haill tar éis dóibh  atmaisféir draíochtúil a chruthú. 

Fós, is ansa linn laigí beaga ár gcarad.

Beidh Beach House ag casadh beó in Vicar Street, Baile Átha Cliath ar an 20 Deireadh Fómhair. 

SCÉALTA EILE