‘An Taobh Tuathail’ beo ón Róisín Dubh

Beidh eagrán speisialta den chlár ailtéarnach An Taobh Tuathail á chraoladh beo ón Róisín Dubh i gcathair na Gaillimhe an mhí seo chugainn le ceiliúradh a dhéanamh ar 20 bliain de chlár. 

Beidh An Taobh Tuathail ag ceiliúradh 20 bliain ar an aer ag tús na míosa seo chugainn. Craoladh an clár ailtéarnach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta den chéad uair Lá Bealtaine 1999 agus tá ceiliúradh mó beartaithe ag Cian Ó Cíobháin, a chuir ar an clár i láthair ó shin, don ócáid. 

Dé hAoine an 9 Bealtaine, beidh na ceoltóirí Ships, Mount Alaska agus Anna Mullarkey ar an ardán sa Róisín Dubh, ceann de na pubanna is mó cáil sa tír. Beidh Cian Ó Cíobháin féin i láthair, ar ndóigh, agus an t-eagrán beo dá chlár iomráiteach á chraoladh aige ón áit. 

Tá cáil ar ATT agus ar Chian Ó Cíobháin féin ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain agus tá ceoltóirí ó cheann ceann na tíre agus fud fad na cruinne tar éis ceol úrnua, nár craoladh riamh cheana ar an raidió, a chur chuige do ‘bhreithlá’ an chláir an mhí seo chugainn. 

Tá amhrán nua cumtha go speisialta ag Mount Alaska do chomóradh ATT. Craolfar an t-amhrán nua seo ina iomlán ar an gclár comórtha Lá Bealtaine ach is féidir éisteacht le blaiseadh de anseo: 

Beidh ceol nua ó leithéidí Mhuireann Nic Amhlaoibh agus Thatchers of the Acropolis le cloisteáil ar chlár speisialta a chraolfar ó cheannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta Lá Bealtaine féin, chomh maith le ceol ó R. Kitt, Linda Buckley, Deaf Joe, Chequerboard, Tr One, neonfrench, Elma Orkestra, Peter Gordon, Dylan Henner agus daoine eile nach iad. 

Ó tharla go mbeidh an samhradh á fhógairt an lá céanna a bheidh an ceiliúradh mór ar bun ag Cian agus ag foireann ATT, tá leagan speisialta den amhrán ‘Thugamar Féin an Samhradh Linn’ le The Jimmy Cake á chasadh ar an gclár comórtha ag tús na míosa. 

Is iondúil go mbíonn ATT ar an aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta at 22.00. Is ag an am sin a bheidh an dá chlár comórtha a chraolfar ó cheannáras an stáisiúin ar an 1 Bealtaine agus ar an 2 Bealtaine ach ní mór do lucht leanta an chláir an raidió a lasadh uair an chloig roimhe sin Dé hAoine an 3 Bealtaine nuair a bheidh an clár beo á chraoladh ón Róisín Dubh ag 21.00. 

Tá ticéid ar fáil anois don ghig speisialta sin agus costas €10 orthu. 

SCÉALTA EILE