Rinne Republic Records, an lipéad ceoil atá nasctha le Drake agus Ariana Grande, an cinneadh le gairid gan an téarma ‘uirbeach’ a úsáid feasta agus iad ag caint faoi rap, hip-hap, agus R&B.
Rinneadh an cinneadh seo sna seachtainí i ndiaidh na n-agóidí ar fud an domhain ar son na gluaiseachta Black Lives Matter, agus dúirt Republic Records i ráiteas go mbíonn fochiall urchóideach go minic leis an téarma i saol an cheoil.
Leis an cheist seo a phlé, labhair mé le Matt Ó Baoill, ón ghrúpa hip-hap Tebi Rex lena chara Dafe Orugbo a thugann an t-ainm stáitse Max Zanga air féin, as contae Chill Dara, agus roinn seisean a chuid smaointe faoi.
“Níl mórán d’fhadhb agam féin leis an téarma ‘uirbeach’ go ginearálta. Tá rútaí ag hip-hap agus rap sa cheol i gcathracha agus ‘faoi thalamh’ i gclubanna oíche agus rudaí mar sin, agus dar liomsa, ní leis an bhfocal a thagann an dochair, ach leis an úsáid,” a dúirt sé.
Mhínigh Matt go gcruthaítear fadhbanna nuair a thosaíonn lipéid agus stáisiúin ag úsáid an fhocail mar théarma uileghabhálach do cheol a chruthaíonn daoine dubha, agus gur sin an uair a éiríonn an cheist urchóideach.
“Anseo in Éirinn, feictear é le daoine ar nós Soulé, ceoltóir iontach popcheoil, ach cionn is go bhfuil cuma áirithe uirthi, cuirtear an lipéad ‘uirbeach’ ar a cuid ceoil, agus ní hé sin an cás — is pop atá ann”.
Ach caidé mar a mhothaíonn Matt faoin téarma ‘uirbeach’ i gcás Tebi Rex?
“Tá stíl s’againne measctha idir throm agus éadrom, agus de bharr sin faighimse agus Dafe gigeanna ag ceolchoirmeacha agus féilte éagsúla. B’fhéidir nach mbeadh an fócas sin ar hip-hap agus rap iontu, mar sin dá mbeadh ár gcuid ceoil níos tibhe, seans go gcuirfí an lipéad ‘uirbeach’ orainn níos minice.
“Fosta, mar dhuine geal sa ghrúpa, caithfidh mise smaoineamh, an bhfuil mise ag tarraingt an ‘íomhá’ sin ar shiúl uainn? Cad is brí le ‘uirbeach’? Más íomhá áirithe atá ann bunaithe ar steiréitíopaí, sin an áit a n-éiríonn sé dainséarach mar théarma,” a dúirt sé.
Tá dóchas ag Matt faoin chaighdeán hip-hap agus rap agus faoin phobal a ghabhann leis an gceol sin sa tír seo, ach dúirt sé go raibh go leor le déanamh ag stáisiúin raidió agus lipéid cheoil leis sin a léiriú.
“Níl an méid atá ar an aer faoi láthair ag léiriú an oiread de hip-hap ar ard-chaighdeán atá againn sa tír seo. Tá an margadh sáithithe, ach i mbealach maith, agus níl go leor ealaíontóirí á gcur ar an raidió lena dtallann a thaispeáint.”
Tá singil úr Tebi Rex “I Got My Whole” ar fáil ar Spotify agus iTunes anois.