“… anyway we’ll play a few polkas”: albam úr trialach le Seamas Hyland

Is saothar neamhchoitianta é an t-albam Maidin Domhnaigh le Seamas Hyland. Laistigh de dhaichead neomant deintear scrúdú agus lúbadh nuálach ar cheann des na huirlisí is tabhachtaí sa cheol Gaelach: an bosca ceoil. Tá an saothar so turgnamhach agus traidisiúnta araon agus tugtar an t-éisteoir ar thuras tríd an am, tríd an bhfuaim agus tríd an láithreacht.

Castar gnás aoibhinn sa cheol Gaelach bun os cionn sa chéad traic: ritear ríl isteach i bhfonn mall. Níl sé seo coitianta: níor chuala aon áit eile é ach ar albam le Cormac Ó Beaglaoich, B. A mhalairt a chloistear de ghnáth, tá taithí againn ar an bhfonn mall á rith isteach i ngreas ríleach. Anuas ar an nuálacht so cuirtear drumaí mar thionlacan leis an bhfonn mall céanna – ‘Eochaill’. D’éinne a bhfuil leagan Déiseach an amhráin cloiste acu beidh ciall ar leith le baint as an gcéad traic seo, ‘Navan Road’.

Baineann Hyland leas as fuaimeanna fachta (found sounds) a thaifead sé ar bhóthar na hUaimhe. Roimis an ríl cruthaíonn sé seo atmaisféar na siamsaíochta agus na fánaíochta, aeistéitic a bhaineann go dlúth leis an gceol Gaelach. Éiríonn na drumaí in airde chun bréag-chéilíochta, nó go mbristear isteach ar an dtorann le ‘Eochaill’. Fonn mall diamhair is ea é seo, agus insíonn an t-amhrán scéal na mná tréigthe. Fá dheireadh an amhráin, tá an “cailín scaite… ag siúl an bhóthair de ló is d’oíche” go huaigneach ina haonar. 

Luíonn fuaimeanna bhóthar na hUaimhe isteach go dlúth sna cluasa. Tugann siad an scéal chun láithreachta dúinn. Seoltar amach na drumaí go rialta rithimiúil agus is cráite an neamhshuim a bhaineann leis na cairteacha ag gabháil thar bráid, na guthanna fánacha daonna agus éanlaithe, bonnán an otharchairr. Cruthaíonn sé seo míshocracht agus bagairt mar atá san amhrán. Tá glactha againn leis an dtréigint agus níl dul as iarmhairtí an fhoréigin agus na haimhleasa ag cailín ‘Eochaill’. Tá Hyland tar éis athléamh a dhéanamh dúinn ar an bhfonn mall agus ar an amhrán so, a thugann suíomh agus scéal an fhoinn chun foirfeachta dúinn.

Grianghraf: Seamas Hyland.

Éifeacht amháin atá ag an súgradh so le fuaimeanna ná go ndírítear ár n-aird ar na fuaimeanna a thagann ón mbosca ceoil ná tugtar fé ndeara d’aon ghnó de ghnáth: anáil an bhoilg, cliceáil na gcnaipí agus na n-eochrach. Tá aird air seo ins gach aon traic, ach tugtar fé ndeara go háirithe é ag deireadh an phíosa ‘Press and Draw’ a chum Hyland féin, agus anáil an bhoilg amháin mar nóta deiridh. Osclaíonn an píosa san le fuaimeanna fachta, ag teacht an uair seo ó sheó de thinte ealaíne. Éilítear éisteacht ghrinn ón éisteoir sa tsaothar so trí chéile, ag díriú go fonnmhar ar mhionsonraí an cheoil. Tosnaíonn na fuaimeanna go léir ag leá isteach ina chéile: fuaimeanna leictreonacha, fuaimeanna fachta, fuaimeanna an bhosca ceoil agus na ndrumaí, nó go mbáitear sinn ina measc.

Tá focail Hyland le clos leis, i lár báire: “am… anyway we’ll play a few polkas” a taifeadadh beo sa Cobblestone. Is suntasach an cinneadh é so, an ráiteas so a chur i lár an cheoil go léir, agus gan siolla eile óna bhéal ar an albam. Léiriú gléineach is ea é ar fhís Hyland, agus ar a chúlra. Tá tábhacht a thraidisiúin áitiúil ina rian soiléir ar an albam. 

Laistigh de chlúdach an albaim tá pictiúr den gcrosaire go mbíodh na daoine ag rince ann, ag bun a bhóithrín féin. Bhíodh a shin-seanamháthair féin ag seinnt an mhileodin dos na seiteanna san. Tá traidisiún ana-láidir rince seit i gcónaí i gceantar an Bhaile Dhuibh, Port Láirge, agus is le pólcaí a rinctear an seit áitiúil: seit an Bhaile Dhuibh. Tá an rince le clos de shíor ina chuid seiminte, rithimí ag borradh agus ag tráth, síor-éirí an cheoil sna cosa.

Pictiúr: Ealaín chlúdaigh Maidin Domhnaigh le Seamas Hyland.

Tá cumadóireacht Hyland turgnamhach agus traidisiúnta san anáil chéanna. Thráchtas ar ‘Press and Draw’ cheana, agus píosa eile leis is ea an ‘Carnival Waltz’. Tá an ‘Carnival Waltz’ i rithim bhálts atá beagán focáilte, briseann sé an tréad ins gach páirt. Cuirtear le rithimiúlacht dhoshrianta an bhosca ceoil le druma íseal maorga chun atmaisféar an charnabhail a chruthú, agus éagsúlacht so na rithime a léiriú. Tránn an rian so nó go dtéann an fhuaim as, agus sin é deireadh an albaim. Anuas ar an dá phíosa san, is é Hyland a chum dhá cheann as trí des na pólcaí, rud ná haithneofaí go héasca orthu, os rud é go luíonn siad chomh suaimhneach isteach leis an dtraidisiún san. 

Arís is arís eile ar Maidin Domhnaigh téann Seamas Hyland sa tóir ar an tsoiléire agus ar an tsoilseacht ina léiriú ar a chuid smaointe ceoil. Luíonn a thurgnamhacht go fonnmhar taobh le tuiscintí traidisiúnta. Tá an meas aige ar a lucht éisteachta a ndúshlán a thabhairt faid a mheallann sé iad ina éineacht le súgradh, le cúram agus le dúthracht i leith a cheoil.

SCÉALTA EILE