Ar a thriail féin

Chuirfeadh sceideal gigeála an dioscmharcaigh Bheirlín-lonnaithe Mano Le Tough (Niall Mannion) – as na Clocha Liatha i gContae Chill Mhantáin ó dhúchas – scanradh ort.

Chas Mannion in os cionn 100 club ó Buenos Aires go Beirut go Brisbane in 2014, bliain inar bhain sé uimhir 8 amach ar liosta na hirise Resident Advisor den 100 dioscmharcach is fearr ar domhan.

Ní bheadh aon ionadh ort, mar sin, dá mbeadh Trails ina bhailiúchán de rianta móra don urlár rince.

Ar an dea-uair, bhí aidhm níos uaillmhianaí ina cheann ag Mannion ná tóineanna a chur ag luascadh nuair a thug sé aghaidh ar na cnoic taobh thuas de Loch Zurich na hEilvéise chun dul i mbun Trails a léiriú.

Idir amhráin agus rianta machnamhacha ionstraime, seo ceol cumtha agus léirithe le snas chun mothúcháin an éisteora a spreagadh.

Cinnte, tá cúpla port don gclub le clos ar Trails (tá an ‘Sometimes Lost’ aoibhinn, lena chórdaí corraitheacha pianó, ar an gceann is fearr acu) ach thar aon rud eile is ceol dos na cluasáin é an mélange seo de cheol ambient, domhain-house sómasach, balaerica agus an popcheol indie.

Bíodh is go bhfuil tionchar Thom Yorke le sonrú i stíl amhránaíochta Mannion ar ‘The Space Between’, agus macallaí d’oidhreacht New Order le clos i ngiotár ‘Trails’, níl aon amhras ach go bhfuil a ghlór féin mar léiritheoir aimsithe ag Mannion.

Chaitheas an samhradh ag éisteacht le fuaimeanna dioscó-house balaeric an lipéid Permanent Vacation sa mhótar (go háirithe albam iontach an léiritheora Lauer, Borndom).

Cuirfidh Trails ar an mbealach ceart do laethannta inbhreithnitheacha an gheimhridh mé.

Beidh Trials sna siopaí Dé hAoine seo chugainn, 31 Deireadh Fómhair.


SCÉALTA EILE