‘Ar ardán ceolmhar Dé go raibh Séamus Ó Beaglaoich’
alt ómóis

Dá fhad é an lá, is é dán na hoíche teacht agus tháinig an oíche i bhfad róthapaidh ar Shéamus Ó Beaglaoich an tseachtain seo. Is dorcha fós a bheidh an tig dá chlann, Mary, Méabh, Eoin, Breandán agus Niall gan é ina dtimpeall. 

Tá an iliomad alt scríte, píosaí nuachta curtha le chéile agus clár craolta ar an aer ó shin ag tabhairt ómós cuí agus ceart dó. Léiríonn clár dhá uair an chloig Áine Ní Bhreisleáin inniu, agus clár dhá uair an chloig eile le Neansaí Ní Choisdealbha istoíche Dé Máirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, gur féidir dhá uair a chloig a líonadh le ceol agus le hamhráin Shéamuis gan stró, agus go bhféadfaí a dhá nó a thrí oiread san a líonadh arís. 

Ní fhéadfainn gan trácht ar An Saol Ó Dheas Dé Máirt seo caite, a thug léargas dúinn ar Shéamus áitiúil Pharóiste Múrach. Thug an clár san lucht a leanta le chéile faoi aon díon amháin agus iad faoi bhrón agus níl aon teora faoin spéir le pobal aontaithe in am an ghátair. 

Bhí clár eile ag Pádraig Ó Sé Dé Máirt ar a gcualamar gutha Gaelacha eile ar nós ghuth Rónáin Mhic Aodha Bhuí agus Chiaráin Uí Mhaonaigh lena ndea-chuimhní áille féin ar amhránaí Bhaile na bPoc. Is é an saghas gutha a bhí aige ná guth a chuirfeadh suan ana-dheas ar dhuine, guth binn thar binneas, breá thar breáthacht, soiléir thar soiléire. Ná bí ag caint ar chomhcheol! 

Bhí stór dochreidte amhrán ag James (mar a thugaimid go háitiúil air) nár chuala taifeadta chomh hiomadúil san ag éinne eile ar dhlúthcheirníní. Thug sé ardáin d’amhráin ar nós ‘An Seanduine’, ‘Ó Bhean a Tí’, ‘An Ciarraíoch Mallaithe’, ‘Bruach na Carraige Báine’, ‘An Crann Úll’, ‘An Cailín Bán’ agus i mBéarla, ceann dos na rudaí ab ansa liom, Follow the Heron Home.

Táid go forleathan anois, mórchuid acu. Toisc James b’fhéidir? Tá a fhios agam go bhfoghlaimíos féin gach ceann acusan uaidh, ó bheith ag éisteacht is ag síor-éisteacht leis na ceirníní, agus leis féin á rá anso is ansúd ar fud na dúthaí ag oícheanta amhránaíochta agus bothántaíochta. Mar a dúirt a chara Áine Uí Laoithe faoina chuid amhránaíochta, “Gach aon fhocal ag seasamh. B’fhuirist amhrán a fhoghlaim uaidh. Gach aon fhocal le tuiscint.” Buíochas le Dia go bhfuil oiread taifeadtaí againn dá bhriathra binne blasta. Nach linn atá an t-ádh dearg.

Fadó, nuair a bhí deireadh seachtaine caide Pháidí Uí Shé á sheoladh i mBaile Átha Cliath, bhí geaing againn san ardchathair agus geaimbí orainn! Bhí James ann, agus an ceoltóir Pat Goode in éineacht leis. Tá sé fhéinig leis imithe ar shlí na fírinne ó shin. Gan dabht bhí Páidí féin ann agus ardghiúmar ar na haoinne. Is ea, thosnaigh na hamhráin. Dúirt James liomsa, téanam, déarfaimid gach ‘ara véarsa de The Boys of Barr na Sráide. Níor ghá do é ‘rá arís! Bhíos déanta! 

Níos déanaí san oíche, chuir sé comhairle orm maidir le fuaimniú an fhocail “sráide”. Sss, seachas shh. Ní thuigeas riamh é ach táim á rá i gceart riamh ó shin. Mar a dúirt Nell Phurge fadó, “ní dod’ cheartú atáim, ach á rá i gceart,” agus b’in é a bhí i gceist ag James liomsa. Ó shin i leith, d’iarradh Páidí orm ‘The Boys’ a chanadh! Ní fhéadfainn é a dhiúltú cé go mbínn oiriúnach le ceangal babhtaí! 

Ag féachaint siar anois, bhí na deiseanna amhránaíochta san sna tithe tábhairne chomh tábhachtach dom agus is mé a bheidh buíoch go deo astu. Ag obair Tig Pháidí a bhínnse, nuair a chuirfeadh Páidí ceist orm canadh ar hap an tairne! An fear bocht. Tá idir chaid, chraic, cheol is chantan amhrán acu sna flaithis i bhfochair a chéile anois.

Nuair a cailltear daoine ar nós James agus Pháidí, bíonn folús mínádúrtha i gcroí a ndaoine muinteartha ar an gcéad dul síos agus ar an bpobal go raibh aithne eile ar fad acu orthu. Pearsana móra nárbh fhéidir comparáid a dhéanamh idir iad agus aon duine eile mar bhíodar chomh difriúil le haon duine eile a bhuailfeadh leat. 

Bhínn ag siúl an bhóthair ar an bhFeothanaigh in éineacht lem’ mhadra, nuair a gheibheadh James thar braid ina tharracóir. Dheineadh sé bíp agus shádh sé a theanga amach le teann méiseála. Sláinte a thugadh sé orm. No way an ndéarfadh sé Sláine! Bhí fiántas agus ionracas in James. Bhíodh a dhá shúil ag rince istigh ina cheann le rógaireacht. Is mar sin a chuimhneodsa air. Rógaire groí agus Ciarraíoch go smior a thug a shaol ar fad do dhaoine eile trí shiamsaíocht gan sárú a chur ar fáil dóibh ar ardáin is ar stáitsí an domhain mhóir. 

Dúirt fear liom i rith na seachtaine go mbíodh James ana-chúthalach ar fad ach a dtosnaigh sé ag seinmt i Halla na Muirí ina bhuachaill óg! Tá san deacair a shamhlú anois, ón bpearsantacht spleodrach bhligeardachta a bhí aige. Bhain sé taitneamh as gach aon nóimeant i bhfochair a chairde ceoil, rinceoirí agus amhránaithe, pé acu ab iad na maithe agus na mór-uaisle iad, nó cailín nó garsún óg a bhí tosnaithe i mbun a gceirde. Ar ardán ceolmhar Dé go raibh sé, ag seinmt a bhosca ceoil dos na haingil in airde.