Ar chaill tú Gradaim Cheoil NÓS?

Seachtain ó shin inniu bhí na hullúcháin faoi lán seoil le haghaidh Ghradaim Cheoil NÓS 2015 agus daoine ar bís faoin oíche a bhí os a gcomhair.

Breis agus 250 duine a bhailigh le chéile sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath agus a chonaic gradaim bronnta i seacht rannóg éagsúla mar aon le ceol beo den scoth ó thus deireadh na hoíche.

Torthaí iomlána agus eolas breise le fáil anseo.

Muna raibh sé d’ádh ort bheith i láthair ag an ócáid féin seo blaiseadh maith ón chlúdach a rinneadh sna meáin le seachtain anuas:


FÍSEÁN

Craoladh mír faoi na Gradaim ar Nuacht TG4 ar an oíche agus rinne na daoine deasa ag Macalla, agus ár gcairde ag Meon Eile, cúpla físeán iontach a léiríonn atmaisféar agus brí na hoíche:


RAIDIÓ

Ní amháin go raibh iomaitheoirí agus buaiteoirí na nGradam á lua go leanúnach ag Sinéad Ní Uallacháin agus Dónall Mac Ruairí le linn na seachtaine ar RTÉ RnaG ach rinne Rónán Mac Aodha Bhuí clár iomlán ar na Gradaim Cheoil chomh maith.

Bhí mír an-deas ag Blas ar BBC Raidió Uladh mar aon le craoladh cuimsitheach ag Raidió na Life agus Raidió Fáilte.


SCRÍOFA

Bhí na céadta Tweet agus trácht Facebook ann faoi na Gradaim – hup! – ach ar a bharr sin bhí píosa ag Tuairisc.ie, The Irish News, State agus go leor foilseachán eile ar líne agus i gcló, Seachtain de chuid an Irish Independent ina measc:

Míle buíochas lena gcomhghleacaithe ar fad as poiblíocht a thabhairt do na chéad ghradaim riamh chun ceiliúradh a dhéanamh ar cheol comhaimseartha na Gaeilge agus feicfidh muid ag Gradaim Cheoil 2016 sibh!

SCÉALTA EILE