Ar chuala tú an t-amhrán Gaeilge ón Eurovision?
Éistigí, éistigí

Cuirfear tús anocht i Liospóin na Portaingéile le Comórtas na hEoraifíse i ndiaidh do Saslvador Sobrai an chraobh a thabhairt leis san Úcráin anuraidh leis an amhrán ‘Amar Pelos Dois’. Beidh Ryan O’Shaughnessy ag canadh ar son na hÉireann san Altice Arena anocht leis an amhrán ‘Together’.

Beidh Ryan ag canadh i mBéarla, mar a chanfaidh 14 amhránaí de na 19 amhránaí a bheidh ar an ardán anocht. Is iad an Ghréig, an Albáin, an Liotuáin, an Eastóin agus an Airméin na tíortha a raibh de mhisneach acu amhrán i dteanga eile seachas an Béarla a chur chun cinn.

Sula mbreathnóidh muid ar an gcéad bhabhta leathcheannais ar RTÉ 1 anocht, breathnaímis siar ar an mbliain 1972, nuair a bheartaigh lucht stiúrtha an chomórtais in Éirinn amhrán Gaeilge a chur chun na hAlban. Chan Sandie Jones, as Cromghlinn i mBaile Átha Cliath, ‘Ceol an Ghrá’ in Usher Hall i nDún Éideann. Faraor, níor éirigh go rómhaith léi agus chríochnaigh sí sa 15ú háit, dhá bhliain i ndiaidh do Dana an chéad duais a thabhairt abhaile go hÉirinn. 

Ní raibh amhrán Gaeilge eile i bpríomhchomórtas na hEoraifíse ó shin, cé gur cuireadh roinnt amhráin Ghaeilge chun cinn ag an leibhéal náisiúnta i gcaitheamh na mblianta. Ar ndóigh, is i nGaeilge amháin a bhíonn na hamhráin ón tír seo a chuirtear ar aghaidh chuig Comórtas na nÓg, a bhíonn á chraoladh ar TG4. Ba í Aimee Banks as Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe a chan an chéad amhrán Gaeilge ar son na hÉireann sa gcomórtas sin in 2015. 

Bhí Sandie Jones i lár an aonaigh i rith ré na showbands in Éirinn agus i ndiaidh di fiabhras na hEoraifíse a chur di, d’fhill sí ar an ealaín sin agus shaothraigh sí a cuid le bannaí éagsúla ceoil ar feadh breis agus deich mbliana i ndiaidh ‘Ceol an Ghrá’. D’éirigh sí as an gceoltóireacht ghairmiúil in 1983 agus bhog sí chuig an Meán-Oirthear lena fear céile, Tony. Ó shin, d’aistrigh sí go Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar a bhfuil cónaí uirthi go fóill. 

Seo thíos liricí a hamhráin Gaeilge: 

Éistigí, éistigí, cloisim arís é, ceol an ghrá

‘Seo nó ansiúd dom, bíonn sé de shíor liom, ceol an ghrá

I lár na cathrach breá, cois abhann nó ar trá

Cloisim an tiúin, is tú mo rún, sin ceol an ghrá

Éistigí, éistigí, cloisim arís é, ceol an ghrá

Canann an t-éinín é, casann an ghaoth dom é, ceol an ghrá

Maidin nó lár an lae, cloisim i gcónaí é

Éist leis an tiúin, is tú mo rún, sin ceol an ghrá

Seo Tír na nÓg is tá sciatháin in áit mo chos

Anois is go deo tá an sonas romham, thall is abhus

Is tú, mo chroí de lá is d’oíche

Is gach uile nóiméad dem’ shaol