Ar Chúl Albam na Bliana 2025: Súil Amháin & Bantum – athPhORT

Bhuaigh Súil Amháin agus Bantum ‘Albam na Bliana (Nuacheol)’ ag Gradaim NÓS 2025 san Oh Yeah Centre i mBéal Feirste as ucht a saothair chomhoibríoch ar athPhORT. Mar cheiliúradh ar an albam iontach agus bua na beirte, iarrann Ben Ó Faoláin ar Bantum spreagadh na bhfuaimeanna ar an albam agus na ceoltóirí a d’imir tionchar airsean agus ar Súil Amháin a phlé.


DJ Shadow (feat. Run The Jewels) – ‘Nobody Speak’ (2016)

Duine de na léiritheoirí is fearr a thaitin liom riamh i mbun comhoibre leis an dísreach hip hop is giorra dem’ chroí. Conas nach n-éireodh leis?! Bhí tionchar mór ag an rian seo ar mheascadh an phoirt ‘Caochpholl’ le Súil Amháin, ó thaobh meoin, rithime agus acmhainn ghrinn de. Creidim dáiríre go mairfidh an port seo go deo ó thaobh léirithe agus smaointe de. Ceoltóir is ea DJ Shadow nach féidir leat ach iarracht a dhéanamh a eiseamláir a leanúint.

Kendrick Lamar – ‘Backseat Freestyle’ (2012)

Rinneadh tagairt dhíreach don cheann seo ar ‘Aisling Fhéile’. Ní féidir liom diúltú don chic ollmhór 808 sin measctha le giota sampláilte de ghártha slua. Cuireann Kendrick an ceann seo i láthair le tionlacan grúpa beo na laethanta seo ach fillim go minic ar phíosaí scannánaíochta ina bhfuil sé le feiscint á chur i láthair le DJ in ionaid cheoil níos lú – agus é ar a chéad chamchuairt don albam Good Kid, M.A.A.d City – agus tá sé draíochtúil ar fad. Ba é seo mo chéad taithí ar an nós atá ag Kendrick róil charachtair a ghlacadh air féin ar mhaithe le scéal a insint ar a chuid albam. Mar a deir sé féin, tá aithris á dhéanamh aige ar an Kendrick a bhí ann fadó seachas an duine atá ann san am i láthair.

Modeselektor – ‘Blue Clouds’ (2011)

Bhí an port seo i mo cheann agam féin agus ‘Incantation of Féile-Flow Funk’ á chur le chéile agam féin agus Séamus. Is iad Modeselektor beirt eile de na léiritheoirí is ansa liom. Bíonn siad ag meascadh gach rud idir techno, hip hop, cheol comhthimpeallach agus go leor leor eile. Táim an-tógtha leis an togra Moderat dá gcuid chomh maith.

Tierra Whack – ‘Unemployed’ (2019)

Tháinig an líne phianó íosta atá le clos air seo isteach i mo cheann agus ‘Goth Frake’ á chur le chéile. Tá gluaiseacht agus rithim iontach ag baint le stíl cur i láthair Tierra. Níl aon srian lena samhlaíocht is cuma í ag gabháilt don cheol nó do mheáin ealaíne éagsúla eile. Measaim gur tháinig mé uirthi den chéad uair ar Instagram nuair a bhíodh sí ag póstáil scigrapanna beaga. Gafa léi ar an toirt a bhíos. Tá an físeán a rinneadh i gcomhair an amhráin seo go diail ar fad. Beidh tú ag tacú leis na prátaí!

Tyler, The Creator – ‘OKRA’ (2018)

Tá Tyler ar dhuine de na ceoltóirí is spéisiúla dá bhfuil ann. Bíonn suim mhór agam i ngach rud a dhéanann sé. Seo port dá chuid nach bhfuil an oiread sin clú air, ach ceann a chasann sé beo go minic. Is breá liom chomh lom is a bhíonn a stíl léirithe ar uairibh, rud a fhágann spás dá ghuth. 

David Holmes – ‘Let’s Get Killed’ (1997)

Rian a chuaigh i bhfeidhm go mór orm agus mé i mo dhéagóir, é bainte ón albam a roinneann sé teideal leis. An tslí a dtógann Holmes sraitheanna as lúba drumaí leagtha anuas ar fhuaimeanna fachta, giotaí func agus taifeadtaí – is cur chuige é atá tar éis dul i bhfeidhm ar mo mhodhanna féin i ngan fhios dom thar na blianta. Go dtí an lá atá inniu ann tá tionchar mór ag an gcoincheap a bhaineann leis an albam seo tríd is tríd, agus an tslí ar cuireadh le chéile é, ar an mbealach a mbím féin ag déanamh ceoil.

Rage Against the Machine – ‘Bulls on Parade’ (1996)

Fadsaothar eile a chuaigh i bhfeidhm go mór orm ar aois óg. Smaoiním ar dhrumaí Brad Wilks, go háirithe, i gcás ‘Caochpholl’ i dteannta Súil Amháin. Fuaimníonn an t-amhrán seo go diail ar fad go dtí an lá seo, le teachtaireacht a bhfuil tábhacht agus ábharthacht ag baint léi fós sa lá atá inniu ann.

SCÉALTA EILE