Ar nós a athar roimhe, a bhí ar na drumaí ar ‘Spiders From Mars’ le David Bowie, is drumadóir é ceannasaí an ghrúpa ilchultúrtha snagcheoil Emanative, Mick Woodmansey.
Seachas tuirlingt ar dhromchla Mhars, déanann albam úr Emanative, Earth, ar phaiste den gcosmas lonnaithe áit éigin idir func idirphlainéadach Sun Ra agus stíl thrialach cineamatach Floating Points.
Ag aimsiú ionsparáide i gceolta agus creidimh na hAfraice, an Áis agus Meiriceá Theas, saothar é Earth a spreag Woodmansey chun tochailt níos doimhne ina spioradáltacht féin.
“Nuair atá tú i mbun oibre le leithéidí Ahmed Abdullah (Sun Ra Arkestra) agus Idris Ackamoor (The Pyramids), daoine spioradálta, bíonn tionchar pearsanta aige ort. Ní duine diaganta mé ach táim an-spioradálta — tá dearcadh daonchairdiúil seachas dearcadh ábharaíoch agam ar an saol. Tá sé tábhachtach an mhaith agus an t-olc sa saol a fheiscint, ach déanfar iarracht díriú ar na rudaí maithe,” a deir sé.
Ceann de na rudaí maithe sin ná albam úr Emanative, Earth. Seo mar a chuir Woodmansey síos do ‘Ar Chúl An Albaim’ ar na seacht bport is mó a chuaigh i bhfeidhm air agus an fadsaothar á chumadh agus á thaifeadadh aige.
1. Bengt Berger – ‘Chetu’
Drumadóir Sualannach é Bengt Berger, cnagcheoltóir a bhfuil go mór faoi chomaoin ag ceol na hIndia agus ceol Afracach. Bhí sé páirteach i roinnt ceirníní den scoth in éineacht le Don Cherry. Tá an t-albam Bitter Funeral Beer á chasadh gan stad agam le tamall de bhlianta anois. Déanadh taifeadadh air don lipéad ECM i Stockholm in 1981. Cumtha ar an láthair, is rian buailteach tógálach i dtraidisiúin Iarthair na hAfraice é ‘Chetu’ le Don ar an dtrumpa póca agus Bengt ar an xileafón. Is breá liom coincheap an ensemble cnagcheoil, ar nós an ghrúpa Strata East M’Boom, mar shampla, de chuid Max Roach.
Seo í an chúis go raibh fonn orm triail a bhaint as ceol a dhéanamh in éineacht le triúir cnagcheoltóir; Sarathy Korwar, Vince Vella and Phillip Harper.
2. Johnny Dyani – ‘Dedicated To Mingus’
Táim faoi gheasa le tamall de bhlianta anois ag ceol Johnny Dyani, olldordóir as an Afraic Theas a bíodh ag taifeadadh tráth dá raibh i dteannta leithéidí Abdullah Ibrahim, Don Cherry agus an sacsafónaí Dudu Pukwana. Molaim albaim dá chuid mar The Witchdoctor’s Son, Afika, agus an ceann óna bhfuil an píosa seo bainte, Mbizo.
An rud a thaitníonn chomh mór liom faoin bport seo ná an chothromaíocht fhoirfe idir stíl sách tútach ach mothálach Dyani ar an olldord agus an rithim dhúchasach Afracach an fhir. Tá an mothálacht céanna i gceist le stíl Suman Joshi, a sheinneann domsa ar Earth, toisc go mbíonn sé a glacadh páirt i seisiúin fhada afro-beat i dteannta Dele Sosimi agus ag casadh snagcheoil a bhfuil blas domhanda air leis an ngrúpa Collocuter. Is breá liom func-rithim mhíshlachtmhar scaoilte an rian seo, agus glór na gclog bó ann.
3. Yusef Lateef – ‘Sister Mamie’
Ceann é ’Sister Mamie’ de na rianta is ansa liom de chuid Yusef Lateef. Tá an cheirnín 7” ar lipéad Impulse! agam, agus casaim nach mór i gcónaí é má bhíonn seit snagcheoil á chasadh mar DJ agam. Ní hamháin gur sheinn Yusef an fhliúit agus an sacsafón teanóir, bíodh an fhliúit bhambú, an shehnai [uirlis as oirdheisceart na hÁise atá cosúil leis an óbó] agus an argol [gaothúirlis Arabach] á chasadh aige chomh maith. Ba é spéis Yusef i gcultúir éagsúla a mheall chuige mé.
Chuireas aithne ar ‘Sister Mamie’ den chéad uair, maraon le ‘Unknown Tongue’ de chuid Dewey Redmans, nuair a chas duine de mo sheinnteoirí choirn agus ghaothuirlise, Ben Hadwen, dom é. Timpeall an ama céanna bhí Ben tar éis filleadh ón tSeapáin agus trumpa Indiach, an gyaling, ina sheilbh aige. Bhí an-spraoi go deo againn leis. Beidh orm dungchen agus gyaling an duine a fháil do Ben agus Tamar Osborn (duine eile de mo sheinnteoirí choirn agus ghaothuirlise) in am don chéad albam Emanative eile.
4. The Sun Ra Arkestra – India
Tá sé fíor-dheacair píosa amháin de chuid Sun-Ra a roghnú thar phíosa eile i gcomhthéacs conas mar a chuaigh ceol an fhir i bhfeidhm ar m’albam féin, Earth, ach ba mhinic mé ag éisteacht le ‘India’ timpeall an ama a thosaigh mé i mbun oibre ar Earth.
Tá sé ar cheann de na rianta a chas mé agus mé ag dioscmharcaíocht roimh don Arkestra féin ag teacht ar stáitse ag ceolchoirm dá gcuid sa Jazz Café i Londain. Tar éis na ceolchoirme bhí comhrá fada cosmach agam le Marshall Allen, sacsafónaí an Arkestra, fear a raibh meadhrán cannabais air fiú is é 93 bliain “óg” ag an am.
5. Maleem Mahmoud Ghania with Pharoah Sanders – ‘La Allah Dayim Moulenah’
Trí cheol Pharoah Sanders a chuireas aithne ar an dtaobh anamúil seo den snagcheol. Taobh le saothair Alice Coltrane, Don Cherry, Ra agus Fela Kuti ceirnín é seo a spreag i mbun ghnímh mé, nuair a chuala ar dtús é, chun ceol chomh cumhachtach céanna leis a thaifeadadh (cé nach raibh ionam ach drumadóir a bhí plúchta ó thaobh na cruthaitheachta nuair a thit mé isteach sa léiriú ceoil!).
Taitníonn saoirse agus nádúr tobchumtha an phíosa seo liom, titeann tú i saghas támhnéal is tú ag éisteacht leis. Go teicniúil, tá an ceol neamhfhoirfe — mar a bhíodh ceol san aimsir roimh theacht an taifeadáin. Cumarsáid ghlan.
6.Thelonious Monk – ‘Coming On The Hudson’
Tá blas meisciúil, nach mór, ar an gceann seo le Monk. Is cuimhin liom é go mbíodh sé á sheinnt ag Madlib, nó luaite i gcairt aige, na blianta ó shin. Mar sin, bhí meon hip-hap i gceist leis an rian riamh (i m’aigne féin, ar a laghad!). Bhíos ag iarraidh breith ar rud beag den ndánacht hip-hap sin do mo rian ‘Reflection’ ar Earth, ach é measctha le hatmaisféar scaoilte Sun Ra.
Ba í Jessica Lauren a bhí i mbun na méarchlár ar Earth, agus braithim gur ligh sí do spioraid, dorchadas agus míbhinneas Monk agus Ra labhairt trí na méara.
7. Archie Shepp & Jasper Van’t Hof – ‘5th Of May’
Ba é Ben Page ón ngrúpa Rocketnumbernine a chuir an rian seo ar mo shúile dom. Bhain sé an anáil díom ar an toirt. Archie Shepp le focail labhartha, sacsafón agus sintéiseoir trom-mheáchain domhain.
Chomh luath agus a thosaigh mé ag obair ar an albam úr dheineas teagmháil le Ben faoi phort snagcheoil, ach ábhairín aisteach. An toradh ar sin ná “Heaven’s Mirror’ le h-Idris Ackamoor ó The Pyramids le clos i mbun caintaireachta agus sacsafóin agus David Molina ón ngrúpa céánna ar an bhfliúit bhambú thar obair aisteach shintéiseora agus Rhodes Bhein.
Éist le seinnliosta Spotiy ‘Ar Chúl an Albaim’ Emanative’ anseo
Tá Earth le Emanative le fáil anois ar cheirníní Jazzman.