Focal Araibise é waajeed a chiallaíonn ‘tóraitheoir’ sa Ghaeilge. Téarma oiriúnach é mar chur síos ar chur chuige stiúideo Robert O’ Bryant Detroit, fear atá sa tóir ar an mbuille foirfe ó thosnaigh sé i ag léiriú buillí hip-hap siar sa bhliain 2002 ar shamplóir lochtach Akai MPC a bhí á chaitheamh amach ag a chara, an léiritheoir hip-hap nach maireann, agus ná sárófar go deo, J-Dilla.
Ó shin i leith tá obair léirithe déanta ag O’Bryant do leithéidí Cee Lo Green (Gnarls Barkley), John Legend agus laochra hip-hap Detroit Slum Village, gan trácht ar chomhléiriú i dteannta Theo Parrish agus ceol soul tuathalach a eisiúint mar Platinum Pied Pipers.
“Bhínn sa stiúideo i dteannta J-Dilla agus Slum Village ó Luan go Déardaoin. Oíche Aoine agus oíche Shathairn bhímis ar ragairne ó oíche go maidin ag cóisirí DJ Theo Parrish. Go moch maidin Dhomhnach rachainn ar Aifreann. Is mar sin a fhuaimním. Sin í fhuaim Detroit,” a dúirt O’Bryant agus é ag labhairt faoina óige in Detroit.
Tá tionchar na cathrach úd soiléir sa chumasc de stíleanna idir dioscó, fhunc, house, shnagcheol agus theicnícheol atá le clos ar chéad albam O’ Bryant faoin ainm Waajeed, From The Dirt, atá díreach eisithe ar cheirníní Dirt Tech Reck.
Ar na deich rian atá dírithe ar an urlár rince, cloisimid dordlínte griothalacha agus rithimí lúfara 4/4 suite faoi fhoinn ghlioscarnacha agus, go minic, liricí corraitheacha.
Saothar é From The Dirt a léiríonn ómós Waajeed d’fhuaim anamúil léiritheoirí Detroit leithéidí Omar S agus Robert Hood gan neamhaird a dhéanamh de stíl broken beat London nó d’fhuaim mhacnasach house-cheol Chicago.
D’inis O’Bryant do Ar Chúl an Albaim faoin seacht bpíosa ceoil is mó a chuaigh i bhfeidhm air le linn dó From The Dirt a chumadh agus a thaifeadadh.
Bjork – Human Behavior
https://www.youtube.com/watch?v=KDbPYoaAiyc
Oíche amháin bhí mo chara Geology ag dioscmharcaíocht i mbeár rúnda faoi thalamh in Manhattan. Chuas ann chun é a fheiscint ach ní scaoilfeadh an boc ar an ndoras isteach mé. Bhíos ar buile! Fad is a bhí mé i mo sheasamh lasmuigh rith an bhean seo suas an staighre is í ag béicíl. Ba bheag nár leag sí go talamh mé. Bhain sí geit as gach éinne, agus í ag rith síos an tsráid. Chas mé i dtreo fhear an dorais, agus dúirt sé go séimh liom, “Ó, sin í Bjork. Bíonn sí i gcónaí á dhéanamh sin.”
Mar a deir liricí an amhráin mhóir seo ón bhliain 1993, there’s definitely no logic to human behaviour.
Ba mhór an tionchar a bhí ag ‘Human Behaviour’ ar m’albam úr From the Dirt. Mhúin an rian dom go mbeidh an lámh in uachtar i gcónaí ag cur chuige neamhghnách. Nuair a eisíodh ‘Human Behaviour’ bhí fuaim an amhráin difriúil le gach eile a bhí le clos, agus tá fós. Téann stíl amhránaíochta Bjork agus an léiriú iomlán leithleach thar cionn le chéile. Tá fáilte roimh Bjork mé a leagadh go talamh lasmuigh de chlub ar bith am ar bith!
Paris – This Is a Test
Paris – file, réabhlóidí agus gníomhaí. Fear atá tar éis dul i bhfeidhm orm go mór ó chuala mé ‘This Is A Test’ den gcéad uair. Mar dhéagóir, bhí 85 Oldsmobile dúghorm agam. Bhí sí glan ar an dtaobh amuigh ach bhí an steiréó ina chac agus bhí na callairí níos measa fós. Nuair a chasainn an rian seo shamhlaínn go rabhas ag tiomáint trí Oakland, California — cliabhán an Black Panther Party, agus an áit go rinne Paris taifeadadh ar an rian seo. Ba chuid den inspioráid don bport ‘Power In Numbers’ ar m’albam úr iad an dordlíne bagrach agus liricí Paris. Níor shamhlaigh mé riamh go spreagfadh rialtas Trump mé chun rian dord-tiomáinte a chónascadh le buillí funcaí teicnícheoil.
Snarky Puppy – We Like It Here
Comhléiriú le mo chara DeSean é an rian ‘My Father’s Rhythm’ ar m’albam úr. Dhein mé taifeadadh samplach den rian agus thugas go stiúideo DeSean é go gcífinn an raibh aon smaointe aige chun cur leis. Mothaíonn gluaiseacht agus gliceas na línte a sheinn sé ar ‘My Father’s Rhythm’ an-chosúil le ‘We Like It Here’ de chuid Snarky Puppy, port a bhí i mo cheann agam ó thús agus ‘My Father’s Rhythm’ á chumadh agam. Ceoltóir den scoth ag seinnt thar rithim sheasta — sin cleamhnas a shocraigh na haingil. Tá glór agus freagra na n-uirlisí ar nós chomhrá i dteanga dhúchais. Aoibhinn do éisteoirí agus rinceoirí araon.
D’Angelo – The Line
https://www.youtube.com/watch?v=6RDJ4D153q8
Tá na liricí seo liom ó thosnaíos i mbun ceoil. Bíodh sé maith nó olc, scrígh mé mo chuid rialacha féin. Chum is chan D’Angelo liricí an amhráin seo. Bhí mé ag Electric Lady [stiúideo a thóg Jimi Hendrix i Greenwich Village, Nua Eabhrac] nuair a bhí meascadh á dhéanamh ar ‘The Line’. Níl macasamhail an phíosa seo le clos ó thaobh toin agus mothúcháin de. Mar sin féin, tá aithris déanta agam ar gach cleas a bhí ar bun ag an innealtóir fuaime Russ Elevado (Mark Ronson, The Roots, Erykah Badu) fad is a bhí mé ag Electric Lady. Bunchloch m’albaim úir, From The Dirt, é an dearcadh dúshlánach sin — misneach do dhóthain a bheith agat do bhóthar féin a shiúl.
Dego ft. Kaidi Tatham – We Are Virgo
Mo sheanchairde a spreagann i gcónaí mé. N’fheadar cad a dhéanann siad, nó conas, ach tá sé seo dochreidthe ar fad. Diúltaíonn Dego gur méarchláraí é, ach ní gá ach éisteacht leis an bport seo le tuiscint nach fíor an méid sin. Ní hamháin an port seo, ach is ósais chóirithe iarchatalóg Dego ina iomlán. Stiúrann sé ó mhír go mír thú gan tú á thabhairt faoi ndeara in aon chor. Is fada mé ag éisteacht le ‘We Are Virgo’, agus is féidir liom leath an lae a chaitheamh ag eisteacht leis arís is arís eile. Bheadh an ghráin ag Dego orm as é a rá ach is ginias é.
Osunlade – Dionne
Níl na focail agam chun cur síos ar ardéirim Osunlade mar léiritheoir ceoil, ó bhuillí teicnícheoil go ceol house anamúil. Taispeánann an port seo gné níos simplí dá stíl. Conas an féidir an oiread seo a rá le sampla simplí, buillí simplí agus cóiriú simplí? Tá ‘Dionne’ inspioráideach sa mhéid is go léiríonn an port gur leor an rogha cháiréiseach, seachas an rogha casta, chun do sprioc a bhaint amach. Tá sé déanta go máistriúil, mar atá an formhór dá chatalóg. Bravo Osunlade!!!
Éist le seinnliosta Spotify ‘Ar Chúl an Albaim’ le Waajeed anseo.
Tá From The Dirt le fáil anois ar cheirníní Dirt Reck Tech.