Ar Chúl an Albaim…

Tá ceirníní Deewee, lipéad na ndeartháireacha Stephen agus David Dewaele (2manydjs/Soulwax), ar cheann de na lipéidí ceoil is spéisiúla a bunaíodh le blianta beaga anuas.

Is cuma an ceol leictreo tógálach Future Sound Of Antwerp, dioscó na stíle italo Emmanuelle nó leictrea-pop Camarúnach Charlotte Adigéry atá i gceist, bíonn gach port a eiseofar d’ardchaighdeán agus é taifeadtha nó measctha faoi stiúir cheithre lámh na ndeartháireacha Dewaele ina stiúideo in Ghent na Beilge.

I gcás ‘Karma’ de chuid Phillipi & Rodrigo na Brasaíle measctar caint chorraitheach i bPortaingéilis, líne 303 ar mire agus gliúcaíocht éan na dteochriosanna thar rithim andúchasach.

Port é atá i mo mhála dioscmharcaíochta ó eisíodh in 2016 é, agus ceann atá i measc na rianta atá le clos ar albam début Phillipi & Rodrigo, Paciencia, atá díreach eisithe ag Deewee.

Tuairim David & Stephen Dewaele ná go bhfuaimníonn Paciencia “ar nós Stereolab ag canadh i bPortaingéilis sa bhliain 2019 faid is a chasann grúpa Batucada ag cóisir theicneo cois trá.” Ní foláir a rá go bhfuil ceart ar fad acu!

Seo mar a labhair Phillipi & Rodrigo liom faoin seacht rian is mó a chuaigh i bhfeidhm ar chruth agus ar fhuaim Paciencia.

 


Steve Reich – ‘Music For 18 Musicians’

Rodrigo: Cé go mb’fhéidir go bhfuil sé móiréiseach a bheith ag rá go raibh tionchar ag ceol Steve Reich orainn, braithim go bhfuil Reich ar nós Michael Jackson an cheoil íosta sa lá atá inniu ann. Aon duine a dhein iarracht ceol lúb-bhunaithe a dhéanamh as líon beag eilimintí bhí tionchar ag Reich orthu ar bhealach éigin. Túsphointe maith é ‘Music For 18 Musicians’ don té a bheadh ag iarraidh aithne a chur ar cheol iontach Reich.

Stereolab – Iar-chatalóg iomlán an ghrúpa!

Rodrigo: Tá mórtas orm gur fear mór Stereolab mé, agus táim ag súil go dtabharfaidh tú scata cosúlachtaí fé ndeara idir fuaim ár n-albaim agus ceol Stereolab. Is ormsa atá an locht – táim ag éisteacht leo ó bhí mé i mo dhéagóir. Táid ar cheann den mbeagán grúpaí nach bhfuil an aois le haithint orthu agus, bhuel, déarfainn go mbeidh mé pósta leo go brách!

Jaime & Nair – ‘Sob O Mar’

Rodrigo: Ceann de na hamhráin is deise a chuala riamh i mo shaol. Mian atá agam le fada an lá ná iarracht a dhéanamh rud chomh hálainn leis seo a chumadh.

Milton Nascimento – ‘Ponta de Areia’

Rodrigo: Iarracht umhalchroíoch é ‘Milton’ ar an albam úr chun m’urraim a thabhairt d’oidhreacht cheoil Milton Nascimento. Blas an chumha sin a bhaineann leis an amhrán seo, go háirithe – an rud a dtugann muid “saudade” air sa Phortaingéilis. An oiread sin mothúchán, agus an glór ainglí sin…

White Noise – ‘Love Without Sound’

https://www.youtube.com/watch?v=__-lpvXfI6E

Rodrigo: Tá an tslí a gcuireadar an taifeadadh seo le chéile siar sna 1960idí fós dochreidte. An oiread sin lúba téipe agus giotaí sampláilte i mullach a chéile. Bhí tionchar aige sin orainn sa mhéid is go mbímíd ag cumadh ceoil de réir na cluaise. Ní bhfuaireamar aon oiliúint fhoirmiúil sa cheol, agus is minic colláisí fuaime mar thús lenár gcuid smaointí. Má fhuaimníonn rud go maith leanann muid leis. Bhí nós agam staidéar foirmiúil a dhéanamh ar an gceol, ach braithim go gcaillfinn an neamhdhóchúlacht a bhaineann le bheith ag feidhmiú de réir na cluaise.

Mestre Suassuna e Dirceu – ‘O Congo Chegou’

Phillipi: Tá atmaisféar ar leith ag baint le ceol batucada agus na mantraí spioradálta Brasaíleacha mar ‘O Congo Chegou’. Measaim gur éirigh linn breith ar an atmaisfeár úd ar ár n-albam úr, Paciencia.

Telex – ‘Moskow Disco’

Phillipi: Táim faoi gheasa ag an bpíosa ceoil seo le fada an lá. Bhíos ag éisteacht leis faid is a bhí Paciencia á thaifeadadh againn, agus sinn ar chamchuairt timpeall na hEorpa ag an am céanna

Éist le seinnliosta Spotify ‘Ar Chúl an Albaim’ le Phillipi & Rodrigo anseo.

Paciencia le fáil anois ar cheirníní Deewee.

SCÉALTA EILE