Ar Chúl an Albaim…

Giorrúchán de na focail Her Voice Over Boys atá in ainm HVOB, togra ceoil de chuid Anna Müller agus Paul Wallner as Wien na hOstaire atá díreach tar éis a gceathrú halbam, Rocco, a eisiúint. 

Ba chun béim a leagadh ar easpa léiritheoirí mná sa tionscal ceol leictreonach a shocraigh Müller agus Wallner ar theideal an ghrúpa ach is leid ar fhuaim HVOB freisin na focail her voice over boys. 

Tá Müller agus Wallner beirt freagrach as ceol leictreonach HVOB a léiriú ach tugtar tús áite d’amhránaíocht Müller. Is cuma í ag canadh thar bhuillí stóinsithe teicneo phoirt mar ‘Butter’ nó ar foluain os comhair buillí briste ‘Bloom’.

An toradh na cumasc mealltach don amhrán indírithe ceoil indie agus leictreonaice géarchúiseach leithéidí Modeselektor.

Labhair mé le hAnna Müller faoin deich rian (níor leor an gnáth 7 gcinn di!) is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi linn di féin agus Wallner Rocco a chumadh agus a thaifeadadh. 

Jacques – Hésiter c’est tricher 

Leaid ón bhFrainc le n‘fheadar é fadhb ghruaige nó easpa gruaige. Chas muid leis ag Féile Sonar i in Bogatá cúpla mí ó shin. Thit mé saghas i ngrá lena chuid ceoil agus a sheó beo. Ní mór cluas a thabhairt dó muna bhfuil sé cloiste cheana agat.

Touchy Mob – Easy on the Eye

Léiritheoir ón nGearmáin. Is breá liom a chuid cheoil, agus bhí sé ar intinn agam iarradh air rud éigin a thaifeadadh i mo theannta. Ní féidir a fhuaim a chur i mbosca, tá stíl ar leith aige. Muna n-éistfidh tú ach le hamhrán amháin ón liosta seo molaim ‘Easy On The Eye’ thar aon cheann eile.

Charles Murdoch – SSSS

Léiritheoir ón Astráil a chuala den gcéad uair ag cóisir in Los Angeles le déanaí. Is ann a bhíomar le déanaí ar chamchuairt timpeall na Stát Aontaithe. Tar éis na ceolchoirme thugamar ár n-aghaidh ar an gcóisir phríobháideach chraiceáilte seo a bhí ar bun i dtrádstóras. Bhí DJ Dirty Dave ag casadh agus bhí an t-amhrán seo mar chuid de rogha na hoíche aige. Táim faoi gheasa ag an bport ó shin.

Sleep Party People – Chin

Tháinig mé ar an amhrán seo anuraidh agus sinn ar chamchuairt san Astráil. Ceann é de na rianta sin a lonnaíonn i do chroí go deo — tá sé cinnte ar cheann den dhá mhilliún is ansa liomsa! Ta súil agam  go spreagann sé do chroí freisin, mar nach chuige sin an ceol?

Thom Yorke – Interference

Thaistil mé go New York le déanaí chun rud a bhí d‘aidhm agam le fada a bhaint amach: Thom Yorke a fheiscint agus é ag seinm beo. Tá Radiohead ar an ngrúpa is tábhachtaí dom, b‘fhéidir. Sheinn sé i seanamharclann in Brooklyn. Déarfainn go raibh sé ar an gceolchoirm is fearr a chonaic mé riamh.

Forest Swords – War It

Thit mé i ngrá le ceol Forest Swords nuair chas sé i Wien i mí an Mheithimh. Ainm na féile ná Checkfest. Reáchtáladh in Johannesburg cheana é, agus tá sé i gceist againn an fhéile a chur ar siúl in áiteanna éagsúla ar fud na cruinne.

Low – Disarray

Táim faoi gheasa ag ceol Low le fada an lá. Bíonn ceol aoibhinn, leochaileach á chumadh acu. Seo an rian is deise liom ón albam is déanaí dá gcuid, agus táim ag súil go mór le n-iad a fheiscint beo.

Tyler Burkhart – Your Cheshire Smile

D‘éist mé leis an amhrán seo go minic uair a bhí an saol crua. Tugann sé sólás dom agus is breá liom na liricí – faoi chailín a bhfuil cuma chat Cheshire uirthi toisc nach ndéanann sí gáire riamh. 

Last Days of April – Too Close

Ceann de na hamhráin is mó a thaitin liom agus mé 16 bliain d‘aois. Músclaíonn sé an-chuid cuimhní ionam. D‘éist mé le go leor ceol indie an t-am sin — d’fhás mé aníos le Oasis agus Radiohead.

Suuns – Up Past the Nursery

Sheinneamar ina dteannta sa Ghearmáin uair amháin. Is breá liom an fhuaim amh, orgánach atá acu. Táid i measc na ngrúpaí beo ab fhearr dá bhfaca mé riamh. Tá sé seo ar nós truip shícideileach, nó seangáin faoi do chraiceann — mothúchán coitianta, tá a fhios agam.


Éist le seinnliosta Spotify ‘Ar Chúl an Albaim’ le HVOB anseo.


Rocco le fáil anois ar lipéad PIAS.

SCÉALTA EILE