Ar chúl an Albaim…

Grúpa ceoil indie é Swervedriver  a bhfuil cos ar an dá thaobh den Atlantach acu ó bunaíodh an grúpa in Oxford sa bhliain 1989. Ag an am bhí Swervedriver luaite leis an ghluaiseacht shoegaze a raibh grúpaí Sasanacha eile mar My Bloody Valentine agus Ride lárnach ann ag tús na 1990í. Ach bhí tionchar ag grúpaí Meiriceánacha mar Iggy & The Stooges agus Dinosaour Jr ar ghlór tuinseamhach Swervedriver soiléír ón dtús, maraon le bá le miotaseolaíocht an mhótair mar shamhailchomhartha de spiorad reibiliúnach an ógánaigh, a bhí ina ghné den rac-cheoil Meiriceánach riamh.

Tá fuaim mhaolaithe ag ciall ceannaithe le clos ar albam úr Swervedriver, Future Ruins – a n-amhráin níos doimhne ná mar a bhí cheana ach ceol giotáir-bhunaithe an ghrúpa chomh heachtrúil sultmhar agus a bhí riamh. 

“Tá imní ó thaobh na todhchaí i gceist leis an albam seo”, a deir ceann feadhna Swervedriver, Adam Franklin, “Tá an spás ann freisin. Spásaire é carachtar an chéad amhráin atá ag iarraidh cuimhneamh ar an gcaoi a raibh an gnáthshaol.”

Seo mar a dhein Franklin cur síos do léitheoirí NÓS ar an seacht bpíosa ceoil is mó a bhí ina cheann aige agus Future Ruins á chumadh agus á thaifeadadh ag Swervedriver.


Supremes – Love Is Here and Now You’re Gone (Motown)

Tá athleagain de línte ón amhrán seo le clos ar dhá amhrán ar Future Forces, agus i gcás amhráin eile déanaim teideal ceann dá n-amhráin a chanadh. Chan mé an líne “you, you, you possess my soul” ar amhrán eile a d’eisíomar cheana — níl tuairim ar bith cén fáth a mbíonn siad i gcónaí ag preabadh aníos as m’intinn. 

Blondie – ‘(I’m Always) Touched By Your Presence Dear’ (Chrysalis)

Thaitin giotáir dhúbailte Blondie liom féin agus Jimmy Hartridge (treoirghiotáraí Swervedriver) i gcónaí, ach an bealach is mó a chuaigh Blondie i bhfeidhm ar an albam úr ná díreach teidil a albam. Spreag teidil mar Plastic Letters, Parallel Lines agus Armed Forces sinn i dtreo Future Ruins a roghnú mar ainm ar an albam úr.

 The Clash – ‘Up In Heaven (Not Only Here)’ (Epic)

https://www.youtube.com/watch?v=awCSxY0sd7E

Seo amhrán iontach faoin anó agus éadóchas, a bhfuil ardú meanman agus spreagadh i mbun gnímh mar thoradh ar éisteacht leis. Chuirfeadh sé fonn ort rith amach an doras agus neamhionannas an domhain a chur ina cheart. Chum The Clash pop-amhráin tharraingteacha ach bhí liricí níos dorcha le haimsiú iontu. Tá an fonn céanna ar Swervedriver an t-éisteoir a spreagadh agus a ardú.

Terry Riley – ‘In C’ (Sony)

Uaireanta bíonn ceol minimeach leithéid Terry Riley agus Steve Reich á sheinm sa seomra feistis roimh ghigeanna, agus tá fuaimeanna teibí le clos sa chúlra ar roinnt de shaothar Swervedriver da bharr. Bhain Jim úsáid as aip sintéiseora ar a ghuthán do dhá amhrán ar an albam úr, ‘Radio-Silent’ agus ‘Future Ruins’. Is maith liom an rud go mbeadh rian comhthimpeallach gan buillí i bhfolach faoi amhrán ceart againn.

The Clientele – ‘Everything You See Tonight Is Different from Itself’ (Merge)

Bhí orm am a chaitheamh leis an albam is déanaí de chuid Clientelle, Music For The Ages, sara chuaigh i bhfeidhm i gceart orm. Faoi dheireadh tháinig mé chomh fada le domhan Clientelle – gnátháit, ach áit osréalaíoch freisin. Tá mistéir ag baint leis an tslí a bhuaileann focail agus ceol faoina chéile anseo a thugann sásamh dom.

 Alvvays – ‘In Undertow’ (Transgressive)

Is breá liom an t-amhrán seo — ceol iontach, liricí den chéad scoth. Tá moilliú fada ar ghlór an amhránaí is iad ar snámh san aer ar nós sraoille gaile (vapour trail). Tá macalla den éifeacht úd i ar roinnt de mo chuid amhránaíocht féin ar Future Ruins. Creidim go bhfuil Norman Blake as Teenage Fanclub freagrach as an bhfonnadóireacht taca air seo, is tá aiféala orm gur dheineas dearmad fiafraí dó faoi nuair a chasadh orm le déanaí é.

Aphex Twin – ‘#3’ (Warp)

Measaim gur spreag an rian seo sinn an rif ceithre chorda atá le clos ar theidealrian an albaim úir, Future Ruins. Ba bhuíochas don bport seo nár chuaigh mé as mo mheabhair agus mé ag tiomáint an bhóthair dochreidthe fada trasna iarthar Cheanada faoi dhó siar sa bhliain 2015.


SCÉALTA EILE