Amiata is teideal do albam début Benjamin Frohlich, duine de chomhúinéirí an lipéid house Munchen-lonnaithe Permanent Vacation.
Tá Permanent Vacation aitheanta as an chéad John Talabot a eisiúint agus léiritheoirí mór le rá mar Todd Terje, Tensnake agus New Jackson (David Kitt) a chur faoi bhráid lucht éisteachta idirnáisiúnta.
Léiriú foirfe ar nádúr cros-síolrach house-cheol comhaimseartha na hEorpa é iar-chatalóg an lipéid. Tá an nádúr eicleictiúil céanna i gceist le début Frohlich, agus dathanna an dub-cheoil, italo dioscó agus electro fite fuaite ina chéile go deaslámhach aige.
Ní haon iontas, mar sin, go bhfuil scoth an cheoil leictreonaigh le clos ar an seinnliosta atá curtha le chéile ag Frohlich do ‘Ar Chúl an Cheirnín’ na seachtaine seo. Seo mar a bhí le rá aige faoin seacht rian is mó a bhí sa cheann aige agus Amiata á thaifeadadh.
1. Ana Rago – ‘You’re God’ (I:Cube Remix) (Set, 2001)
Athmheascán búgaí den gcéad scoth ó dhuine de na léiritheoirí is gaire do mo chroí. Is breá liom na heilimintí ar fad atá le clos anseo: dordlíne thógálach, neart aisfhuaimnithe agus neart moillithe ar na drumaí, giotaí fonnadóireachta anseo is ansiúd. An toradh ná rian a bhfuil buaine ag baint leis, ceann a chasaim ag tús na hoíche go minic. Bhí tionchar mór ag an mionleasú a dhéanann I:Cube ar fhuaim a dhrumaí orm agus mé ag tabhairt faoi Amaita a thaifeadadh.
2. Korrupt Data – ‘Inter Arrival’ (Planet E, 2014)
Cleamhnas foirfe atá le clos ar an rian seo idir dhá cheann de na seánraí is mó a bhfuil dúil agam iontu, Italo Dioscó agus leictreo. Measaim gur chuala mé an port seo den chéad uair i seit dioscmharcaíochta de chuid Beautiful Swimmers. D’fhan sé liom ó shin.
3. Rockers Hi-fi – ‘DJ Kicks: The Black Album’ (Studio !K7, 1997)
https://www.youtube.com/watch?v=F7REJjlpvYo&t=3773
Meascán seachas rian amháin atá sa rogha seo. Fós, is féidir éisteacht leis in aon turas amháin! Is mó uaireanta an chloig a chaitheamh ag éisteacht le Rockers Hi-Fi agus mé i mo dhéagóir. Tá eilimintí de cheol hip hap, reigé agus ceol druma agus dord fite fuaite le chéile ina gcuid ceoil acu, stíleanna a thaitin riamh liom. Thar aon rud eile dá gcuid ba leis an meascán DJ-Kicks a bhínn ag éisteacht. Rogha iontach rianta agus glór Farda P mar chomhluadar agat ó thús go deireadh an turais. Tar éis dearmad a dhéanamh ar an meascán seo, tháinig mé air in athuair le linn de Amiata a bheith á thaifeadadh, agus táim a rá leat gur fhág sé a rian ar an albam úr. Bhí seans liom casadh le Glyn Bush as Rockers Hi-Fi anuraidh — thapaigh mé an deis mo chuid cheisteanna a chur air.
4. Yellowman – ‘Dub Me Strong’ (Greensleeves, 1983)
Seoid eile ó m’óige. Ba mhinic an rian seo de chuid Yellowman le clos ar na meascáin ar chaiséad de cheol “cosmach” a bhímís ag éisteacht leis an t-am ar fad siar sna laethannta sin. Tá meascán spéisiúil stíleanna le clos anseo: Material (Bill Laswell & Michael Beinhorn) a léirigh an rian féin, dream a mheasc eilimintí de cheol punc, snag-cheol, func, noise agus leictreo lena chéile. Measaim féin gur ginias é Bill Laswell. Bhí sé féin agus Adrian Sherwood (On-U Sound) ar thús cadhnaíochta agus stíleanna éagsúla á thabhairt le chéile acu chun fuaim úr, uathúil a chruthú.
5. Omar S – ‘My Naffew Randy’ (FXHE, 2011)
Rian foirfe sa stíl house ó Omar S as Detroit. Drumaí a bhualann go trom, dordlíne iontach íseal, glór na dtéaduirlisí agus focail labhartha. Tá nós agam gach a eisíonn Omar S a cheannach. Tá rianta eile dá chuid atá seinnte i bhfad níos minice agam ná an ceann seo, cinnte, ach le linn phróiseas taifeadta an albaim bhínn ag éisteacht le ‘My Naffew Randy’ agus mé amuigh ar mo rothar.
6. As One – ‘Amalia’ (ART, 1993)
Luaitear ainm Kirk Degiorgio le seánraí éagsúla idir shnagcheol fáistineach, bhuillí briste agus cheol teicneó na seanré. Ba ar an scoth dj-meascán Back In The Box curtha le chéile ag aGlobal Communications a d’aimsigh mé an port seo. Sampla é de luath-stíl theicneó na Breataine Móire a thaitníonn go mór liom, buillí briste le foinn mhilse a mhaireann ar feadh na síoraíochta. Dhein mé iarracht breith ar bhlas ‘Amalia’ ar cheann de rianta m’albaim nua.
7. Boof – ‘Backlash’ (Running Back, 2015)
Más ag caint ar chumas léirithe atá muid, tá Maurice Fulton i measc na dtriúir léiritheoirí is fearr dá raibh riamh ann. Cruthaíonn sé “rollóir” buailteach le dubchordaí troma anseo agus é i mbun taifeadadh faoin ainm chleite Boof. Mar a bheidh tugtha le fios duit faoin dtráth seo, is dócha, tá rud beag de bhlas an dub-cheoil ag rith tríd ormhór de na rianta ar m’albam úr, Amiata.
Éist le seinnliosta Spotify Benjamin Frohlich do Ar Chúl an Cheirnín anseo
Tá Amiata le fáil anois ar cheirníní Permanent Vacation