As Melbourne na hAstráile ó dhúchas, ach lonnaithe i gcathair Nua Eabhrac, is díséad é Luluc (Zoe Randell agus Steve Hassett) a mheall pobal na n-éisteoirí ceoil indie siar in 2014 le fuaim cheol nua-aimseartha na ndaoine a dara albaim, Passerby. Ag an am dúirt ceann feadhna an ghrúpa The National, Matt Berninger, nár éist sé le faic eile ar feadh na míosa ach Passerby.
Is é a chomrádaí siúd sa ghrúpa The National, Aaron Dessner, a bhí mbun cúraim an léiritheora stiúideo ar albam úr Luluc, Sculptor, a eisíodh le déanaí ar lipéad Sub Pop. Saothar gleoite é, agus leathnú ar phailéad sonach Passerby le sonrú. Do ‘Ar Chúl an Albaim’ na seachtaine seo dhein Zoe agus Steve cur síos do Ben Ó Faoláin ar an seacht saothar, idir albaim agus aistí, is mó a chuaigh i bhfeidhm ar chruth agus ar fhuaim Sculptor.
Rogha Zoe
1) David Bowie – Low
Bhí an ceirnín seo sa cheann agam go minic a fhad is a bhí mé ag scríobh don albam seo. Is aoibhinn liom ar fad an slí a úsáidtear na sintéiseoirí, chomh domhain agus dúisitheach agus atá na fuaimeanna agus an t-atmaisféar a cruthaítear sna hamhráin. Chuaigh Low i bhfeidhm ar Steve agus fuaimeanna á chruthú aige do na hamhráin ‘Kids’ agus ‘Cambridge’ ar ár n-albam úr.
2) SIMON AND GARFUNKEL – Bridge Over Troubled Water
Aon uair a thugaim faoi thréimhse dianscríbhneoireachta bíonn an ceirnín seo ar m’intinn. Táim faoi gheasa ag Bridge Over Troubled Water ó chuala é den chéad uair nuair a bhí mé sé nó seacht mbliana d’aois. Tá an léiriú fuaime chomh heachtrúil, rud nach dtabharfá faoi ndeara nuair a chloiseann tú ar dtús é, seans, toisc nach dtagann sé salach ar na hamhráin féin in aon chor. Tá leibhéal na fíneáltachta, na héagsúlachta agus na bríomhaireachta a bhaineann le ceol na n-amhrán seo dochreidte. Ní éirím bréan riamh des na hamhráin iontacha féin. Cuirim dúshlán orm féin é sin a bhaint amach ar gach albam de mo cheol féin — go mbeifeá in ann éisteacht leis go minic, agus seachas éirí tuirseach de go méadódh an pléisiúr a bhainfeá as.
3) ‘Such, such Were The Joys!’ – Aiste le George Orwell
Tá orm saothar nach ceirnín é a lua! Aiste iontach ar fad é seo. Léigh mé arís é nuair a bhíos ag tosnú ar scríobh an albaim, go háirithe is mé ag plé le smaointí mar gheall ar an ógántacht. Scríbhneoir álainn ba ea Orwell. Bhí sé in ann breathnú ar dhearcadh éagsúil an ógánaigh ar an saol, amhail is go raibh sé ag féachaint tríd fhuinneog nuaghlanta.
4) THE CLASH – The Clash
Seo an chéad albam ó The Clash, agus táim ceanúil ar le blianta fada. Tá fuinneamh a gcuid ceoil fíorchumhachtach, maraon leis an dúshlán smaointeach a chuir siad roimh na húdaráis. Is féidir leat an saol a bhraistint agus a fheiscint ar nós go bhfuil tú ina mbuataisí siúd! Tá rud éigin ag baint leis sin a raibh tionchar mór aige ar roinnt de na hamhráin nua, ‘Me & Jasper’ go háirithe.
Rogha Steve
(5) PINK FLOYD – Meddle
Déanaim amach go mbíonn tionchar domhain ag an albam seo ar gach a dhéanaim ó thaobh an cheoil de. Ní go comhfhiosach a thuilleadh, ach sa mhéid is nach mbraithim go bhfuil aon saothar dár gcuid críochnaithe go dtí go bhfuil domhain iomlán le haimsiú istigh ann. Is dóigh liom go n-eascraíonn an eitic sin as an dúil atá agam i gceirníní Pink Floyd. Maidir lenár n-albam úr, measaim go bhfuil sin fíor i gcás amhrán mar ‘Pillow of Winds’, ‘Fearless’ agus ‘Echoes’ go háirithe.
(6) THE DIRTY THREE – Horse Stories
D’iarr muid ar Jim White seinm ar Sculptor, fíorú ar aisling a bhí agam le fada. Bhí tionchar an-mhór ag seóanna Dirty 3, banna a mbíonn sé ag canadh agus ag drumadóireacht leo, orm. D’fhoghlaim mé, b’fhéidir, gur féidir le ceol bheith álainn brónach agus garbh ag an am céanna. Cé go mbíonn blas séiseach ar cheol Luluc i gcónaí ar deireadh, chuamar i muinín ár n-instinne go mór agus an ceirnín seo á thaifeadadh againn, agus is minic gurb é an chéad téic atá le clos ar an saothar críochnaithe. Ba é drumadóireacht White a thug sa treo sin mé. Tá drumadóireacht White ar ár n-albam úr dochreidte ar fad.
(7) STEVIE WONDER – Songs In The Key Of Life
Baineann sé seo níos mó le mo mhodh cumadóireachta ná le fuaim Sculptor féin. Le linn dúinn an t-albam a thaifeadadh chuirfinn Songs In The Key Of Life ar siúl agus fonn orm foghlaim ón máistir, Stevie Wonder, conas ceol a bhfuil splanc ar leith ann a chruthú. Tá Stevie thar cionn ó thaobh gach gné de léiriú agus cumadh ceoil, agus tá sé de chaitheamh aimsire agam éisteacht le gach eilimint dá cheol mar iarracht chun díchódú a dhéanamh ar mhórchumas an fhir.
Tá an t-albam Scultor de chuid Luluc le fáil anois ar cheirníní Sub Pop.