Mantra Moderne is teideal d’albam début an ghrúpa Kit Sebastian, saothar atá ar cheann d’albaim na bliana 2019 go dtí seo domsa.
Beirt atá sa ghrúpa — Kit Martin (London/an Fhrainc), a sheinn gach nóta ar an albam, agus Merve Erdam (an Tuirc), a chum agus a chan liricí gach amhrán — a bhfuil idir Thuircis, Fhraincis agus Bhéarla iontu.
Ar Mantra Modern sciobann Martin agus Erdam leo eilimintí d’fhuaim tropicalia na Brasaíle, func-cheol Turcach, popcheol Eorpach na 60idí agus snagcheol Meiriceánach mar bhunábhar amhráin gleoite, sícideileach a thaitneodh le duine ar bith a bhfuil saothair Khruangbin, Altın Gün nó Air ina bhailiúchán ceoil aige.
Seo mar a chuir Martin síos dom ar an seacht bpíosa ceoil is mó a chuaigh i bhfeidhm ar chruth agus ar fhuaim Mantra Moderne.
Derboukas – ‘Camel Bossa’ (Serie Parade, 1968)
Is fíor-annamh a chífeá cóip den gceirnín seo. Thánamar féin ar chóip agus sinn ag taifeadadh i gceantar tuaithe sa Fhrainc. Bhí tionchar mór millteach ag ‘Camel Bossa’ ar ghlór ár n-albaim úir Mantra Moderne. Is beag eolas atá le fáil faoi stair Derboukas féin, ach bhí a stíl leithleach féin acu.
Vagif Mustafazade & Sevíl – ‘Ceyran’(1975)
Comhnascadh ceart den snagcheol agus ceol na Asarbaiseáine. Seachas na gnéithe díchosúla a mheascadh d’aimsigh Mustafazade na cosúlachtaí atá ag an dá sheánra lena chéile. Tá iníon Mustafazade, a bhean chéile agus roinnt dá chairde le clos i mbun amhránaíochta ar an bpíosa seo. Léamh fíor-spéisiúil ar cheol jazz-funk a leagann béim ar a bhfuil ar siúl ag lámh dheas an phianódóra.
Rafiq Babayev – ‘Düşüncə’ (1970)
Ceirnín eile ón Asarbaiseáin. Más ceacht pianó atá i gceol Mustafazade, múineann an físeán seo dúinn conas giotár a sheinm mar is ceart.
Mazouni – ‘Écoute-moi Camarade’ (1974)
Is furasta teacht ar cheirníní Mazouni sa Fhrainc., agus idir cheol chaabi na hAilgéire agus garage rock le clos orthu. Tá cur i láthair Mazouni thar a bheith fileata, é ag déanamh neamhiontaisde na línte idir ceol traidisiúnta na hAilgéire agus an Chanson Fraincise. Mar dhísréad, táimid ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh i gcás chultúr an Iarthair agus chultúr an Oirthir.
Mohammad Nouri – ‘Biya Bar-e Safar Bandim’
Amhránaíocht Pheirseach curtha in oiriúint don bhfunc-cheol, mar a bhíonn muid féin ag iarraidh a dhéanamh.
Selda – ‘Yaz Gazeteci Yaz’ (1976)
Toisc gur phóstáil Merve an t-amhrán seo ar Facebook a casadh ar a chéile sinn. Tá cothromaíocht foirfe i gceist leis an tslí a chuireann Selda ceol lena cuid liricí. Tá cumas aici dath an daoncheoil a chur ar fhuaim an tsintéiseora, fiú — rud aoibhinn le clos.
Tá Mantra Moderne le Kit Sebastian le fáil anois ar cheirníní Mr Bongo