Ar chúl an albaim…

Is fada uainn teocht an tsamhraidh ach tá an dara halbam de chuid an tríréid hip-hap Jungle Brown, Full Circle, chomh teobhlasta céanna agus a bhí nuair a thuirling sé i mo bhosca litreach isteach siar i mí Iúil. 

Is ann a cloisfear scoth na rianta hip-hap den tsean-stíl boom bap, i bhfoirm singilí mar ‘Keep It Movin’ agus ‘We On’ (i dteannta Sampa The Great), taobh le poirt don urlár rince a mheascann eilimintí de cheolta house, grime agus trap go glic isteach i mbun-fhuaim hip-hap Jungle Brown.

Seo na mar a chuir Jungle Brown síos do NÓS ar an seacht bpíosa ceoil is mó a chuaigh i bhfeidhm ar chruth agus ar fhuaim Full Circle.


Kanye West – ‘Apologise(2004)

Amhrán den saghas seo a bhíonn á sheinm arís agus aríe eile nuair a chloisim ar dtús é. Tá rud éigin chomh mealltach faoi scéalta faoi chaidrimh inste go fileata thar bhuillí míne hip-hap. Domsa, tá blas na mhachnaimh agus blas na fantaisíochta i gceist leis. Scéal faoi eachtraí nach bhfuil puinn eolais againn fúthu, nó rud a bhfuil taithí pearsanta againn ar inár saol féin.

Goldlink – ‘Crew’ (2006)

Sár-amhrán amach is amach. Tá an t-amhrán seo an-tarraingteach. Tá an buille corrach trap sin le heilimintí corraitheacha leath slí idir bhuillí boom bap hip-hap na sean-stíle agus trap ceart. Péinteáiltear pictiúr den rath agus cáil nua agus na buntáistí sácráilte agus dainséir a bhaineann leis. Ar an bport ‘Vices’ ar an albam úr chruthaíomar an chothromaíocht chéanna idir an dá idéal seo.

Notorious B.I.G – ‘Everyday Struggle’ (1994)

https://www.youtube.com/watch?v=rogvlB2SP4k

Léiriú garbh, amh ar fhírinne an tsaoil. Saol an rógaire sráide atá ag snámh in aghaidh easa. Bhaineamar feidhm as an choincheap céanna ar ‘Vices’, ar ár gcéad albam Flight 314 (2016), ach i slí atá níos dílse dár saol agus ar gcomharsanacht féin.

Fugees – ‘Fu-Gee-La’ (1995)

A leithéid de sheoid de shár-amhrán hip-hap. Bhí amhrán de dhíth orainn dár seó beo a mbeadh leagan amach glao agus freagairt ar. Sin atá le clos ar na rianta ‘Wicked’ agus ‘Keep It Movin’.  Déanann an port seo é sin agus tá nasc ann leis an bhfuaim a bhí ag Jungle Brown ó thús.

 Fish Go Deep – ‘The Cure And The Cause’ (2005)

Ceann é seo de na rianta a chuir tús leis an ngluaiseacht ceoil UK Funky siar in 2006, d’athraigh an port seo fuaim na gclubanna ar feadh roinnt bheag blianta ina dhiaidh. Chaitheamar mórán ama sáite sa ghluaiseacht sin. Bhí fonn orainn roinnt de bhlas an cheoil UK Funky a chur le lenár gceol, fuaim déanta don urlár rince, agus sin a bhfuil le clos ar ‘Ikoja’ agus ‘Huami’.

Will Smith & DJ Jazzy Jeff – ‘Summertime’ (1991)

Seoid aitheanta de rian dearfach hip-hap. Ag an am chabhraigh ‘Summertime’ chun meon an ghnáthdhuine faoi cad is ealaíontóir hip-hap ann a athrú. Thugamar linn blas sin na dearfachta ar ‘We On’, cé go bhfuil ár dteachtaireacht rud beag níos doimhne.

Organized Konfusion – ‘Hate’ (1997)

San amhrán seo, tugann Organized Konfusion faoi choincheap na féiniúlachta ó dhearcadh an duine lasmuigh dá gcultúr féin. Dhírigh Organized Konfusion ar mheon an fhir ghil Airíoch, ach tá muidne ag caint faoi shaol ina bhfuil na mothúcháin bhagracha sin ar foluain thart orainn.


Éist le seinnliosta Jungle Brown do Ar Chúl An Cheirnín anseo anseo.

Full Circle le Jungle Brown le fáil anois ar cheirníní Mr Bongo.

SCÉALTA EILE