Ar Chúl an Albaim…

Dá n’iarrfaí orm liosta de na hamhráin ghrá is deise liom a bhreacadh síos ní bheadh ‘Spell’ ón gcumadóir agus ilionstraimí Fionnlanach Jimi Tenor rófhada ó bharr an liosta. Tá an t-amhrán úd ar an albam Out Of Nowhere a d’eisigh an lipéad Warp ag tús na mílaoise. 

Ó shin i leith tá sruth gan staonadh d’albaim ar ardchaighdeán eisithe ag Tenor i dteannta leithéidí mháistir na ndrumaí afrobeat Tony Allen, an grúpa reigé Íoslannach Hjalmar, an ceoltóir cnagcheoil Aetópach Abdissa Assefa agus an cheolfhoireann snagcheoil UMO.

Tá 18ú albam stiúideo Tenor, Order of Nothingness, le fáil anois a bhuíochas don lipéad Philophon.

Saothar bríomhar, fuinniúil é, ar a bhfuil Tenor le clos ag cur eilimintí d’fhuaim beatnik andúchasach an chumadóra Eden Ahbez, ceol highlife agus snagcheol spioradálta Yusef Lateef lena phop-fhuaim jazz-func cosmach féin. 

Tugann Tenor “ceol taistil don aigne” ar an saothar.

“Is féidir liom taisteal go domhain nach ann dóibh in aon chor ach i m’aigne féin, ach ag deireadh an lae is faoi ghrá agus héadónachas gach amhrán a scríobhaim,” a deir sé. 

Labhair Tenor le  ‘Ar Chúl an Albaim’ ina tholglann cheoil shíceach agus thaispeáin an seacht bpíosa ceoil is mó a chuaigh i bhfeidhm air le linn dó Order of Nothingness a chumadh agus a thaifeadadh. Seo mar a bhí le rá aige.


1. Eden Ahbez – ‘Full Moon’

Bhí an t-amhrán seo mar fhoinse inspioráide agam do ‘My Mind Will Travel’ ón albam úr, cinnte. Do thaitin filíocht á reic os ard riamh liom. Tá rud éigin soineanta faoin tslí a léitear an dán anseo. Is breá liom filleadh ar an dúlra agus siúl timpeall san fhoraois.


2. Alice Coltrane – ‘Journey In Satchidananda’  

Táim an-thógtha le hAlice Coltrane. Tugaim faoi ndeara go mbím ag éisteacht léi níos mó ná le John Coltrane. Níor cheart dom iad a chur i gcomparáid, ach sin díreach cad atá déanta agam. Cloisfear Pharoah Sanders ag seinnt an tsacsafóin sopráin ar an bpíosa seo. Is aoibhinn liom stíl Pharoah, bhí an thionchar aige ar mo stíl sacsafóin féin.


3. William Onyeabor – ‘Atomic Bomb’   

Déanaim amach go rabhas ag éisteacht leis an albam seo agus Order Of Nothingness á dhéanamh agam. Meascán iontach d’fhuaimeanna acústacha agus sintéiseoirí. Tá na liricí seo craiceáilte, ar nós mo ghrinn féin.


4. Piero Piccione – ‘It’s Possible’

Is breá liom Ennio Morricone, ach le déanaí chuir mo ghrá gheal Toimi Tytti ceol Piero Piccione ar mo shúile dom. Ní thuigim conas nach raibh sé cloiste roimhe seo agam. Tá sé an-chosúil le stíl Morricone, is fíor, ach is dócha go raibh an fhuaim sin san aer siar ag an am sin.


5. Olivier Messiaen – ‘Éclairs sur l’au-delà’

Bainim úsáid go minic as seicheamhóirí fochéime agus ceol á chumadh agam, agus teicnící a bhaineann le ceol leictreonach go háirithe.  Bainim feidhm as an rogha “chord memory” ar an sintéiseoir Korg Poly-800 , mar shampla. Anois, níl a fhios agam ar úsáid Messiaen “chord memory” a Pholy-800 féin ach mheasfá ón dtoradh go mb’fhéidir gur dhein. Is dóigh liom go bhfuil mórán slite chun an sprioc chéanna a bhaint amach sa saol.


6. Eric Dolphy – ‘Iron Man’

Ó, a dhuine, ba bhreá liom bheith in ann seinnt ar nós Eric Dolphy! Ach, ar an lámh eile, is dócha gur fearr é go seinnim mar a dheinim mar is sin an duine atá ionam. Pé rud é, bíodh caighdeán Dolphy mar aidhm againn. Tar éis éisteacht leis an rian seo bheartaíos cleachtadh a dhéanamh ar níos mó nótaí tapa a sheinnt.  Ní raibh sé riamh de nós agam seinnt go tapa, ach le déanaí táim ag iarraidh mo stíl a fhorbairt ón taobh sin de. Is aoibhinn liom na hidirchéimeanna dúshlánacha atá á úsáid ag Dolphy do phríomhshéis ‘Iron Man’. Ceathraigh mhéadaithe, scála lántónach; stuif a ceaptar atá measartha dúshlánach don ghnáth-éisteoir, abair.


7. Hermeto Pascoal – ‘Chorinho Para’

Tá an t-amhrán seo ar nós ceol a cumadh go speisialta don pizzeria. Is aoibhinn liom é. Bím ag cleachtadh leis an amhrán seo, agus measaim nach mé an t-aon duine a bhíonn. Tá i bhfad níos mó spraoi ag baint le bheith ag cleachtadh leis an amhrán seo ná bheith díreach ag seinnt scálaí. Píosa iontach ann féin é, leis, gan amhras!


Éist anseo leis an seinnliosta Spotify ‘Ar Chul an Albaim le Jimi Tenor’

 

Order of Nothingness le Jimi Tenor le fáil anois ar cheirníní Philophon.

SCÉALTA EILE