Ar Chúl an Albaim…

Hyper Super Mega an teideal atá ar an gceathrú halbam leis an racghrúpa sícideileach The Holy Drug Couple (Ives Sepúlvida & Manuel Parra), as príomhchathair na Sile, Santiago, atá díreach eisithe ag an lipéad Sacred Bones. 

Táim faoi gheasa le tamall ag poirt mar an tsingil ‘Waterfalls’ is ‘I’ll Only Say This’, agus fuaim ag baint leo a shamhlófá le Primal Scream sa stiúideo le MGMT tar éis maidine caite acu ag éisteacht le Smile Bhrian Wilson.

D’iarr mé ar Ives Sepúlvida cur síos do Ar Chúl an Albaim ar na seacht bport is mó a bhí sa cheann aige féin agus a leathbhádóir faid is a bhí Hyper Super Mega á gcumadh agus á dtaifeadadh acu — is seo mar a bhí le rá aige.

1. Beach Boys – ‘Lets Go Away For A While’

Níor thosnaigh mé ag éisteacht le Pet Sounds go dtí thart ar cheithre bliana ó shin. Níor stop mé ó shin. Bhíos ag éisteacht leis an lá cheana agus léim an port seo amach, é gaolta le roinnt den stuif ar Hyper Super Mega. Domsa, is sampla maith é seo de choincheap an tsiansa póca. Tá sé thar a bheith séimh agus fíneáilte, le clogra réchúiseach agus téaduirlisí taibhseacha a chuaigh i bhfeidhm orm go fo-chomhfhiosach.

2. David Bowie – ‘Art Decade’

Tá an t-amhrán seo ar an albam Low, ón ‘Berlin Trilogy’ de chuid David Bowie. Tá na heilimintí is mó a a thaitníonn liomsa i bpíosa ceoil ar fad le clos ann, cinn a raibh tionchar acu ar Hyper Super Mega. Meaisín drumadóireacht analógach den chineál Korg mini pops, abair, téad-sintéiseoirí, na séiseanna dorcha agus rómánsúil sin, spás leathan agus mothúchán láidir an éadóchais. Ceann é de na hamhráin is ansa liom.

3. Primal Scream – ‘Higher Than The Sun

 

Is aoibhinn liom an t-amhrán seo. Táim tar éis éisteacht leis nach mór gach lá le trí nó ceithre bliana anuas. Táim an-tugtha do Screamadelica ina iomlán. Chonac Primal Scream beo tuairim is ocht mbliana ó shin agus iad ar camchuairt leis an mbunghrúpa mar cheiliúradh 20 bliain Screamadelica. Ba é ceann de na gigeanna ab fhearr riamh é. Tá an t-amhrán seo tar éis dul i bhfeidhm orm i mórán slite — ó thaobh liricí de, ó thaobh fuaime de, agus maidir le conas amhrán a chur le chéile. Saghas leagan comhaimseartha é de ‘Lucy In The Sky With Diamonds’ de chuid The Beatles ach níos dorcha, támhshuanach. Seoid d’amhrán gan aon agó. 

4. Fleetwood Mac – ‘Gypsy (Early version)’

Mar atá fíor i gcás ‘Higher Than The Sun’, táim tar éis éisteacht leis seo nach mór gach aon lá le ceithre bliana anuas. Ceann é de na hamhráin is deise liom de chuid Fleetwood Mac, agus is breá liom cóiriú fíneáilte mothálach tuisceanach an leagain áirithe seo. Is maith liom an tslí a cuireadh an t-amhrán le chéile —- tá sé simplí ach insítear an scéal ar bhealach an-deas. Cheapfá go bhfuil sé fíor ar bhealach amháin ach gur aisling atá ann ar bhealach eile.

5. Ennio Morricone – ‘Chi Mai’

Dúirt Morricone ná raibh sé in ann éisteacht le haon saghas popcheol nó raidió nó aon rud. Sa rian seo éiríonn leis fuaim sin na 80í a chumasc le glór an chruitchláir agus téaduirlisí atá cóirithe go haoibhinn aige. An toradh ná saghas fúg i stíl Bach a raibh tionchar mór aige orm agus mé i mbun oibre ar Hyper Super Mega. Má tá seinnliosta dar teideall ‘Ceol Aoibhinn’ agat ní mór go mbeadh an píosa seo le haimsiú ann.

6. Peter Gabriel & Kate Bush – ‘Don’t Give Up’

Chastaí an ceann seo ar stáisiún áitiúil raidió i mo bhaile dúchais sa tSile agus mé i mo gharsún. Músclaíonn sé mothúcháin an chumha agus na mistéire ionam i gcónaí. Sampla é den draíocht is féidir a bheith ag baint le glór agus stíl amhránaíochta uaireanta.  Curfá Kate Bush atá i gceist agam, ach is breá liom leis an teachtaireacht go bhfuil nasc eadrainn ar fad mar bhaill den chine daonna —  téama a bhí chomh comónta sin i gceol na 80í agus atá riachtanach sa lá atá inniu ann.

7. Stereolab – ‘Prisioner of Mars’ 

Is minic a d’éist mé leis an amhrán seo fad is a bhí Hyper Super Mega á thaifeadadh againn. An ceirnín Loops & Dots ina iomlán.  Is breá liom an bealach a measctar uirlisí acústacha agus glórtha leictreonacha, agus an saghas bossa nova leictreonach le blas an cheoil krautrock atá mar thoradh ar. Taitníonn an slí a cumadh an t-amhrán liom, freisin, chomh fíneáilte agus slachtmhar agus atá na glórtha agus na séiseanna tríd is tríd.


Éist le seinnliosta Spotify ‘Ar Chúl an Albaim’ le The Holy Drug Couple anseo.


Hyper Super Mega le fáil anois ar cheirníní Sacred Bones.

SCÉALTA EILE