Ar Chúl an Albaim…

Nuair a eisíodh Becoming A Jackal in 2010, cruthaíodh go bhfuil Conor O’ Brien ar dhuine de na liriceoirí is fearr in Éirinn. Ní de thaisme a bhain an an t-albam début úd an chéad áit amach i gcairt náisiúnta na n-albam, nó an dá albam stiúideo, {Awayland} (2013) & Darling Arithmetic (2015), a tháinig in dhiaidh ach an oiread. 

Tá blas anamúil as an nua le clos ar albam úr Villagers, The Art Of Pretending To Swim, agus O’ Brien ag tabhairt faoi cheisteanna móra an tsaoil, idir thionchar fealltach na teicneolaíochta ar aigne an duine agus luach an chreidimh le linn géarchéime eisí, thar phailéad mealltach indie-pop, idir dhigiteach agus analógach. 

Cad a spreag sa treo seo Villagers? D’inis O’Brien do Ar Chúl an Albaim faoin seacht bpíosa ceoil is mó a chuaigh i bhfeidhm air le linn dó The Art Of Pretending To Swim a chumadh agus a thaifeadadh.

1.   Paul McCartney – ‘Temporary Secretary’

https://www.youtube.com/watch?v=hdCH7ZewAfY

“Is breá liom gach rud faoin rian seo; an seiceamh aisteach sintéiseora sin a mheasfá atá ar tí titim as a chéile am ar bith, na liricí raiméiseacha a chuirtear i láthair ar nós páiste atá rómhór dá aois, an fonn iontach iar-Beatles sin agus blas bithbhuan na fuaime ina iomlán. Ealaíontóir á shaoradh féin ó shrianta an cheoil a chruthaigh sé suas go dtí an pointe sin atá le clos, é ag déanamh ceoil ar mhaithe lena phléisiúr féin agus á eisiúint, is cuma pé neamhfhoirfeacht a bheadh ann. Ceol inspioráideach.”

2. Ann Peebles – ‘Make Me Yours’  

https://www.youtube.com/watch?v=mNjeuXVkemI

“Bhí tréimhse roinnt seachtainí ann nuair a d’éistinn leis an amhrán seo gach maidin sula dtéinn chun an stiúideo isteach. Thug sé rud beag fuinneamh breise dom a chabhraigh liom tabhairt faoi leathanach glan agus micreafón. Screadfainn ‘Make Me Yours’ go hinmheánach agus, níos déanaí, laistigh de gach nóta agus focal nua a chruthaigh mé. Buíochas leat, Ann Peebles, agus le do ghlór agus spiorad álainn.”

3. Brigid Mae Power – ‘Is My Presence In The Room Enough For You?’

https://www.youtube.com/watch?v=f3Hhpkn-zl8

“Tá rud éigin suaimhneasach faoin bpíosa ceoil seo; ní dóigh liom go dtuigfidh mé i gceart riamh é ach níl uaim é a thuiscint. Táim sásta dul le sruth ann. Tugtar leide go bhfuil imreas idir príomhphearsa an amhráin agus an duine lena bhfuil sí ag labhairt ach in ainneoin a “retreating soul” coimeádann sí  guaim ghrástúil uirthi féin. Ní duine rótheicniúil mé ó thaobh ceoil de agus n’fheadar mé cén scála atá in úsáid anseo ach is maith liom é, pé rud atá ann. Iniúchadh álainn ar fhearg maothaithe.”

4. James Holden / The Animal Spirits – ‘Pass Through the Fire’  

“Bhí mé faoi gheasa ar fad ag an albam seo nuair a eisíodh anuraidh é. Seo ceann de na rianta is deise liom ach d’fhéadfadh aon cheann a roghnú. Tosnaíonn sé mar a bheadh óid do Terry Reilly ann ach faoi dheireadh an rian tá sé casta ina líontán fuaime eipiciúil de ghlórtha guairneánach práis agus sintéiseoirí dordánach ag dul thart i gciorcail os do chionn. Táim meallta ar fad ag an bpíosa ceoil seo, ceann eile a chabhraigh liom diúltú do na srianta a chuir mé orm féin agus mé ag cruthú ceoil.”

5.James Holden / The Animal Spirits – ‘Thunder Moon Gathering’ 

“Ní fhéadfainn gan rian eile ó albam James Holden agus The Animal Spirits a roghnú. Turas eipiciúil eile é an rian áirithe seo. Fuaimníonn sé ar nós Charlie Mingus agus Miles Davis aimsir Bitches Brew agus iad i mbun cóisire spioradálta ar imeall dúphoill gan deireadh atá á slogadh, go mall, as radharc. Nochtar rif bhoilgearnach iontach (measaim gur orgán atá ann) diaidh ar ndiaidh, rif a labhraíonn faoin leochaileacht atá i gceartlár an anoird sula bpléascann an rud ar fad arís. Port a leigheasfadh thú.”

6.Ryuichi Sakamoto –  ‘Andata’  

“Tháinig na deora liom nuair a chuala an rian seo den chéad uair. Tá sé thar a bheith brónach agus álainn. Scuabann sé tharat mar a dhéanfadh tonn géilliúlachta síochánta. Ar chúis éigin tá nasc i m’intinn idir é agus ‘Spiegel Im Spiegel’ ó Arvo Part cé, ar leibhéal éadomhain, nach bhfuil an oiread sin cosúlachtaí eatarthu. Tá blas dubhach ar an dá phíosa; ar nós an mharbhna is aoibhne a d’fhéadfá a shamhlú — ceann a chuireann gach duine sa seomra ag gol, agus a fhágann ar aon leibhéal iad sula dtugann siad faoin dtábhairne le héalú le chéile, le cabhair an óil, ó ainnis an tsaoil seo.”

7. Billie Holiday’Strange Fruit’ (Live at the Philharmonic Auditorium, Los Angeles/1945)

“Tá rud éigin iontach cumhachtach ag baint leis an taifeadadh seo — baill den lucht éisteachta ag caint agus ag gáirí ar deireadh an chéad véarsa, atá aisteach, agus an slí a ghlanann sí a scornach ag tús an amhráin, ar nós go bhfuil sí á hullmhú féin d’ábhar tromchúiseach dorcha  an amhráin a bhfuil sí ar tí a chanadh.  Ghearrfadh glór Holiday trí aon rud, fiú glóraíl sheasmhach sochaí fuar. Nuair atá an trí nóiméad seo caite is é glór Holiday an t-aon ghlór atá le clos sa seomra, seomra a phléascann, ar deireadh, le gáir mholta. Tá sé le tuiscint cén fáth.”

SCÉALTA EILE