Ar Chúl an Albaim…

Cad é dordlíne na bliana 2018? Mo rogha féin ná ‘Treadmills’ le Maribou State (Chris Davids agus Liam Ivory), port atá i mo mhála dioscmharcaíochta ó eisíodh mar singil ag tús an tsamhraidh é.  

Tá cumhacht neamhghnách i ‘Treadmills’ chun anam a chur sa lucht rince agus daoine a thabhairt le chéile is cuma cén t-am den oíche a roghnófá é a chasadh. 

Ní hí an taon seoid atá le haimsiú ar an dara halbam de chuid Maribou State, Kingdom In Colour, a eisíodh le déanaí. Tá ‘Feel Good’ i dteannta Khruangbin ar nós ceol Royksopp athshamhlaithe mar ábhar rince do rinceoirí boilge, forbairt iontach ar oidhreacht ceoil The XX é ’Nervous Tics’ i dteannta Holly Walker. Saothar a léiríodh le go leor dúthrachta é  Kingdom In Colour, agus ceann nár cheart a chailliúint má tá dúil agat i gceol leithéid Bonobo, Caribou nó Mount Kimbie.

D’inis Davids agus Ivory do Ar Chúl an Albaim faoin na seacht bpíosa ceoil is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu linn dóibh Kingdom in Colour a chumadh agus a thaifeadadh.

1. Alabama Shakes – ‘Guess Who’

“Bhí an t-albam Sound & Color ina iomlán mar foinse mhór inspioráide dúinn, go háirithe an léiriú fuaime agus an fhuaimdhreach dhochreidte a chruthaigh siad. Léigh mé in áit éigin ar líne go raibh an grúpa agus a léiritheoir ag iarraidh go measfaí gur ag locha a bhí an t-amhrán seo seinnte. B’aoibhinn linn an coincheap úd agus rugamar linn roinnt de na teicnící le hiad a chur chun tairbhe ár n-albaim féin.

2. Benge – ‘1975 Moog Polymoog’

“Thángamar ar an amhrán áirithe seo tamall de bhlianta ó shin agus thiteamar i ngrá lena shimplíocht thochtmhar.  Bhí sé sa cheann againn riamh píosa chomh goinbhlasta agus meallacach leis a chumadh gan feidhm a bhaint as mórán eilimintí. Níor éirigh linn píosa díreach mar é a chruthú, faraor, ach mar sin féin bhí tionchar mór ag an bpíosa seo ar ár n-albam úr.”

3. Unknown Mortal Orchestra – ‘Multi-Love’

“Thángamar ar an ngrúpa seo fad is a bhí tréimhse míosa á caitheamh in Berlin againn ag scríobh. Mar a tharla sé, bhí an t-albam Multi-Love mar fhuaimrian an turais sin. Tháinig a n-albam is déanaí, Sex & Food, amach agus deireadh á chur againn le taifeadadh Kingdoms In Colour agus chabhraigh sé go mór linn an beart a dhéanamh in am don ndáta ar a raibh ár lipéad ceoil ag súil le toradh ár n-oibre a chlos.”

4. Dur Dur Band feat. Sahra Dawo – ‘Gorof (Elixir)’

“Bunaithe sa tSomáil sna 80idí, bhí fuaim órga ag an ngrúpa seo. Chuaigh an t-amhrán seo i bhfeidhm orainn, go háirithe, de bharr glór eadarbhuasach, tláithbhinn an amhránaí agus na rithimí dioscó. Dheineamar iarracht ar leith blas lo-fi ceol an ghrúpa seo a athchruthú agus sinn i mbun Kingdoms In Colour a thaifeadadh.”

5. Khruangbin – ‘People Everywhere (Still Alive)’

“Is maith is cuimhin liom an t-amhrán seo a chlos an mhaidin tar éis ar gcéad ceolchoirm riamh i n Paris, agus a bheith ag rince timpeall an seomra le gliondar.  Déarfainn go bhfuil sé ar cheann de na rianta is deise linn a tháinig amach le tamall beag de bhlianta. Bhí tionchar ar leith ag an bport seo, agus ag an albam The Universe Smiles Upon You, ar ár n-albam úr, agus ar deireadh d’éirigh linn an rian ‘Feel Good’ a thaifeadadh i dteannta Khruangbin do Kingdoms In Colour.”

6. Caribou – ‘Irene’

“Is fada sinn ag saothrú faoi thionchar ceoil Caribou cé, nach ait é, nach bhfuil aon baint aige le teideal ár ngrúpa. Tá an dúthracht lena dtugann sé faoi mhionsonraí an rian seo dochreidte. Tá an bealach a chuireann sé na fuaimeanna ag snámh timpeall ort, agus iad ag athrú de réir is mar a théann an port ar aghaidh, chomh sultmhar sin. Arís, dheineamar iarracht ar leith díriú ar an gcodarsnacht chliste sin idir réimniú go simplí ó chorda go corda agus léiriú fuaime is tonúlacht as an ngnáth.”

7. Nils Frahm – ‘My Friend The Forest’

“Arís, is léiritheoir é Nils Frahm a raibh tionchar aige orainn riamh. Eisíodh an fadsaothar is déanaí dá chuid, All Melody, le linn na tréimhse a raibh deireadh á chur againn le taifeadadh Kindoms In Colour, rud a chabhraigh sé linn luí isteach i gceart ar cheird na hoibre stiúideo. Sampla é ‘My Friend The Forest’ den chumhacht a bhaineann le haire cheart a thabhairt do mhionsonraí an cheoil.”


Kingdom In Colour le áil anois ar cheirníní Counter/Ninja Tune.

 

SCÉALTA EILE