Ar Chúl an Albaim…

Nuair atá uaisleacht an indie-cheoil, leithéidí Arcade Fire agus Thurston Moore (Sonic Youth), ar thóir cláirseora cuirtear scairt ar Mary Lattimore agus a cláirseach 47-téad Lyon & Healy, ach le blianta beaga anuas tá Lattimore i mbéal an phobail mar gheall ar a ceol draíochtúil féin. 

Agus í ag obair le sraitheanna de lúibíní a sheinntear ar an gcláirseach, baineann Lattimore feidhm go géarchúiseach as próiseáil dhigiteach chun cur le pailléad sonach na huirlise. 

Spreag a halbam deireanach. Collected Pieces, mothúcháin láidre ionaim nuair a thug mé mo mheas ar san iris seo anuraidh. Tá an bailiúcháin úd sáraithe ag Lattimore lena halbam is déanaí, Hundreds Of Days. Níl aon chaint san aer i gceist le teidil Lattimore do phíosaí mar ‘Feels Like Floating’, glac uaim é. 

Seo mar a dhein Lattimore cur síos do léitheoirí NÓS ar an seacht bpíosa ceoil is mó a raibh tionchar acu uirthi agus fadsaothar réchúiseach na bliana go dtí seo á chumadh agus á thaifeadadh aici.

1. William Basinski – ‘Disintegration Loop 1’

Tá an oiread sin grá agam don bpíosa seo, an slí go n-athraíonn cruth an cheoil go mall de thoradh na hathsheanma mar a bheadh spól snátha á dhíchornadh. Simplí, ach tá an oiread sin dathanna le sonrú ann. Bím féin ag obair le lúibíní, agus is dóigh liom go bhfuil sé spéisiúil mar a thugann athraithe fíneáilte ar lúibín go háit nua ar fad píosa ceoil.

2. Fripp and Eno – ‘Wind on Water’ 

Tá stua uigeachta an phíosa seo thar a bheith slachtmhar. Beirt mháistrí iad, is aoibhinn liom an oiread sin den cheol atá déanta i dteannta a chéile acu. Meascán guairneánach fuaimeanna a chruthaíonn dlús ar féidir dúshnámh a dhéanamh ann.

3. Espers – ‘Daughter’

Sampla álainn é an t-amhrán seo de chomh hiontach is a bhí an grúpa Espers. Tá áthas orm go mbeidh siad ag teacht le chéile arís chun roinnt seóanna beo a dhéanamh sara fada. Bhog mise go Philadelphia den chéad uair toisc go ndúirt drumadóir an ghrúpa, Otto, ar dlúthchara liom é, go raibh pobal bríomhar ceoil ann. Cuireadh gach duine sa ghrúpa in aithne dom, agus ó shin táim tar éis comhoibriú leo ar fad ar bealaí éagsúla. Cairde luachmhaire éirimiúla.

4. Debussy – ‘Clair de Lune’ 

Bím ag éisteacht le Xavier de Maistre, an cláirseoir cáiliúil, á chasadh agus is aoibhinn liom an dílseacht do cheol glan liriciúil.  Máistir an cheoil mheidhrigh rómánsúil-impriseanaíoch é Debussy.  Péinteáil uiscedhatha dos na cluasa!

5. Grouper – ‘Disengaged’

Sí Liz duine de na ceoltóirí is ansa liom, agus taitníonn blas láidir an dlúthchaidrimh a chruthaíonn sí ina cuid ceoil go mór liom. Mothaíonn sé fíor-phearsanta, rud beag ar nós na deamhandíbeartha, éifeacht a bhím féin ag iarraidh a chruthú uaireanta is mé i mbun ceoil. Pé rudaí a mheascann sí, fuaimníonn sé mar í i cónaí. Sin stíl ó nádúr nach féidir leat ligean ort go bhfuil sí ionat mura bhfuil.

6. Dorothy Ashby – ‘The Moving Finger’ 

Laoch í Dorothy Ashby. Cláirseoir a bhfuil clú agus cáil uirthi. Ar an gceirnín seo, The Rubaiyat of Dorothy Ashby, nochtann ilfheidhmiúlacht na huirlise.  An bealach is fearr chun cinntiú go mbeidh borradh ar an gcláirseach ná ligean don uirlis a háit féin a aimsiú i bpictiúr mór an cheoil, seachas srian a chur uirthi mar a mbeadh bosca luachmhar clasaiceach amháin ann. 

7. Harmonia – ‘Walky-Talky’ 

Is breá liom na fuaimeanna aisteacha bíogacha agus an oiread sraitheanna fuaime atá san amhrán seo. Taitníonn sé go mór liom fuaimeanna a shamhlú mar a bheadh bláthanna iontu a thagann faoi bhláth agus a théann i léig de réir a chéile. Tá ‘Walky-Talky’ ar cheann de na hamhráin is giorra do mo chroí. Tá blas súgradh, trialach ar an gceol, ach tá fórsa tiomána láidir mar ancaire ag an píosa. 



Éist le seinnliosta Spotify ‘Ar Chúl an Albaim’ le Mary Lattimore anseo: 

Hundreds Of Days le Mary Lattimore le fáil anois ar lipéad Ghostly International.

SCÉALTA EILE