Focal é Uhuru a chiallaíonn ‘saoirse’ i Svaihílis na Tansáine, agus an t-ainm a thugann muintir na tíre sin ar cheartmhullach shliabh Kilimanjaro. Teideal é Uhuru, freisin, ar albam début an tríréid hip-hap as Bristol Summer Sons mar gurbh ar bharr an chnoic chéanna a thug Turt (rannta) agus a chol ceathrar C. Tappin (glór, pianó) cuairt sara chuir siad tús le taifeadadh an albaim.
Deartháir Turt, Slim, atá freagrach as buillí Summer Sons, agus cé nach bhfuil an triúir ach sna fichidí luatha, tá críonnacht agus anam ag baint le Uhuru nach mbeifeá ag súil leis ó fhir chomh hóg leo.
Críonnacht í a forbraíodh ag éisteacht le leithéidí D‘Angelo agus Erykah Badu chomh maith le léiritheoirí fíorcheoil hip-hap na seanré, ar nós DJ Premier agus Pete Rock, seachas leis an dub-reigé agus ceol rare groove a shamhlófá le fuaim hip-hap Bristol de ghnáth.
Shuigh Summer Sons síos le Ar Chúl An Albaim is thug siad míniú paiseanta ar sheacht bport a bhí sna cluasa acu agus cruth is fuaim ceann d‘albaim hip-hap réchúiseach na bliana á léiriú acu.
1. Erykah Badu – Green Eyes
“Tá áit speisialta inár gcroí ag an bport seo. Tá an cóiriú dochreidte, tugann sé ar thuras ceart thú. Tá sé ar cheann de na chéad phoirt ar dhein Slim sampláil orthu is é ag tosnú ar bhuillí hip-hap a léiriú, mar sin bhí an port seo lárnach i nginiúint na Summer Sons. Muna bhfuil an ceolchoirm ‘Tiny Desk‘ feicthe agat ní mór é sin a chur ina cheart, ní bheidh díomá ort!“
2. Mos Def – Umi Says
“An bhfuil a fhios agat nuair a thugann tiúin siar go ham agus áit ar leith thú? Seo ceann de na rianta sin. Ní dhéanfaidh mé dearmad riamh ar an uair a chuala Three Chairs á chasadh seo ag Dekmental. Ní mór a rá go bhfuil Mos Def ar dhuine de na healaíontóirí is mó a spreag an triúir againn dul i mbun an cheoil. Lena bhuanna mar ionstraimí, mar amhránaí, mar rapadóir agus mar léiritheoir is duine de laochra móra an cheoil hip-hap é.“
3. D’Angelo – The Line
“Is deacair rian ar leith de chuid D‘Angelo a roghnú thar ceann eile. Tá an triúir againn ar aon ghuth go bhfuil D‘Angelo ar an an ceoltóir is deise linn, agus Voodoo ar an albam is fearr atá cloiste againn. Chonaiceamar triúir i Londain éan oíche sara dheineamar taifeadadh ar an gcéad amhrán ar an albam, ‘Dawn To Dusk‘. Bhí an seó thar cionn, agus thar a bheith spreagúil. Bhí an-tionchar ag a chuid ceoil orainn agus ar an slí a chuireamar an t-albam le chéile.“
4. Alfa Mist – 7th October
“Tá rud éigin speisialta faoin snagcheol atá ag teacht as Londain i láthair na huaire. Tá tionchar an cheoil hip-hap agus an cheoil leictreonaigh le clos i roinnt mhaith de, agus seasann fuaim Alfa Mist amach go háirithe. Albam teobhlasta ó thús deireadh é a début, Antiphon. Táimíd ar bís lena chéad eisiúint eile a chlos!“
5. Slum Village – Look of Love (remix)
“Ní raibh aon amhras ach go mbeadh Slum Village ar an liosta seo. Tá an oireadh sin rianta maithe acu ach is seoid cheart an ceann seo. Bhíodar go mór chun tosaigh ar lucht a linne, agus bhí tionchar mór ag an ceol a dheineadar ar fhuaim ár gceoil féin, go háirithe ó thaobh na mbuillí de. Tá an talbam Fantastic Vol.2 an-snasta ach is breá linne an fhuaim amh, scaoilte a bhaineann le Fantastic Vol.1. Mheasfá ag éisteacht leis gur istigh sa stiúideo leo atá tú, sampla a leanamar dár n-albam féin.“
6. Gang Starr – Moment of Truth
“Ceann é seo de na rianta a chualamar agus sinn sna déaga luatha a léirigh dúinn cumas an MC teachtaireacht a chur i láthair a bhí níos doimhne ná mar bhí i gceist leis an stuif bhí á gclos againn ar an raidió ag an am. Thuigeamar ón rian seo gur féidir tabhairt faoi ábhar tromchúiseach thar cheol iontach bríomhar. Seoid é an t-albam iomlán, ach bhí tionchar ar leith ag an port seo ar bhunstíl Summer Sons.“
7. Twit One – Zuelpicher Blues
“Bhí tionchar mór ag léiritheoirí hip-hap na Gearmáine orainn, go háirithe Twit One. Seo ceann de na rianta is fear óna n-albam ‘Stepping Stones‘, a d‘eisigh an lipéad Melting Pot Music. Ba é Twit a chuir i dteagmháíl le Melting Pot Music sinn, tar éis dúinn casadh leis in Bristol. Iontach an rud e bheith ag obair le lipéad ceoil a chuaigh i bhfeidhm chomh mór orainn thar na blianta, tá muid thar a bheith buíoch do Twit One as sin.“
Éist le seinnliosta Spotify ‘Ar Chúl an Albaim’ le Summer Sons anseo
Ta Uhuru le fáil anois ar cheirníní Melting Pot Music.