(Grianghraf: Jennifer Medina)
D’ainneoin go bhfuil cáil ar FaltyDL (Drew Lustman) as a chumas chun eilimintí dub, house, garage, snagcheoil agus teicneo a fhilleadh isteach ar a chéile deir sé nár bhraith sé aon cheangal le ceol rince ar feadh tamaill de bhlianta sular chuir sé tús lena albam nua Neurotica a thaifeadadh.
Cad a thug air a intinn a athrú?
“Samhradh na bliana 2024 a bhí ann. Bhíomar sa Chatalóin,” a deir Lustman. “Mo chailín, ár n-iníon óg, na seandaoine. Laethanta in aice le linn snámha an tsráidbhaile, tráthnónta ar an rothar smúitraoin. San oíche, rinne mé sailéid. Rudaí simplí. Rudaí maithe. Tráthnóna amháin, agus mé i mo luí ar mo dhroim, mo ghuthán i mo lámh agam, chonaic mé cara de mo chuid ag postáil GRWM. Bheir an ceol a bhí sa chúlra greim orm.
“An rian ab ea ‘Secret’ de chuid Mietze Conte, ceol damhsa europop tapa, cosúil le ceol gabber bog clúmhach le guth linbh ann. Chuaigh mé sa tóir ar an leagan iomlán. Sheinn mé arís é. Agus arís. Fiche uair thar na laethanta ina dhiaidh sin. Nochtaigh sé rud éigin. Déanann an ceol is fearr é sin. Cosúil leis an gcéad uair a chuala mé Burial.”
“Thosaigh mé ag taifeadadh,” a deir sé. ”Ag gabhailt d’fhuaimeanna gasta geala milse. 185BPM go 200 BPM. Scríobh mé iad go sciobtha – leath lae in aghaidh an riain. Idir an dá linn, mhoilligh mé rudaí. Thug mé spás don anáil.”
Rinne Lustman tástáil ar na rianta.
“Sheinn mé iad do pháistí nach raibh ach díreach as a gclúidíní,” arsa Lustman, “agus do dhaoine fásta a bhogann fós ar nós gur naíonáin iad. D’oibrigh siad, is cuma cén aois a bhí an duine. Choimeádas deas simplí é. Dhá riail: gan stop a chur leis an sruth cumadóireachta agus gan féachaint ar mo ghuthán.”
D’iarr Ar Chúl an Albaim ar Lustman cur síos a dhéanamh dúinn ar an seacht bpíosa ceoil is mó a chuaigh i bhfeidhm ar chruth agus ar fhuaim mhilis spraoiúil Neurotica (an port úd de chuid Mietze Conte ina measc!).
1. Theo Parrish – ‘Nefarious Stranger’ (Sound Signature, 2000)
Ní bhíonn an port seo riamh rófhada ó mo chuid smaointí. Cé go bhfuil sé casta, bhí tionchar ag an amhrán seo ar mo rian ‘Lay Your Heart Down’.
Ba é an t-atmaisféar draíochtúil, ar nós gur ag taibhreamh atáir, agus dath an EQ tríd is tríd a spreag breakdown mo rian féin. Tá glór na dtéad agamsa agus fuaim a chuid sintéiseoirí saghas luaineach ach nádúrtha san am céanna.
2. Mietze Conte – ‘Secret’ (Féineisithe, 2024)
Níl ceol Mietze chomh casta le mo chéad rogha thuas ach tá níos mó saoirse ag baint leis. Bhí tionchar ollmhór ag ceol Mietze ar m’albam úr. Tá súil agam go bhfuil sé ceart go leor leis sin háhá!
Níor chum mé ceol ag luas níos airde ná 170BPM cheana ach bhraith mé gur thug an t-amhrán seo cead dom dul níos tapúla ná sin. Baineann an ceol is fearr an glas de rud éigin ionat, athraíonn sé d’inchinn ar shlí.
Déanta na fírinne níor bhraith mé aon cheangal leis an gceol rince le sé bliana nó mar sin anuas. Tháinig an t-amhrán seo i dtarrtháil orm. Bhí mé ar bís chun tabhairt faoin gceol rince arís tar éis dom é a chlos. Braithim fós go bhfuilim seasta lasmuigh den réabh agus mo chluas brúite in aghaidh na gloine agam, go fóill ar aon nós.
3. Peder Mannerfelt – ‘Squarewave To Heaven’ (Voam, 2021)
Is aoibhinn liom Peder, is aoibhinn liom Voam. Bhí leagan den albam úr déanta agam a raibh luas de idir 180BPM agus 210BPM i gceist le gach rian air, ach mheas an lipéad go mbeadh gluaiseacht níos fearr leis dá mbeadh roinnt rianta atá níos moille san áireamh. Tá dhá rian agam atá thart ar 150BPM ach ag éisteacht leo mheasfá go bhfuilid níos tapúla ná na cinn ar luas 190BPM. Tá creidiúint tuillte ag Peder as mo dhúil sa cheol teicneo a mhúscailt ionam in athuair lena EP ar cheirníní Voam. Tá rud éigin an-mhaith ar fad faoina chuid ciombail troitheáin.
4. Steve Reich – ‘Different Trains’ (Elektra Nonesuch, 1989)
Thug Steve Reich cuairt ar mo rang cumadóireachta nuair a bhí mé san ardscoil is labhair sé linn mar gheall ar théipthaifeadáin. Díreach a bheith sa seomra céanna le sárchumadóir a raibh an oiread sin bainte amach aige, domsa bhí sé ar nós go raibh duine éigin tar éis eochracha mo chéad mhótar a thabhairt dom. An bhliain chéanna chonaic mé an tsraith cheoil seo curtha i láthair ag Kronos Quartet agus iad ag seinm i gclós le titim na hoíche. Ceol fíorbhrónach atá i gceist. D’iompair mé liom ar feadh na mblianta é agus ghlac mé chugham féin ar fad é is mé ag taisteal ar thraein as Beirlín go Hamburg blianta níos déanaí.
Theastaigh uaim ceol a chruthú a rachadh i bhfeidhm ar dhaoine chomh mór le ‘Different Trains’, ach ceol a bheadh go hiomlán dóchasach agus ríméadach seachas brónach. Is é ‘We Have Everything We Need’ mo leagan de sin.
5. Phthalocyanine – ‘Ethiopian Runner’ (Planet Mu, 2004)
Bíonn ceol saghas craiceáilte á chumadh ag Dimitri. Ceol a mheallann tú chun dul ag puthaíl leat in éindí leis. Tá atmaisféar ar leith i gceist leis, é fíorchumhachtach.
Chuala mé an ceann seo thart ar 20 bliain ó shin nuair a eisíodh ar dtús é. Rinne sé a bhealach isteach i m’inchinn píosa, measaim.
6. Daft Punk – ‘Robot Rock’ (Astralwerks, 2005)
Thugas faoin gceol gutha ar m’albam ar an tslí chéanna, samhlaím, is a thugann Daft Punk faoi cheol gutha – ag tógaint véarsaí le crúcaí as samplaí nár ghá go mbeadh ciall leo ó thaobh bhrí na bhfocal de. Mar léiritheoir bím i gcónaí ag éisteacht le blas tonúil agus bunatmaisféar an amhráin sula ndírím ar na liricí féin a thuiscint. Sin díreach cad atá i gceist le mo phort ‘By Your Side’. Tá fiú blas an vóchódóra a shamhlófá leis na Punks ar an gcrúca.
7. Venetian Snares – ‘Öngyilkos Vasárnap’ (Planet Mu, 2005)
Bhí an dlúthdhiosca seo i mo mhótar agam ar feadh na mblianta is bhíodh mo chairde á gcéasadh agam leis. Bhí dhá fho-dordaire (woofer) suiteáilte sa bhúit agam agus chasfainn an t-albam seo chun léiriú do dhaoine chomh láidir is a bhí siad. Dá suífeá sa suíochán cúil bheifeá ar snámh i ndord. Bhímis i mbun comhrá thuas chun tosaigh agus nuair a shínimis an dúidín chuig an té a bhí suite sa suíochán cúil bheadh an chuma air nó uirthi go rabhadar amú ar fad ina ndomhan féin – gan iad ach dhá throigh uait ach eispéireas eile ar fad i gceist dóibhsean. Saghas comhartha aitheantais do stíl Venetian Snares atá i gceist leis an rian ‘I Can Hear It All The Time’ ar an albam úr.
Tá Neurotic le FaltyDL le fáil anois ar cheirníní Planet Mu.