Camfheothan d’fhuinneamh diúltach a bhfuil idir ghreann agus ghráin ag baint leis atá i gceist le ceol an MC Brian Ennals as Baltimore agus a leathbhádóir éirimiúil, an léiritheoir Infinity Knives.
Bhí an t-albam deireanach dá gcuid, King Cobra, mar albam hip hap na bliana 2022 agamsa, agus roghnaigh Kneecap an bheirt mar ghrúpa tacaíochta s’acu le haghaidh camchuairte i Meiriceá ag deireadh na bliana anuraidh.
Agus a n-albam úr A City Drowned in God’s Black Tears eisithe le déanaí ar an lipéad Phantom Limb, labhair an bheirt le Ben Ó Faoláin faoi roinnt rianta ceoil a d’imir tionchar orthu agus forbairt ag teacht ar a stíl cheoil thar na blianta, agus roinnt eile a raibh tionchar díreach aige ar threo an albaim úir.
Infinity Knives (Léiritheoir Ceoil):
‘Heron Blue’ – Sun Kil Moon
Tá teideal A City Drowned in God’s Black Tears bainte ón amhrán seo. Is dócha go raibh a bhrí féin ag Mark Kozelek leis ach, domsa, is faoi chathracha amhail Baltimore agus Detroit atá sé – áiteanna ina raibh borradh faoin ngeilleagar áitiúil tráth den saol ach ar bhain an caipitleachas an croí astu agus b’éigean dóibh soláthar dóibh féin. Cathracha den saghas ina dtugtar ‘athnuachan uirbeach’ ar leagadh tithíocht shóisialta agus ag tógáil árasán nach bhfuil sé d’acmhainn ag muintir na háite iad a cheannach.
Aisteach go leor, nuair a bhí mé féin agus Brian ar chamchuairt leis an ngrúpa Éireannach Kneecap luaigh mé an grúpa Sun Kil Moon agus muid ar stáitse in Ohio. Mheas mé go mbeadh cur amach ag cúpla duine sa slua ar an ngrúpa. Ní raibh a fhios ag fiú duine amháin cad a bhí i gceist agam. Bhí sé seo in Ohio. Is as Ohio do Mark Kozelek. Tá a ionú féin ag gach rud, is dócha.
‘Sixteen Straws’ – The Drones
Dhírigh Gareth Liddiard ar sheanamhrán pobail agus rinne sé rud iontach corraitheach de, amhrán a mhothaíonn cosúil le scéal taibhsí inste ag an taibhse féin. Ní thaitníonn filíocht liom go hiondúil ach buaileann liricí Liddiard ar bhealach éagsúil mé. Tá an cumas neamhchoitianta sin aige focail a chur le chéile ar bhealach a fhágann go mothaíonn an t-éisteoir go bhfuil sé nó sí i láthair sa stair – ar nós go bhfuil greim breithe ar chúl do mhuiníl aige is é tar éis do tharraingt siar sna blianta agus iallach curtha aige ort bheith i láthair don iomaí rud gránna a thit amach. Ní raibh spéis rómhór i stair na hAstráile agamsa go dtí gur chuala mé an t-amhrán seo. Tá The Drones ar cheann de na grúpaí is gaire do mo chroí.
‘Take This Job and Shove It’ – Johnny Paycheck
Ní raibh tionchar díreach ag an amhrán seo ar ár n-albam is déanaí ach ba théama i mo shaol é ag an am. Bhí mé ag obair do na boic Shíónacha ghránna seo ag comhlacht a raibh daoine gorma ina mórchuid den lucht saothair ann. Ag hacáil guthán póca a measaim a bhí goidte a bhí mé. Chaith na comhghleacaithe geala linn, Iúdaigh óga nach raibh cleachtadh acu ar an saol mór, ar nós nach raibh ionainn ach píosaí den troscán. Ar nós go raibh a fhios acu go raibh ann do dhaoine dár leithéid agus nach rabhadar sásta an fhíric sin a aithint.
Shiúladh an saoiste thart le gunna ar a bhásta. Bhí an chuma ar a ghiolla gualainne go raibh sé tar éis na héadaí céanna a chaitheamh ón lá a rugadh é. Ansin bhí an leaid iar-IDF seo nach ndéarfaadh fiú ‘heileo’ leat. Bhí súile marbhánta aige, ar nós go raibh sé tar éis bogadh cheana féin go dtí an áit a dtéann sochapataigh nuair nach bhfuil aon ní fágtha acu le marú. Nuair a d’inis sé jóc mar gheall ar bheith ag buamáil ospidéil ba bheag nár chail mé smacht orm féin agus nár bhuail mé clabhta sna liopaí beaga tanaí air. Bhí an t-amhrán ar siúl i mo cheann nuair a d’éirigh mé as an bpost, mé ag smaoineamh an measfadh mo dhaoine muinteartha gur cheart dom cur suas leis. Tá mé ag cuartú poist ó shin.
‘Metamorphosis: One’ – Philip Glass
Tá rud éigin speisialta ag baint le Philip Glass. Mheasfá is tú ag éisteacht leis go bhfuil an t-am ag filleadh siar air féin.
‘Montana’ – Yma Sumac
Bhíodh sé de nós agam línte ramhra cócaoin a smúradh agus dul ag éisteacht leis an albam Legend of the Sun Virgin de chuid Yma Sumac. Cuireann an t-amhrán seo iontas an domhain orm i gcónaí. Is geall le suantraí é. Is uastach (maximalist) mé, measaim, ó thaobh cúrsaí ealaíne de, agus tá cumadóireacht Sumac go diail ar fad.
‘Margaritas at the Mall’ – Purple Mountains
Sampla atá san amhrán den chúis go bhfuil Purple Mountains ar cheann de na halbaim is diachraí dár chuala mé riamh. Bhí an tslí a scríobh David Berman faoi thrioblóidí an tsaoil brúidiúil, greannmhar agus brónach ag an am céanna. Ag éisteacht leis na liricí tá sé ar nós go bhfuil fonn air scéal grinn a roinnt leat, ach leath bealaigh tríd tuigeann tú gur ceap magaidh sibh beirt agus nach bhfuil an scéal greannmhar i ndáiríre. Ach amháin gur fuath liom an phian agus go bhfuil eagla orm roimh an bhás bheinn tar éis éalú ón saol seo i bhfad ó shin.
‘Runnin’ Away’ – Sly and the Family Stone
Ní amháin go ndearna Sly and the Family Stone ceol, rinne siad athshreangú ar an tslí a ndéantar ceol. Fuaimníonn ‘There’s a Riot Goin’ On’ múchta, ar nós go bhfuil sé cuachta suas in uige. Ar shlí fuaimníonn sé níos teo dá bharr. Mothaíonn an t-albam ar fad ar nós réabhlóide atá ag tarlú ar leathluas. Chuireadar buillí seinnte ar mheaisín drumadóireachta agus rithimí buailte beo ar na drumaí os cionn a chéile. Bhíodar freagrach as spéis choiteann a spreagadh sa dord boiseoige (slap bass). Ní amháin sin ach bhí rudaí ar bun acu sna 70idí a bhfuil blas na todhchaí fós orthu.
Death Certificate – Ice Cube
Albam feargach ach albam atá feargach ar bhealach straitéiseach. Ní raibh Ice Cube díreach ag scaoileadh lena chuid feirge; seo ceann de na halbaim rapcheoil pholaitiúla is fearr a rinneadh riamh agus ba cheart go mbeimís ar fad míshuaimheach go bhfuil ábharthacht fós ag baint le cuid mhaith dá raibh le rá ag Ice Cube in 1991. Ach is cinnte nach mbeimid míshuaimhneach.
Brian Ennals (Rapálaí):
‘The Dynasty Intro’ – Jay-Z
Is maith is cuimhin liom dul ar mire nuair a chuala mé buillí an riain seo den chéad uair ar oíche Shamhna na bliana 2000. Ach cé go bhfuil obair léirithe Just Blaze thar na bearta is é an véarsa atá tar éis fanacht liom go dtí an lá inniu. Sruth smaointeachais ata i gceist, Jay-Z ag dul ó bheith ag déanamh gaiscíochta go bheith ag insint scéal a bheatha, ó smaointí doimhne go raiméis.
Níor sháraigh Jay-Z an ceann seo riamh. Is taispeántas é a mbím i gcónaí ag iarraidh aithris a dhéanamh air. Sárshampla é de ráiteas misin, téis/beathaisnéis in 20 barra, abair. Tá na rudaí is tábhachtaí a bhaineann le Jay Z ar fad le cloisteáil anseo agus má iarrann duine orm iad a chur in aithne don MC is fearr dá raibh riamh ann, is é seo a sheinnim dóibh ar dtús. Ag iarraidh breith ar an bhfuinneamh seo a bhí mé ar an pbort ‘Live At The Chinese Buffet’. N’fheadar ar éirigh liom, ach seo an rian a chuir an lasair sa bharrach domsa.
‘If I Had’ – Eminem
Is breá le m0 chroí a bheith ag éisteacht le ceol Eminem nuair atáim ólta, cé go mbraithim ciontach faoi. Le bheith soiléir – braithim ciontach faoi bheith ar deargmheisce agus faoi bheith ag éisteacht le Eminem. Tá mé réasúnta siúráilte gur ag éisteacht leis seo a bhí mé nuair a chum mé an bunleagan de ‘Sometimes, Papi Chulo’. Thóg mé an loinneog athfhillteach díreach ó Eminem. Níl an truamhéala díreach chomh lom le Eminem ach tá sé ann mar sin féin.
Agus Eminem i mbarr a mhaitheasa bhí sé ar leibhéal teicniúil eile ar fad ná mar atá mise, ach bímse i gcónaí ag iarraidh rudaí a rá a bhainfidh stangadh as daoine. Bím á dhéanamh sin ar mhaithe le fírinne níos leithne nach léir don éisteoir díreach ón méid a bheadh ráite agam a thabhairt chun solais. Nuair a bhí Eminem i mbarr a mhaitheasa ní raibh duine ar bith eile chomh maith leis chun an rud sin a dhéanamh.
‘Hail Mary’ – Makaveli
Pac agus é chomh draíochta agus a bhí riamh. Seo é, rí hip hap an chósta thiar, agus é i mbun a leagan féin a chruthú de stíl Mobb Deep as an chósta thoir, é ag scaoileadh rannta uamacha uaidh (“penitentiaries is packed with promise makers”), agus a bheith gáirsiúil (“revenge is like the sweetest joy next to getting pussy”). É ar dhá thaobh na teorann idir a bheith tochtmhar agus a bheith stuacach, a bheith domhain agus a bheith nimhneach. Bímse ag iarraidh é sin a dhéanamh agus mé i mbun pinn ach táim réasúnta siúráilte go mbím níos faide ar thaobh amháin ná ar an taobh eile go minic.
‘Heaven or Hell’ – Raekwon and Ghostface
Is é Cuban Linx an t-albam hip hap is fearr riamh. Níos fearr ná Illmatic, Chronic, Ready To Die agus gach rud eile. Bím i gcónaí ag éisteacht leis agus bíonn tionchar éigin aige ar gach rud a dhéanaim. Tá 30 bliain ann ó eisíodh é ach tugaim rud éigin nua faoi deara gach uair a chloisim é. Tá sé cosúil le míreanna mearaí ina bhfuil na píosaí ag athrú de shíor nó an tromluí a bhíonn ort nuair a bhíonn fiabhras ort ach sa chás seo ní féidir leat teacht as go deo. Muna bhfuil Cuban Linx cloiste agat cuir stop le pé diabhal rud atá ar siúl agat agus cuir sin ina cheart!
‘Keep It Thoro’ – Prodigy
Ar an gceirnín seo rinne Prodigy a stíl a athrú ó bhonn. Tá idir bhagairtí casta atá lán de mhionsonraí agus bhagairtí atá chomh simplí agus brúidiúil le buille de chasúr. Nuair a chuala mé an buille dár rian féin ‘BAGGY’, spreag chomh lom (agus greanmhar) is atá an t-amhrán seo mé. Níl aon chaint ornáideach i gceist. Seo Prodigy ag baint feidhm as buneilimintí a stíle agus faic eile, agus is é an port aonair is fearr dá chuid é dá bharr. Is cuimhin liom an singil a cheannach ar cheirnín agus mé ar an ardscoil. D’éistinn leis an acapella agus leis an leagan uirlise níos mó ná an t-amhrán féin. Seans nach sárófar ‘I throw a TV at you’ riamh.