Grúpa amhránaíochta armóine é an tríréad Éireannach Rufous Nightjar. Chuir baill an ghrúpa — Branwen Kavanagh (as Twin Headed Wolf tráth), Anna Bishop agus Zoé Basha — aithne ar a chéile ag seisiúin amhránaíochta san ardchathair.
D’eitil albam gleoite début Rufous Nightjar, Songs For Three Voices, isteach i mo bhosca litreach ag deireadh mhí an Mhárta mar a bheadh fáinleog chugam ag fógairt theacht an tsamhraidh.
Deich n-amhrán nuachumtha ag Branwen atá le clos, iad cóirithe go cruinn is go cruthaitheach don amhránaíocht armóine acu i gcomhair le Bishop agus Basha.
Ós rud go raibh an saothar ar cheann de na halbaim Éireannacha is mó ar éist mé leis le linn 2024, d’iarr mé ar Rufous Nightjar insint do NÓS mar gheall ar na seacht bport is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu agus Songs For Three Voices á chumadh agus á thaifeadadh acu.
1. ‘Lily-O’ – Sam Amidon
Tá sárbhua ag Sam Amidon is cuma é ag plé le ceol traidisiúnta, stíleanna trialacha nó ag cruthú domhan as fuaim. Tosnaíonn tú in áit amháin ach ansin tugann tú fé ndeara go bhfuil tú i ndiminsean eile ar fad ón áit inar thosnaís – bíonn tú corraithe ach ag baint ana-shásamh as.
Lenár n-amhrán féin ‘Jack Wither’ theastaigh uainn daoine a thabhairt chomh fada le póirse tosaigh Jack, chun léiriú a thabhairt ar bhás a mhná céile agus go mbeadh a bhás féin i ndán dó go gearr ina dhiaidh sin.
Torann chathaoir luascáin Jack atá i gceist le díoscadh na harmóine. Tá amhránaíocht bhean Jack, agus í tar éis filleadh mar thaibhse, b’fhéidir, le clos i nguth ainglí Anna – í ag glaoch ar Jack lena chuimhní fhéin. Seans nach dtabharfá fé ndeara é ach tá aonad prásuirlisí ag seinm ag deireadh an amhráin ar nós scairt mhaothaithe ag teacht ón saol eile.
2. ‘Dinah’ – The Mills Brothers
Bhain an dream seo leis na tríréid agus na ceathairéid shiopa an bhearbóra a bhí gníomhach sna Stáit Aontaithe sna 1920idí agus sna 1930idí, i dteannta leithéidí na Boswell Sisters agus na Andrew Sisters.
Ba mhór an inspioráid ag Zoé iad agus í i mbun ár n-amhrán ‘Willows’ a chóiriú. Bhí sí ag iarraidh go mbeadh blas níos láidre den snagcheol ar an amhrán. Is í an tslí a meascann glóranna na n-amhránaithe isteach ina chéile agus na fuaimeanna spraíúla a chruthaítear leis an mbéal bun agus barr na stíle seo.
3. ‘I Get The Blues’ – Tuba Skinny
Tá Tuba Skinny ar cheann de na grúpaí is fearr in New Orleans faoi láthair. Cuireann an ceol a sheinneann siad gliondar ar do chroí. Tá an t-ádh orainn go bhfuil cúpla ball den ngrúpa seo le clos ar dhá amhrán dár gcuid, amhráin a bhfuil cóiriú déanta ag Nathan Bergman-Dean (Undertow Brass Band) orthu.
Rud a bhaineann le ceol New Orleans, agus le snagcheol thús an 20ú haois go sonrach, ná an tslí a mbítear ag dul ar strae ón bpríomhshéis agus ag filleadh uirthi arís – ag súgradh léi agus lena chéile. Tá sé sin le clos ar ‘Willows’, go háirithe, ach ar ‘Black Horses’ chomh maith.
4. ‘Caravan’ – The Mills Brothers
Más mian leat a bheith i do thrumpadóir béil ní mór duit sampla na máistrí a leanúint. Cóiriú i gceithre chuid é a dhéanann aithris ar cheathairéad. Glór an duine atá i ngach rud a chloiseann tú seachas an giotár.
Seo sampla eisceachtúil den mhéid is féidir a dhéanamh le glór an duine, conas úsáid a bhaint as mar ghléas ceoil le hiliomad dathanna, uigeachtaí, toin agus féidearthachtaí. Bímid féin ag iarraidh an smacht céanna is atá ar a nguthanna acu, chomh maith le dinimic agus cruinneas a gcur i láthair, a bhaint amach.
5. ‘Mouthwings’ – Mountain Man
Is cuma cén tréimhse de shaol Branwen a bhíonn i gceist bíonn amhráin Mountain Man ina dteannta nach mór i gcónaí. Tá amhráin Mountain Man canta timpeall tinte acu i gcomhluadar strainséirí ar tharla na páirteanna a bheith ar eolas acu, ag seisiúin cheoil, ar chúinní sráideanna in New Orleans agus nuair a bhailíonn siad féin agus a gcairde le chéile.
Ba mhór an inspioráid ag Branwen ina gcuid scríbhneoireachta na hamhráin seo a bhfuil trí pháirt i gceist leo toisc gur theastaigh uathu amhráin a chumadh a chruthódh naisc idir strainséirí – agus go mbeadh a saol féin ag na hamhráin.
Thug Branwen fé ndeara gur beag amhrán a cumadh go speisialta don amhránaíocht armóine, agus, go deimhin, nach rud é atá mar chuid de thraidisiún cheol séiseach na nGael.
6. ‘The Easter Tree’ – June Tabor
Amhrán é an ceann seo atá ráite ag ana-chuid amhránaithe ag seisiúin amhránaíochta i mBaile Átha Cliath. Tá vaidhb ar leith ag baint le féinmhuinín an amhránaí aonair ag canadh gan tionlacan a bheireann greim ort mar éisteoir.
Níl gá le curfá ag amhrán den saghas seo. Tá sé foirfe mar atá. Is rud fíorspeisialta é an tost a thagann ar an slua nuair a chanann amhránaí aonair in Éirinn. Cé nach amhrán Éireannach é seo, spreag íomhánna agus dorchadas spraíúil na bhfocal, nach mór, spéis Branwen mar scríbhneoir amhrán. Ba í Zoe an chead duine a chualadar á chanadh, siar sa bhliain 2013.
7. ‘Presentiment’ – Emahoy Tsegué Maryam Guèbrou
Bean rialta Aetópach ab ea Emahoy, agus cumadóir is ceoltóir. Ba mhór an ionsparáid againn a stíl fhánach ornáideach neamhrithimeach i gcás nótaí pianó tobcumtha ar ár n-amhrán ‘Out In The Garden’.