Is beag léiritheoir a chuaigh chomh domhain sin isteach sa dufair i mbliana is a chuaigh na léiritheoirí jungle, Tim Reaper agus Kloke, ar an albam In Full Effect a d’eisigh ceirníní Hyperdub le déanaí.
Taobh le leithéidí Sully, Coco Bryce agus Dead Man’s Chest (gan trácht ar cheirníní Rua Sound na Gaillimhe), tá Reaper agus Kloke freagrach as an athbheochan ar an gceol jungle atá le sonrú le blianta beaga anuas.
Labhair Kloke le NÓS agus d’inis sé dúinn faoi seacht gcinn de na seanrianta jungle/hardcore is mó a thugann sásamh dó féin is Reaper, agus a spreagann iad chun ceol a léiriú ar nós gur 1994 atá ann!
Tom & Jerry – Programme 205
Is breá liom cé chomh fíorthrialach is a bhíonn poirt Tom & Jerry i gcónaí ach é fós an-fhurasta agus an-sásúil a bheith ag éisteacht leo. Agus iad ag meascadh rogha eilimintí a mheasfá a bheith randamach le chéile, is ait an port é seo ach éiríonn go hiontach leis.
The Prodigy – Your Love (Remix)
Ceann de na poirt is ansa liom ón albam Experience, é lán go béal le loinneoga láidre agus cruthaitheacht. Eiseamláir atá ann den saghas sin popamhráin-breakbeat-ar-an-taobh-tuathail a bhíodh le clos ag tús na 1990idí agus a raibh The Prodigy go hiontach chuige. Níl sé éasca an oiread seo fuinnimh agus scleondair a chur in iúl le ceol leictreonach. Héadónachas ceoil amach is amach agus díreach an méid ceart cáise ann.
Chaos & Julia Set – Use Of Weapons Vol 1
Is deacair a chreidiúint go raibh rianta mar so á gcruthú 30 bliain ó shin. Is féidir ceol iontach a chruthú ar theicneolaíocht os na 90idí ach cur chuige tionscantach samhlaíoch a bheith agat. Tá an fhuaim seo tar éis aibiú ar nós togha an fhíona, agus ar chuma éigin tá blas níos todhchaíche air inniu ná mar a bhí thiar in 1994.
DJ Krome & Mr Time – The Licence (Krome & Time Remix)
Port atá spraíúil ach dáiríre san am céanna. Tá na teicnící léirithe sin ar fad a raibh máistreacht ag Krome & Time orthu le clos: buillí amen gearrtha agus athchóirithe go deaslámhach, guthanna a ndearnadh timestretch orthu agus dordlínte doimhne dainséaracha.
DJ Crystl – Warpdrive
Ceol ina mbuaileann diostóipe an tírdhreacha uirbigh agus útóipe chomhthimpeallach an cheoil nua-aoise in éadan a chéile. Taobh leis na rianta ‘Your Sound’ de chuid J Magik agus ‘The Crane’ le Source Direct, tá buillí ‘Warpdrive’ ar cheann de na patrúin amen is nótáilte agus is íocónaí a cuireadh ar cheirnín riamh.
Rogue Unit – Dance Of The Sarooes
Breaks teanna, cnagcheol spásúil agus séiseanna a bhfuil blas samhrata ‘snagcheolúil’ orthu ach le rúinín den dorchadas i bhfolach iontu freisin. Bíonn anam sa cheann is tú ag éisteacht leis ar chluasáin go háirithe.
Natural Mystic – Got To Have Ya
Is furasta i gcónaí rianta Digital a aithint. Tá rud éigin faoin tslí a ngearrann sé a chuid breaks, agus an EQ a chuireann sé orthu leis na dordlínte dubcheoil leathana sin ag greamú gach rud le chéile. An t-aon rud atá ag teastáil ná roinnt maisíocht fuaime simplí, guth sampláilte agus roinnt cnaguirlisí breise, rud atá déanta go foirfe aige ar an rian seo. Simplí ach marfach.
Tá In Full Effect le fáil anois ar cheirníní Hyperdub.