Ar Chúl an Albaim…

Thug Aeons, grúpa leictreonach Muireann Nic Amhlaoibh agus Pádraig Rynne, dhá dhuais leo ag Gradaim NÓS 2017. Ní bheadh aon iontas orm dá mbeadh siad san iomaíocht don duais ‘Albam na Bliana’ ag gradaim na bliana seo agus a bhfadsaothar début ilchineálach uaillmhianach, Fís, eisithe le déanaí acu.

Do ‘Ar Chúl an Albaim’ na seachtaine seo d’inis Muireann Nic Amhlaoibh dom faoi na seacht bport is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus Fís á chumadh agus á thaifeadadh aici.

1. CharliXCX – ‘Backseat’

Táim ag éisteacht le CharliXCX le tamaillín anois, amhránaí suimiúil í a mheascann gnéithe den phop, den phunc agus den cheol leictreonach. Is breá liom an rithim i gcúl an ghutha anseo, agus go bhfuil an príomhfhonn ag stopadh agus ag tosnú – cruthaíonn sé teannas iontach. Éiríonn sé níos dorcha agus níos láidre fé mar a théann sé ar aghaidh. Dordnótaí salacha! Nótálta sa mhótar leis na callairí curtha suas!

2. James Blake – ‘Radio Silence’

Is ealaíontóir fíorchumasach an fear seo. Tá sé ildánach, nuálach agus ní haon ionadh dom go bhfuil éileamh mór air mar léiritheoir ag leithéidí Beyoncé agus Kendrick Lamar. Is aoibhinn liom a ghuth agus an chodarsnacht idir an amhránaíocht agus an ceol cúlra. Deirtear nach féidir mothúcháin a léiriú i gceol leictreonach ach is cinnte gur féidir agus tá sé le clos go láidir sa rian seo.

3. Transviolet – ‘Girls Your Age’

Tháinig mé ar an ngrúpa seo agus mé ar camchuairt i Meiriceá roinnt blianta ó shin. Mheall glór an amhránaí mé agus an úsáid chruthaitheach a bhaineann sé as a ghuth. Is fiú éisteacht leis an gcúpla rian atá taifeadta acu go dtí seo. Coiriú drámatúil, corraitheach. Táim cinnte go mbeidh a thuilleadh le clos uathu.

4. Clinton Shorter – ‘District 9 Soundtrack

Is breá liom sci-fi agus éistim le han-chuid fuaimrianta. D’imigh an ceann seo go mór i bhfeidhm orm, mar aon leis an scannán féin. Tá an amhránaíocht ársa, príomhúil dochreidte maith agus tagann an ceol isteach go mall, éifeachtach. Taitníonn sé liom a bheith ag éisteacht leis an gceol atá i dteangacha eile chomh maith – bíonn sé leadránach a bheith ag éisteacht leis an mBéarla an t-am ar fad! Tá amhránaíocht thraidisiúnta eile fíorspéisiúil dom, agus an ceol domhanda. Cuirim spéis sna difríochtaí atá eadrainn ar fad, agus go háirithe conas mar a úsáidtear an guth agus cad is féidir liom foghlaim uathu.

5. Max Richter – ‘On the Nature of Daylight’

Fuaimrian eile é seo ón gcumadóir Max Richter. Cé go bhfuil sé le clos i gcúpla scannán, chuala den gcéad uair é nuair a chonac Arrival (a thuilleadh sci-fi!). Tá sé ar nós scannáin é féin sa tslí a dtógann sé ar thuras tú. Ní féidir liom éisteacht leis gan na deora a bheith liom.

6. Daft Punk – ‘Doin it Right’

Banger mór millteach! Táim i ngrá leis an ngrúpa Francach Daft Punk ó bhíos im mhac léinn i mBaile Átha Cliath 20 bliain ó shin. Tá tuiscint nach beag acu ar armóin, rithim, agus conas daoine a chur ag rince. Cinnte tógann siad smaointe ó leithéidí Kraftwerk agus ceol na 70í ach nach cuma, oibríonn sé! Bhí an t-albam ‘Discovery’ mar fhuaimrian ár mbainise!

7. Lykke Li – ‘I Follow Rivers’

Cuireann an rian seo na 80í i gcuimhne dom – i slí mhaith! Is as an tSualainn do Lykke Li, agus táim i ngrá le popcheol Chríoch Lochlann, ag dul chomh fada siar le A-ha na 80í go Sigrid na ré seo. Tá an rian seo aerach, dóchasach, áthasach. Ceann chun do chroí a ardú!


Fís le fáil i siopaí ceoil agus ar leathanach Bandcamp an lipéid Ropadope.

SCÉALTA EILE