Ar Chúl an Albaim..

Cuireadh bac oifigiúil ar amhránaithe ban canadh go poiblí os comhair lucht éisteachta fireann san Iaráin i ndiaidh réabhlóid na bliana 1979. Tháinig deireadh tobann le ré órga phop-cheol na hIaráine dá bharr.

Roghnaigh roinnt amhránaithe ban fanacht ina dtost. Thug cuid eile acu a gcosa leo thar lear — réaltaí an phop-cheoil Pheirsigh ar nós Googoosh agus Ramesh ina measc (cé nár chan Ramesh riamh arís).

Theith tuismitheoirí Liraz Charhi go hIosrael roimh theacht na réabhlóide. De shliocht Giúdach Iaránach í Liraz, agus cé nár thug sí cuairt riamh ar thír a sinsear, ba é spiorad na tréimhse roimh 1979, nuair a bhíodh ceoltóirí Iaránacha ag cruthú pop-cheoil ar ghléasanna traidisiúnta Peirseacha, a spreag Liraz chun a halbam début Naz a thaifeadadh.



Á léiriú i dteannta Rejoiner, Iosraeleach a bhíonn ag cruthú ceoil don lipéad hip-hap Meiriceánach Stone’s Throw, is cleamhnas binn é Naz idir buillí leictreonach agus pop-cheol Peirseach. Canann Liraz sa teanga Peirseach Fairsis agus í ag plé ról na mban i sochaí na hIaráine ina cuid amhrán. Fís den saol níos saoire a bhíodh ag mná na tíre, tráth, mar a a nochtaigh ceol Googosh do Liraz í.  

 “Tá na béasa deasa seo ag mná Íaránacha.  Tá ort a bheith deas le d’fhear chéile, deas le do chlann, an-mhúinte. Ní raibh taithí agam ach ar an ról sin,” a dúirt  sí. 

D’inis Liraz do Ar Chúl an Albaim faoi na seacht bport is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus Naz á chumadh agus á thaifeadadh aici.


Johnny Cash – ‘Hurt’

Is faoi  gcrá agus faoin aiféala liricí an amhráin seo. Chabhraigh siad liom fás agus forbairt mar dhuine.  Is mór an chabhair í, mar ealaíontóir, féachaint siar ar a bhfuil déanta agat chun tuiscint a fháil ar conas jab níos fearr a dhéanamh amach anseo.

Kate Bush  – ‘Running Up That Hill (A Deal With God)’

Tá grá mór agam do Kate Bush! Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sí in ann aon rud a dhéanamh ach fós is duine an-umhal í. Is breá liom an t-amhrán seo ina dtéann sí sa tóir ar bheanna an tsaoil. 

Googoosh – ‘Hala Bavar’

Is éGoogoosh an t-amhránaí Iaránach is cumhachtaí agus is iontaí amuigh, is mo thuairim. Ba údar scannail in Iaráin a glór aoibhinn agus go mbíodh sí ag aisteoireacht i scannáin. Ó thit réabhlóid na hIaráine amach, tá sí tar éis a bheith gníomhach mar ealaíontóir lasmuigh den  tír amháin.  I dtír nach bhfuil glór ag mban ann níor ghéill sí.

Roghnaigh mé leagan de ‘Hala Bavar’ a chanadh ar m’albam úr, Naz. Amhrán é faoi chomh deacair is atá sé teacht ar do chiall nuair a thiteann drochrud amach de thoradh an ghrá. Is é an mórathrú a tháinig ar an Iaráin mar thír de bharr na réabhlóide comhthéacs mo leagain féin.

Joni Mitchell – ‘Both Sides Now’

Is féidir éisteacht leis an amhrán arís is arís eile gan éirí braon de  — na liricí, a glór agus a pearsantacht. Ar nós go bhfuil sí do mo scaoileadh isteach ina domhan, ag ligean dom na ceisteanna is mó a chur gan aon chomharthaí ceiste.

Peter Gabriel – ‘Passion’

Is breá liom a bheith ag éisteacht le fuaimrianta scannán.  Mar aisteoir bím ag iarraidh breith ar gach gné den charachtar. B’shin an chúis ar éist mé leis an albam seo, agus an port ‘Passion’ go háirithe. Foinse inspioráide é an rian seo a chabhraíonn liom léamh a fháil ar fholadh agus ar chiall gach róil a thugaim fé.

Tori Amos – ‘Hey Jupiter’

Canann Tori an t-amhrán so chomh bog, nádúrtha sin go mbraithim gur cara liom í agus mé ag éisteacht leis. Mothaím go bhfuil sí ag nochtadh a tuairimí domsa amháin. Bhí mé san airm nuair a tháinig mé ar an amhrán seo den chéad uair, agus thuigeas ar an toirt go mbeidh mo mhonalóg inmheánach ar an modh is fearr chun ligean don éisteoir aithne a chur orm.

Sade – ‘Soldier of Love’

Tá meas nach beag agam ar Sade. Ar feadh tamaill de bhlianta níor éist mé in aon chor léi, ach sa rian seo d’aimsigh mé slí chumhachtach, bhanda le mé féin a chur i láthair. Tuigim agus mothaím chumhacht Sade mar bean, agus is féidir an rud atá á iarradh aici a lorg dom féin gan eagla.


Éist le seinnliosta Spotify ‘Ar Chúl an Albaim’ le Liraz anseo. 


Naz  le fáil anois ar lipéad Dead Sea Recordings

SCÉALTA EILE