Love Over Will – Alex Smoke
Níl aon amhras ach go bhfuil bua ar leith ag an léiritheoir techno Alex ‘Smoke’ Menzies as Glaschú na hAlban chun riachtanais lucht rince na gclubanna a shásamh – éist le func-cheol roctha leictreonach ‘Meany’ón albam Paradolia – ach ní shin dearbhfheidhm Love Over Will.
Ar éigean dhéanfá píosa rince leis an mórchuid de Love Over Will – seans go mbrisfidh an gol ort ina ionad.
Sea, is saothar dubhach dorcha é Love Over Will.
Tá díomá Menzies leis an tsochaí chomhaimseartha go tréan mar théama ann, bíodh sé ag tagairt do chás an sceithire Edward Snowdon (‘Fall Out’), cás na n-imirceach (‘Astar Mara’, nó “aistear mara”), nó na mílte fear gorm i ngéibheann i bpríosúin SAM as mion-choireanna (‘Yearning Mississippi’).
Maireann an t-ornáideachas agus dearadh fuaime ealaíonta a bhí riamh mar ghné de cheol Alex Smoke ar Love Over Will, ach is é glór Menzies féin, faoi throm-phróiseáil leictreonach, príomhuirlis an albaim.
Fiú nuair a chiallaíonn comhbhrú digiteach nach féidir focail an fhir a dhéanamh amach, tá a mhothúcháin soiléir le tuiscint agus níl aon athrú ar bhlas an cheoil i gcás an dá rian ionstraime (‘Galdr’ agus ‘Love Over Will’) ach oiread.
Níl aon cháineadh i gceist le rá go gcuirfidh Love Over Will masmas intinne de shaghas ort.
Mar atá fíor i gcás albaim mar Closer (1980) de chuid Joy Division, is scoth an cheoil é ach an giúmar ceart a bheith ort le tabhairt faoi.
Mar fhocal scoir, tugann na Spáinnigh “música sadtronica” ar cheol den saghas seo.
Bíodh an téarma “ceol leic-bhrónach” ag na Gaeil?